Imreoidh Gaillimh in aghaidh Loch Garman i gCraobh Iomána Laighean Dé Sathairn
Le Jamie Ó Tuama
Tá cúrsaí ag gabháil i ndéine sna craobhchomórtais iomána agus níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil am na cinniúna buailte le go leor de na foirne a bheidh ag imirt an deireadh seachtaine seo. 32 foireann ar fad a imreoidh sna sé chraobhchomórtais iomána uaidh seo go ceann cúpla lá.
Craobhchomórtas Iomána Laighean
Imreofar trí chluiche i gCraobh Iomána Laighean Dé Sathairn. Tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Loch Garman i Staid an Phiarsaigh. Tabharfaidh Aontroim aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc Uí Chorragáin agus tabharfaidh Cill Chainnigh aghaidh ar Uíbh Fhailí I bPáirc Uí Nualláin UPMC.
Is iad Cill Chainnigh agus Áth Cliath atá ag barr an ghrúpa le ceithre phointe an fhoireann. Tá dhá phointe ag Loch Garman agus ag Gaillimh. Níl pointí ar bith ag Uíbh Fhailí ná ag Aontroim. Tuigfidh siad go maith go gcaithfidh siad an bua a fháil ar an deireadh seachtaine seo má tá siad le fanacht sa rás.
Tá go leor idir chamáin ag Gaillimh agus Loch Garman an deireadh seachtaine seo agus fios maith acu go gcaithfidh siad buachan má tá sé i gceist acu an cluiche ceannais a bhaint amach.
Maidir le Cill Chainnigh agus Áth Cliath tuigfidh siad go mbeidh siad céim níos giorra don chluiche ceannais má fhaigheann siad an lámh in uachtar ar a gcéilí comhraic, Uíbh Fhailí agus Aontroim, Dé Sathairn.
Craobhchomórtas Iomána na Mumhan
Imreoidh an Clár agus Tiobraid Árann in aghaidh a chéile san aon chluiche amháin atá ar siúl i gCraobh na Mumhan i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, Dé Sathairn. Tar éis an chéad dá chluiche sa chraobh is iad an Clár agus Tiobraid Árann atá in íochtar an ghrúpa le pointe amháin an taobh. Cluiche cinniúnach é an cluiche seo don dá fhoireann.
Bhí comhscór ag an gClár le Corcaigh sa chéad chluiche craoibhe a d’imir siad ach tá brú orthu an tseachtain seo tar éis gur éirigh le Port Láirge an ceann is fearr a fháil orthu coicís ó shin i bPáirc an Bhreathnaigh.
Bhí comhscór ag Tiobraid Árann in aghaidh Luimnigh sa chéad chluiche ach cosúil leis an gClár buadh orthu sa dara cluiche, nuair a fuair Corcaigh an ceann is fearr orthu.
Fágann sé sin go bhfuil géarghá ag an dá fhoireann an cluiche seo a bhuachan.
Craobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha
Tá dhá chluiche le himirt i gCraobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn. Tabharfaidh Ceatharlach aghaidh ar Chill Dara i bPáirc Uí Chuilinn Netwatch ar 14.00 agus tabharfaidh an Iarmhí aghaidh ar an Dún i bPáirc Uí Chíosóig TEG ar 14.30. Imreoidh Laois in aghaidh Chiarraí i bPáirc Uí Mhórdha Laois Hire ar 16.00 Dé Domhnaigh.
Is iad Laois agus Ceatharlach atá ar bharr an ghrúpa le ceithre phointe tar éis dhá chluiche. Tá dhá phointe ag Ciarraí agus ag Cill Dara agus tá an Iarmhí agus an Dún fós ag fanacht ar a gcéad phointí craoibhe.
