Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Áit i gCluichí Leathcheannais Chraobh Chorn Tailteann an sprioc an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh Luimneach agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i gCraobh Chorn Tailteann Dé Domhnaigh

Tabharfaidh Luimneach agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i gCraobh Chorn Tailteann Dé Domhnaigh

Le Jamie Ó Tuama

Áit sna cluichí leathcheannais an sprioc a bheidh ag na foirne uilig a imreoidh i gCraobhchomórtas Peile Chorn Tailteann an deireadh seachtaine seo.

Imreoidh Fear Manach in aghaidh Shligigh i bPáirc Brewster agus imreoidh Cill Dara in aghaidh Uíbh Fhailí i bPáirc Naomh Connladh Cedral Dé Sathairn. Tabharfaidh Cill Mhantáin agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile i bPáirc Echelon agus tabharfaidh Luimneach agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i bPáirc na nGael TUS Dé Domhnaigh. Beidh sárchoimhlintí idir na foirne seo uilig agus iad uilig ar thóir Chorn Tailteann.

Fear Manach agus Sligeach

Leis an gcluiche ceathrú ceannais seo a bhaint amach, d’éirigh le Kieran Donnelly agus a fhoireann buanna a fháil ar an Longfort agus ar Loch Garman sa ghrúpa agus chaill siad in aghaidh Cheatharlach. Chríochnaigh siad ar bharr an ghrúpa, áfach, rud a d’fhág sa chluiche ceathrú ceannais seo iad.

Maidir le foireann Tony McEntee, d’éirigh leo an cluiche ceathrú ceannais a bhaint amach a bhuíochas le buanna ar Thiobraid Árann agus ar Liatroim sa ghrúpa. Chaill siad in aghaidh Cill Dara sa chluiche eile sa ghrúpa. D’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Cheatharlach, ina dhiaidh sin, sa réamhbhabhta don chluiche ceathrú ceannais.

Cill Dara agus Uíbh Fhailí

Bhí bealach réasúnta compordach ag Cill Dara chuig an gcluiche ceathrú ceannais seo agus buanna acu ar Liatroim, ar Thiobraid Árann agus ar Shligeach sa ghrúpa. Chuir na buanna sin foireann Brian Flanagan díreach tríd chuig an gcluiche ceathrú ceannais. Is ó neart go neart atá siad ag gabháil.

Maidir le hUíbh Fhailí, bhain siad an cluiche ceathrú ceannais seo amach a bhuíochas le buanna ar Chill Mhantáin agus ar Phort Láirge sa ghrúpa. Chaill siad in aghaidh Laoise sa chluiche eile grúpa a bhí acu. Bhí bua compordach acu ina dhiaidh sin ar Nua-Eabhrac, áfach, sa réamhbhabhta don chluiche ceathrú ceannais seo.

Cill Mhantáin agus An Iarmhí

Bhain Cill Mhantáin an cluiche ceathrú ceannais seo amach a bhuíochas le buanna ar Laois agus ar Phort Láirge sa ghrúpa agus chaill siad in aghaidh Uíbh Fhailí. D’fhág sé sin foireann Oisín McConville ar bharr an ghrúpa agus chuaigh siad ar aghaidh díreach chuig an gcluiche ceathrú ceannais seo.

Maidir leis an Iarmhí, fuair siad an ceann is fearr ar Aontroim agus ar Londain sa ghrúpa agus chaill siad in aghaidh Luimnigh. Bhí bua cuimsitheach ina dhiaidh sin acu ar Laois leis an gcluiche ceathrú ceannais seo a bhaint amach.

Luimneach agus Loch Garman

Chríochnaigh Luimneach ar bharr Ghrúpa 3 leis an gcluiche ceathrú ceannais seo a bhaint amach. Bhí buanna acu ar an Iarmhí, ar Aontroim agus ar Londain. Bheadh Jimmy Lee an-sásta leis an gcaoi a bhfuil rudaí ag gabháil dá fhoireann go dtí seo.

Maidir le Loch Garman, bhí bua acu ar an Longfort, bhí comhscór acu le Ceatharlach agus chaill siad in aghaidh Fhear Manach sa ghrúpa. Ina dhiaidh sin, thug siad aghaidh ar Aontroim, áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic leis an gcluiche ceathrú ceannais a bhaint amach.

Bhuaigh an Iarmhí an chéad Craobh Chorn Tailteann thiar sa bhliain 2022 ach níl an chraobh seo buaite ag aon cheann eile de na foirne atá fágtha i gcraobh na bliana seo. D’éirigh le hUíbh Fhailí agus le Sligeach na cluichí leathcheannais a bhaint amach roimhe seo, mar sin féin.