Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Tír Eoghain ag seasamh go h-ard

Mickey Harte agus Pat Gilroy i bPáirc an Chrócaigh i 2011.

Mickey Harte agus Pat Gilroy i bPáirc an Chrócaigh i 2011.

**Le Conchúr Ó Sé **


Tá cath ollmhór ag teacht i gcluiche Leathcheannais peile na hÉireann idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain Dé Domhnaigh?

D’imríodar in aghaidh a chéile sa bhliain 2011 sa chluiche ceathrú ceannais ar lá fliuch gaofar áit ar bhuaigh Baile Átha Cliath ar scór 0-22 go 0-15 buíochas le h-ardtaispeántas ó Dhiarmuid Connolly, a d’aimsigh 0-07 d’iomlán na ‘Dubs’. Bhí an aimsir chomh dona sin gur casadh ar siúil na soilsí roimh thús an chluiche, samhraí na hÉireann!

Faoin am ar shéid an réiteoir, Joe McQuillan, an fheadóg dheireanach bhí muintir pheile na hÉireann sásta nach ndearnadh níos mó damáiste d’fhoireann a thug go leor siamsaíochta dóibh ó tháinig siad ar an bhfód.

Ba é Pat Gilroy a bhí mar bhainisteoir na príomhchathrach an bhliain sin agus bhuaigh a fhoireann corn Sam Maguire den chéad uair ó 1995 agus é i mbun an chúraim. Bhí Mickey Harte i gceannas ar Thír Eoghain don chluiche ceathrú ceannais sin agus tá sé fós ansin.

Ba léir faoin tráth sin go raibh an dá fhoireann a bhí in éadan a chéile ag dul i dtreoíochtaí difriúla le foireann óg ocrach Gilroy ag teacht chun cinn agus mórimreoirí Harte imithe i léig leis na himreoirí óga cosúil le Peter Harte rud beag mí-aibí ag an am.

Leis sin d’éirigh go leor d’imreoirí as ón bpeil a bhí mar chroílár fhoireann Harte ar feadh blianta. Brian Dooher, Kevin Hughes, Philip Jordan, Brian McGuigan, Enda McGinley agus Ciarán Gourley sa bhliain 2011.

Lean an ráig d’imreoirí ag éirí as ón bpeil idir-chontae ar aghaidh sna blianta a tháinig i gcionn ar 2011 le leithéidí Ryan ‘Ricey’ McMenamin, Joe McMahon, Conor Gormley, Pascal McConnell, Steven O’Neill, Dermot Carlin agus Martin Penrose ag crochadh na buaitaisí leo.

Chaith Tír Eoghain roinnt blianta san fhásach agus iad ag streachailt lámh a leagadh ar mhórchumhachtaí peile an lae inniu cosúil le Baile Átha Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Dún na nGall go pointe áirithe. Ba dheacair an rud é imreoirí nua a fháil le hionadú a dhéanamh ar an gcuid taithí sin.

I 2012 chuadar síos go Cill Airne ar lá álainn agus rinne Ciarraí céasadh orthu ag buachan ar scór 1-16 go 1-06. Bhí Páirc Mhic Gearailt ar nós an cholasaeim le pobal áitiúil gárthach ann a bhí ar bís le gach scór, díoltas na Ríochta tar éis cluichí móra a chailliúint dóibh i 2003,2005 agus 2008.

Chaill siad le sé phointe go Maigh Eo sa chluiche leathchraoibhe i 2013 agus bhuaigh a seannaimhde Ultacha, Ard Mhacha, orthu sna babhtaí cáilithe i 2014 rud a chruthaigh mífhoighneacht i leith fhoireann óig Harte.

Shroich siad cluiche leathchraoibhe i 2015 agus cluiche ceathrú ceannais anuraidh ach chailleadar i gcoinne Chiarraí agus Mhaigh Eo araon.

I mbliana áfach, tá rud difriúil faoin bhfoireann seo, táthar tagtha in aois agus tá níos mó taithí acu ar an stáitse mór. Léiríonn siad a gcuid poitéinsiúla go minic anois, rud a bhfuil bagartha acu ó 2015.

Tá 6-77 scóráilte acu i gceithre chluiche an samhradh seo, níl níos mó scóráilte ag foireann ar bith eile seachas Áth Cliath. Cothromaíonn sé seo amach ag 23 pointe scóráilte gach cluiche ar an meán. Sna 8 gcluiche dheireanacha i gCraobhchomórtas na hÉireann agus Uladh níl cúl géillte acu ach i bpéire dóibh agus le córas imeartha éifeachtach tá na huirlisí uilig acu le himscrúdú dian a chur ar Áth Cliath.

Ní féidir a shéanadh nach bhfuil jab den scoth déanta ag Mickey Harte, a bhfuil ina 15ú bliain mar bhainisteoir ar a chontae. Tá imreoirí cíocracha nua tagtha chun solais faoina stiúir cosúil le hAidan McCrory, Tiernan McCann, Peter Harte, Niall Sludden, Mark Bradley, Conall McCann agus Pádraig Hampsey. Táthar uilig óg agus ag imirt go smior anois mar tá lán-mhuinín acu iontu féin agus sa chóras imeartha a thug dhá chraobh Ultacha dóibh.

Is é Seán Cavanagh, a bhfuil ina bhliain dheireanach peile an t-aon nasc atá fágtha ón bhfoireann a bhuaigh Sam Maguire den chéad uair i 2003.

Faoin am seo tá sé in am dóibh an chéad chéim eile a thógáil. Leis an luas atá acu sa líne leathchúil le McCann agus Harte ag dul ar an bhfrithionsaí nuair a bhuann Tír Eoghain seilbh ar ais agus an fhisiciúlacht atá acu thart timpeall lár na páirce le Cavanagh agus Mattie Donnelly is bagairt mhór anois iad.

Tá siad aclaí, go hiontach ag cosaint ag imirt le beirt scuabadóir, agus níos tábhachtaí fós, tá an t-eispéireas acu anois.

An bhfuil an chumhacht acu an bhuile chinniúnach a bhuaileadh Dé Domhnaigh? Bhíodar leagtha amach ar an gcanbhás ach d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an gcomhaireamh.

Anois, seasann siad go hard arís.