Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

55 bonn FSMD bronnta ar chlubanna CLG

Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, agus Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy, in éineacht le baill de chuid Chumann Iománaíochta Bhearna - Na Forbacha

Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, agus Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy, in éineacht le baill de chuid Chumann Iománaíochta Bhearna - Na Forbacha

Bhronn Ambasadóir Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Paul Conroy, agus Pat Carey, Cathaoirleach Ghlór na nGael, 55 bonn ar chlubanna CLG mar aitheantas ar a gcuid oibre agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu ina gcuid clubanna. Ba i bPáirc an Chrócaigh a bhí an ócáid bhronnta oíche Dé hAoine seo caite, 2 Nollaig.

Bronnadh an méid is mó bonn riamh ag ócáid na bliana seo, rud a tharla go díreach mar gheall ar an ardú suntasach atá tagtha ar rannpháirtíocht sa scéim go náisiúnta. Sé bhonn chré-umha agus tríocha a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid déag agus trí bhonn óir.

Ina hóráid ar an oíche, mhol Gráinne McElwain, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, an obair atá déanta ag na clubanna. Dúirt sí go raibh rian na Fondúireachta le feiceáil i gclubanna de chuid CLG ó cheann ceann na tíre – idir chomharthaíocht Ghaeilge, laethanta teaghlaigh, ranganna Gaeilge, tráthanna ceisteanna agus go leor eile.

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an scéim le bliain anuas agus go bhfuil béim ar leith á cur ar an ngluaiseacht náisiúnta agus an ar an gcomhpháirtíocht idir chlubanna. Baintear seo amach trí fhóraim rialta idir chlubanna, comhimeachtaí le comhairlí áitiúla, agus Blitzchomórtas Náisiúnta na Fondúireachta, atá tosaithe i mbliana.

Rinne sí comhghairdeas ach go háirithe leis na trí chlub a bhain bonn óir amach in 2022, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha leis an tiomantas agus leis an dílseacht a léirigh siad don Ghaeilge, agus leis an gcomhoibriú lena gcuid pobal áitiúil.

Is in ómós do Sheosamh Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach i gCumann Lúthchleas Gael. Mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach, agus ina chathaoirleach, ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Thíos tá liosta de na clubanna uilig ar bronnadh duaiseanna orthu. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg nó ó Rannóg Ghaeilge Shuíomh Idirlín CLG anseo:

Bonn Óir:

Cumann Iománaíochta Bhearna /Na Forbacha, Gaillimh

Na Gaeil Óga, Áth Cliath

Toigh Chonnachta, An Dún

Bonn Airgid:

Droichead Mhaigh Eo, An Dún

Eoghan Rua, Cill Chua, An Dún

Ard Ghlais, An Dún

Lámh Dhearg, Aontroim

Ruairí Óg CLG, Bun Abhann Dalla, Aontroim

Raonaithe na Croise CLG, Ard Mhacha

Cill Uird CLG, Corcaigh

Mungairit Naomh Póil CLG, Luimneach

Tír na nÓg CLG, Aontroim

Roibeard Eiméid CLG, Sleacht Néill, Doire

Naomh Columba CLG, Gleann Cholm Cille, Dún na nGall

Éire Óg CLG, An Charraig Mhór, Tír Eoghain

Peil na mBan Charna, Gaillimh

An Spidéal CLG, Gaillimh

Oileáin Árann CLG, Gaillimh

Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo

Bonn Cré-umha:

An Craobh Rua CLG, An Bearach, Tír Eoghain

Naomh Feichín, Lú

Áth Troim, An Mhí

Conn Mag Aoidh, Aontroim

Mac Uílín CLG, Aontroim

Oirthear Bhéal Feirste, Aontroim

Clann Éireann, Ard Mhacha

Clogthithe Lusca, Áth Cliath

Naomh Eoin, Baile an tSaoir, Áth Cliath

Cill Mochuda Ná Crócaigh, Áth Cliath

Teach an Dá Mhíle, Cill Dara

Áth Í, Cill Dara

Cill Droichid, Cill Dara

Fíodh Alúine, Cill Dara

Na Magha CLG, Doire

Naomh Colm CLG, Baile na Scríne, Doire

Naomh Mhuire CLG, Nua Chongbháil, Doire

Gaeil Fhánada, Dún na nGall

Gaeil Leitir Ceanainn, Dún na nGall

Gaeil Inis Ceithleann CLG, Fear Manach

An Chéad Chumann CLG, An Baile Nua, Fear Manach

Cumann Mhig Uidhir, An t-Iompú, Fear Manach

Uí Chonaill CLG Doire Uí Loin, Fear Manach

Seamróga Tigh Mór, Fear Manach

Naomh Pádraig CLG, Domhnach, Fear Manach

Dún Mhór Mhic Eil, Gaillimh

Cinn Mhara, Gaillimh

Cathair Loistreáin CLG, Gaillimh

Áth an tSléibhe, Luimneach

Dún Bleisce, Luimneach

Áth Dara Peil na mBan, Luimneach

Áth Dara Camógaíocht, Luimneach

Coillte Mach CLG, Maigh Eo

Naomh Pádraig CLG, Domhnach Mór, Tír Eoghain

An Clochar Éire Óg, Tír Eoghain

Piarsaigh an Ghallbhaile, Tír Eoghain

Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, agus Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy, in éineacht le Joe Ó hEachteirn, CLG Chill Uird

Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, agus Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy, in éineacht le Joe Ó hEachteirn, CLG Chill Uird