Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gaeilge

Ainmniúcháin le haghaidh Ghradaim All-Star PWC fógartha

Ryan O'Donoghue, Kobe McDonald agus Darragh Beirne ag ceiliúradh tar éis do Mhaigh Eo Craobh Shinsear Peile na hÉireann a bhuachan i mí Iuil.

Ryan O'Donoghue, Kobe McDonald agus Darragh Beirne ag ceiliúradh tar éis do Mhaigh Eo Craobh Shinsear Peile na hÉireann a bhuachan i mí Iuil.

Fógraíodh na hainmniúcháin do Ghradaim All-Star Peile PWC an tseachtain seo. Ba iad peileadóirí Mhaigh Eo ba mhó a fuair ainmniúcháin – 11 ceann ar fad – tar éis dóibh Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thabhairt ar ais go Maigh Eo don chéad uair le seachtó cúig bliain anuas i mbliana.

Imreoirí ó 12 contae ar fad a fuair ainmniúcháin. Taobh amuigh den 11 ainmniúchán sin ó Mhaigh Eo bhí seachtar ó Chiarraí, cúigear ó Áth Cliath, ceathrar ón Iarmhí, triúr ó Mhuineachán, Ard Mhacha agus ó Lú, beirt ó Ros Comáin, Chorcaigh, Ghaillimh agus ó Thír Eoghain agus duine amháin ó Dhún na nGall.

Is iad Ryan O’Donoghue agus Jack Carney, Maigh Eo, agus David Clifford, Ciarraí, atá ar an ngearrliosta do Pheileadóir na Bliana. Dara McDonnell, Lú, chomh maith le Darragh Beirne agus Kobe McDonald, Maigh Eo, atá ainmnithe ar an ngearrliosta do Pheileadóir Óg na Bliana.

Ba ghrúpa comhfhreagraithe de chuid na gCluichí Gaelacha a raibh ionadaíocht déanta acu ar na meáin chlóite, raidió, teilifíse agus dhigiteacha a roghnaigh na hainmniúcháin do na Gradaim All-Star agus ba é Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, a bhí ina chathaoirleach ar an ngrúpa. Is í seo an 55ú bliain de na gradaim seo a bheith ar an bhfód ag gabháil siar chomh fada le 1971.

Bronnfar Gradaim All-Star PwC ag ócáid mhór san RDS i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair. Craolfar an ócáid beo ar RTÉ.

Na hainmniúcháin le haghaidh Ghradaim All-Star Peile PwC:

Cúl Báire

  1. Rory Beggan (Muineachán)
  2. Jack Livingstone (Maigh Eo)
  3. Shane Murphy (Ciarraí)

Cúlaithe

  1. Sam Callinan (Maigh Eo)
  2. Jack Coyne (Maigh Eo)
  3. Enda Hession (Maigh Eo)
  4. David McBrien (Maigh Eo)
  5. Donnacha McHugh (Maigh Eo)
  6. Jason Foley (Ciarraí)
  7. Michael Breen (Ciarraí)
  8. Jarlath Óg Burns (Ard Mhacha)
  9. Tiernan Kelly (Ard Mhacha)
  10. Dara McDonnell (Lú)
  11. Craig Lennon (Lú)
  12. Ronan Wallace (An Iarmhí)
  13. Matthew Whittaker (An Iarmhí)
  14. David Byrne (Áth Cliath)
  15. Charlie McMorrow (Áth Cliath)
  16. Tommy Walsh (Corcaigh)
  17. Niall Devlin (Tír Eoghain)
  18. Dylan Byrne (Muineachán)

Imreoirí Lár Páirce

  1. Jack Carney (Maigh Eo)
  2. Mark O’Shea (Ciarraí)
  3. Conn Kilpatrick (Tír Eoghain)
  4. John Maher (Gaillimh)
  5. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
  6. Michael Langan (Dún na nGall)

Tosaithe

  1. Darragh Beirne (Maigh Eo)
  2. Ryan O’Donoghue (Maigh Eo)
  3. Kobe McDonald (Maigh Eo)
  4. Jordan Flynn (Maigh Eo)
  5. David Clifford (Ciarraí)
  6. Paudie Clifford (Ciarraí)
  7. Dylan Geaney (Ciarraí)
  8. Niall Scully (Áth Cliath)
  9. Con O’Callaghan (Áth Cliath)
  10. Darragh Heneghan (Ros Comáin)
  11. Diarmuid Murtagh (Ros Comáin)
  12. Sam McCartan (An Iarmhí)
  13. Brandon Kelly (An Iarmhí)
  14. Steven Sherlock (Corcaigh)
  15. Stephen O’Hanlon (Muineachán)
  16. Ciarán Downey (Lú)
  17. Oisín Conaty (Ard Mhacha)
  18. Robert Finnerty (Gaillimh)

Ainmniúcháin le haghaidh Pheileadóir na Bliana de chuid PwC CLG GPA

  1. David Clifford (An Fosadh, Ciarraí)
  2. Ryan O’Donoghue (Béal an Mhuirthead, Maigh Eo)
  3. Jack Carney (Cill Mhíona, Maigh Eo)

Ainmniúcháin le haghaidh Pheileadóir Óg na Bliana de chuid PwC CLG GPA

  1. Darragh Beirne (Clár Chlainne Mhuiris, Maigh Eo)
  2. Kobe McDonald (Crois Mhaoilíona Fánaithe na Daoile, Maigh Eo)
  3. Dara McDonnell (Naomh Máirtín, Lú)