Beidh Laois ag iarraidh céim eile a thógáil i dtreo Chluiche Ceannais Sheosaimh Mhic Dhonncha an deireadh seachtaine seo
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn
Trí chluiche a imreofar i gCraobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn ar an Satharn. Tabharfaidh Dún na nGall aghaidh ar Londain i bPairc Uí Dhónaill, Leitir Ceanainn, tabharfaidh Tír Eoghain aghaidh ar Dhoire in Eoghan Ruadh, Dún Geanainn, agus imreoidh Cill Mhantáin in aghaidh na Mí i bPáirc Echelon, Eachroim.
Faoi mar a sheasann rudaí tar éis an tríú babhta de chluichí, tá Cill Mhantáin ag barr an ghrúpa le cúig phointe, tá ceithre phointe ag an Mí agus ag Doire, tá trí phointe ag Londain, dhá phointe ag Dún na nGall agus tá Tír Eoghain ag fanacht ar a gcéad phointí sraithe.
Craobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird
Imreofar dhá chluiche i gCraobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird Dé Sathairn ag tosú le hArd Mhacha in aghaidh Lú ar 12.00 agus ina dhiaidh sin le Maigh Eo in aghaidh Shligigh ar 14.00. Imreoidh Ros Comáin in aghaidh Fhear Manach Dé Domhnaigh.
Faoi mar sheasann rudaí faoi láthair tá Maigh Eo ag barr an ghrúpa le sé phointe. Ag teacht sna sála orthu tá Sligeach le cúig phointe. Tá trí phointe ag Ros Comáin, péire an fhoireann ag Lú agus ag Ard Mhacha agus tá Fear Manach in íochtar agus iad fós ag fanacht ar a gcéad phointí craoibhe. Trí chluiche ar fad atá imeartha ag na foirne go dtí seo.
Craobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair
I gCraobhchomórtas Labhraí Uí Mheachair, imreoidh Lancaisír in aghaidh Mhuineacháin, an Longfort in aghaidh an Chabháin De Sathairn agus tabharfaidh Warwickshire aghaidh ar Liatroim Dé Domhnaigh.
Is iad an Cabhán atá ag barr an ghrúpa le sé phointe. Tá an Longfort sa dara háit le cúig phointe. Tá ceithre phointe ag Muineachán agus tá trí phointe ag Liatroim. Níor aimsigh Lancaisír ná Warwickshire aon phointí go dtí seo.
Tá am na cinniúna buailte linn…
Cluichí Dheireadh na Seachtaine
Craobhchomórtas Iomána Laighean
Dé Sathairn
Gaillimh agus Loch Garman, Staid an Phiarsaigh, 15.15, RTÉ
Aontroim agus Áth Cliath, Páirc Uí Chorragáin, 16.00, GAA+
Cill Chainnigh agus Uíbh Fhailí, Páirc Uí Nualláin UPMC, 18.00
Craobhchomórtas Iomána na Mumhan
Dé Sathairn
An Clár agus Tiobraid Árann, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 18.00, GAA+
Craobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha
Dé Sathairn
Ceatharlach agus Cill Dara, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 14.00
An Iarmhí agus An Dún, Páirc Uí Chíosóig TEG, 14.30
Dé Domhnaigh
Laois agus Ciarraí, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 16.00
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn
Dé Sathairn
Dún na nGall agus Londain, Páirc Uí Dhónaill, 12.30
Tír Eoghain agus Doire, Eoghan Ruadh, 13.00
Cill Mhantáin agus An Mhí, Páirc Echelon, 14.00
Craobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird
Dé Sathairn
Ard Mhacha agus Lú, Páirc Lúthchleasa BOX-IT, 12.00
Maigh Eo agus Sligeach, Páirc Mhic Éil Hastings Insurance, 14.00
Dé Domhnaigh
Ros Comáin agus Fear Manach, Páirc de hÍde King & Moffatt, 14.00
Craobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair
Dé Sathairn
Lancaisír agus Muineachán, Ionad Barr Feabhais Bhaile an Aba, 13.30
An Longfort agus An Cabhán, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 14.00
Dé Domhnaigh
Warwickshire agus Liatroim, Páirc na hÉireann, 14.00