Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Bua ag Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh

David Moran agus Paul Conroy i rith an gcluiche.

David Moran agus Paul Conroy i rith an gcluiche.

I glcuiche a raibh lán le seansanna i bPáirc an Chrócaigh, d’éirigh le Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar Ghaillimh chun coinne a eagrú dóibh féin i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann ag buachan ar scór 1-18 go 0-13.

Bhí an scór rud beag plámasach d’fhoireann Éamonn Fitzmaurice áfach, le Gaillimh ag cur go leor seansanna amú nuair a bhí an cuma ar ar an gcluiche go raibh sé idir dhá cheann na meá. Chlis Damien Comer agus Seán Armstrong ar na seansanna a tugadh dóibh, rud a chur foireann Kevin Walsh in ísle brí, in ainneoin iad a bheith ag imirt go maith. Ghlac Kieran Donaghy lena sheans ar chúl do Chiarraí sa chéad leath agus chuir sé seo ar a rothair iad.

Thosaigh an cluiche go tapa le Paul Murphy ag aimsiú an chéad scór do Chiarraí laistigh de dhá nóiméad. Bhí seans ar chúl ag fear Corofin, Ian Burke, ach bhrúigh cúlbáire Chiarraí, Brian Kelly, a iarracht thar an trasnán agus d’oscail sé seo cuntas na Gaillimhe.

D’imir líne leaththosaigh Chiarraí an-domhain ar fad le Donnchadh Walsh gnóthach mar is gnáth. Bhí Ciarraí ag cruthú seansanna i bhfad níos éasca sa chéad leath, le captaen na foirne, Johnny Buckley, Paul Geaney agus Kieran Donaghy ag cur ceisteanna ar líne lánchúil na Gaillimhe.

Leis sin, ní raibh cosaint Fhir na dTreibheanna ábalta na ceisteanna sin a fhreagairt agus d’aimsigh Donaghy cúl den scoth, ag bailiú na liathróide isteach dó, ag casadh i bhfad ró-éasca ar Declan Kyne agus ag seoladh na liathróide go hard isteach in eangach Bernard Power.

Cé nach raibh Gaillimh ag tapú a gcuid deiseanna, níorbh fhéidir sin a rá i gcás Ian Burke, a d’aimsigh 0-04 sa chéad leath. Choimeád Shane Walsh agus scóir ó Seán Armstrong, Ian Burke arís agus Michael Daly Gaillimh istigh sa chluiche cé go raibh drochiarracht ó chic saor ag Armstrong.

Bhí Ciarraí go mór chun cinn i lár na páirce le Johnny Heaney agus Liam Silke ag malartú róil mar scuabadóirí do Ghaillimh, rud a chiallaigh go raibh fear sa bhreis ag Ciarraí sa lár. Ní raibh dabht ar bith ann áfach gur bhreathnaigh cosaint Chiarraí leochaileach nuair a rith Gaillimh orthu le luas. Faoi leatham léigh an scór 1-10 go 1-08 i bhfábhar na Ríochta.

Fuair Seán Armstrong an chéad phointe do Ghaillimh sa dara leath ó chic saor tar éis oibre mhaith ó Michael Daly á bhuachan. Thosaigh an dá fhoireann ag trádáil scóranna ansin le David Moran agus fear Rathmore, Paul Murphy ag aimsiú do Chiarraí agus an t-ionadaí, Éamonn Brannigan agus Armstrong arís ag aimsiú do Ghaillimh. B’ardiarracht é iarracht Armstrong ag scóráil leis an gcos chlé i bhfad amach ón gcúl.

Leis an mbáisteach ag titim bhí imreoirí ag sleamhnú anseo is ansiúd agus bhí tionchar ag an aimsir ar lámhseáil na liathróide. Tháinig Gaillimh chun cinn go mór sa lár sa dara leath le Paul Conroy agus an t-ionadaí, Fiontán Ó Curraoin ag brú suas ar chiceanna amach Brian Kelly, rud a thug ardán do thosaithe na Gaillimhe. Roimhe sin bhí ar Kelly iarracht mhaith ó Armstrong a bhrú amach do chic 45 méadar.

Ach sin ráite, bhí an-iomarca cumhachta ag Ciarraí chun tosaigh le Paul Geaney, David Moran, Jack Savage agus Barry John Keane go léir ag seoladh iarrachtaí thar an trasnán chun bearna a choimeád idir na foirne. Bhí dóthain acu leo féin a stiúradh isteach go dtí an Cluiche Leath Cheannais ach is féidir a rá go mbeidh roinnt acu le hullmhú sna seachtainí ata rompu.