Le Jamie Ó Tuama
Tá féasta mór peile againn daoibh an tseachtain seo ar an bpodchraoladh speisialta seo do Chluiche Ceannais Peile na hÉireann 2021. Ina measc siúd a chaitheann súil chun tosaigh ar an gcluiche ceannais seo idir Maigh Eo agus Tír Eoghain inár dteannta, tá Mark Harte agus Lorcán Ó Máirtín ó Thír Eoghain agus iarpheileadóirí Mhaigh Eo, Piaras Ó Raghallaigh agus Mairtín Conneely.
Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh uilig ANSEO:
Cuirtear podchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael ar fáil i gcomhar leis an Spota Dubh ó Raidió na Life.