Séamus Mac Géidigh - Ar dheis Dé go raibh a anam
Seamus
Nuair a chroith mé lámh le Séamus Mac Géidigh go luath maidin Luan Cincíse seo caite agus bricfeásta ite againn in Ostán Ghobnatan i mBaile Bhúirne, ba bheag an cheapadh a bhí agam gurbh é sin an uair dheireanach againn a bheith i gcomhluadar a chéile.
Bhí a chuid oibre déanta ag Séamus ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus é féin agus a shean-chomrádaí Paddy Beag Mac Giolla Easpaig ag tabhairt an bhóthair ó thuaidh orthu féin. Ní raibh mé féin ag gliondáil go tráthnóna.
Tráthnóna Dé Sathairn seo caite ba dheireanaí a chuala mé a ghlór – ag tráchtaireacht ar bhua Dhún na nGall ar Mhuineachán i gCluiche Leathcheannais Uladh. Thug a chontae dúchais na cosa ar éigin leo, ach mar is dual don dea-chraoltóir ba é an chuma chéanna a bhí ar ghlór Shéamuis agus a bheadh dá mba iadsan a chaill de chúilín.
Ar an gclár a rinne Raidió na Gaeltachta in omós don tráchtaire maidin Dé Máirt, sa stiúdeo céanna inar chuir sé féin clár an lae roimhe i láthair, rinne an t-anailísí Hughie Mac Laifeartaigh cur síos ar an gcaoi a mbíodh Séamus ag áiteamh air gan ‘muid’ a thabhairt ar foireann a gcontae dúchais. Ní hé nach raibh oiread de shúil aige go ndéanfadh siad an ghaisce agus a bhí ag gach dhuine eile i nDún na nGall, ach ba é an chéad dualgas a bhí air cuntas neodrach a thabhairt dá chuid éisteoirí ar fad ar a raibh ag tarlú os a chomhair amach.
Tús áite ag freagracht na craoltóireachta ar chúrsaí sleachta.
Bhí ‘umhlaíocht’, ‘uaisleacht’, ‘gnaíúlacht’ agus ‘daonnacht’ ar chuid de na focail ba thúisce a húsáideadh le cur síos ar phearsantacht Shéamuis ar an gclár omóis sin a craoladh agus gan scéala a bháis ag sroichint na mílte a chuir aithne air ó thosaigh sé ag obair do Raidió na Gaeltachta i 1988. Chuir cainteoir i ndiaidh cainteora tuilleadh leis na focail údaí, chuile cheann acu ag cur le tréithe an fhir a bhí scioptha gan choinne uainn agus gan an ceann féin acu nach raibh tuillte go maith aige.
Rith sé liom ina dhiaidh sin nach focail a bhí iontu a d’oirfeadh do dhaoine go leor a chuireann iad féin chun cinn mar iriseoirí agus mar anailísithe i gcuid áirithe de meáin shearbha na haoise seo.
Fós, is iad na focail sin ba mhó a thugann léargas ar an gcúis nárbh aon ghnáth-dhuine Séamus Mac Géidigh.
Chaith mé cuid mhaith de dheich mbliana fichead ag obair leis agus cé go raibh os cionn 300km eadrainn, is beag lá nach labhraíodh muid lena chéile. Fós ní cuimhin liom aon aragóint a bheith eadrainn riamh.
Bhí iomarca measa ag Séamus ar dhaoine go dtiocfadh sé ar an ionsaí agus ar aon dath, bí cinnte go raibh pé plean a bhí aigesan i bhfad níos fearr ná do cheann’sa.
Dá bharr sin bhí eolas maith agam ar a raibh déanta aige dá lucht éisteachta ó thaobh craoltóireachta agus tuiscint ar a dhílseacht dóibh, ach, nó gur chuala mé an tAth. Seán Ó Gallchóir, an tAth. Brian Ó Fearraigh, Séamus Ó Briain agus a chomharsa Pádraig Mac Laifeartaigh ag caint ar an gclár sin de chuig RnaG atá luaite agam, níor thuig mé chomh mór agus a bhí Séamus sáite i ngraithí pobail i nGhort a Choirce agus i gCloich Cheannfhaola. Ach arís, ní hionadh sin, mar ní raibh rian den mhórtas ag baint leis an bhfear.
Ba uaigneach an áit iad stiúdeoanna Raidió na Gaeltachta i gCasla, i mBaile na nGall agus go háirithe ar na Doirí Beaga an mhaidin tar éis a bháis, gan aon choineáíl siar ag a chomrádaithe oibre ar na deora.
Is uaigní ná sin anois é a theach ar an Ardaí Bheag, áit a bhfuil a bhean Dolores, a mhac Dónal agus a iníonacha Éadaoin agus Póilín faoi bhrón.
Is boichte sin ar fad go mór go d’uireasa a chara dhíl, Gaelach. Sólás agus faoiseamh dóibh siúd atá faoi uaigneas i do dhiaidh agus ar dheislámh Dé go raibh tú féin
**Mártan Ó Ciardha **