Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Stair cruthaithe ag Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh

Dublin v Kildare - Leinster GAA Football Senior Championship Final

Dublin v Kildare - Leinster GAA Football Senior Championship Final

Le Conchur Ó Sé

D’éirigh le foireann peile Bhaile Átha Cliath stair a chruthú i bPáirc an Chrócaigh inniu i gcoinne Chill Dara ag buachan ar scór 2-23 go 1-17 os comhair slua de 66,734 duine. Leis seo is iad Baile Átha Cliath an chéad fhoireann Laighneach a bhfuil tar éis Craobh Laighean a bhuachan don seachtú huair as a chéile.

Ba é seo an chéad uair ó 2009 inár chas an dá fhoireann seo ar a chéile i gCraobh Laighean agus cé gur bhuaigh Áth Cliath le 9 bpointe is fíor le rá go raibh Cill Dara iomaitheach agus beidh Jim Gavin sásta leis an dúshlán a tugadh dóibh agus beidh ceisteanna le freagairt aige don chéad lá eile.

D’aimsigh an fear ó Johnstownbridge, Daniel Flynn an chéad scór nuair a bhuaigh Cill Dara seilbh timpeall lár na páirce, cuireadh isteach go tapa go Flynn é, chas sé agus chuir sé an liathróid go cruinn thar an trasnán.

Thosaigh Cill Dara réasúnta maith ag cur brú mór ar chiceanna amach cúlbáire Bhaile Átha Cliath, Steven Cluxton le Kevin Feely ag buachan seilbhe i lár na páirce. D’aimsigh Paul Mannion an chéad scór d’Áth Cliath tar éis oibre mhaith ón bhfear óg ó Cuala, Con O’Callaghan.

Bhí O’Callaghan iontach tríd is tríd an chluiche ar fad, ag bogadh go tapa, ag rith leis an liathróid lena chuid luais, ag úsáid a chuid scileanna uilig go cruinn agus ag cruthú fadhbanna do chosaint Chill Dara. Chríochnaigh sé le 0-12 lena ainm.

Cé gur thosaigh Cill Dara go maith, tháinig deireadh leis seo nuair a ghearr Ciarán Kilkenny tríd lár chosaint na Lilywhites chun an liathróid a thabhairt do Dean Rock, a chríochnaigh go slachtmhar isteach go cúinne chúl Mark Donnellan.

Bhí chuile dhuine ag smaoineamh an n-osclódh geataí chosanta Chill Dara mar a d’oscail siad i 2015 agus 2013 in aghaidh na Dubs agus tugadh an freagra don slua nóiméad níos déanaí nuair a rith James McCarthy ar ruathar suas na páirce, ghlac sé le pas O’Callaghan agus shleamhnaigh sé an liathróid faoi chosa Mark Donnellan. 2-03 go 0-01 tar éis 13 nóiméad.

Bhí Áth Cliath rud beag caifeach chun tosaigh ag cur roinnt iarrachtaí ar seachrán ach bhíodar go mór chun cinn i lár na páirce. Nuair a bhí Flynn réidh le scóráil do Chill Dara chuir James McCarthy gualainn ollmhór isteach chuige, chuaigh Baile Átha Cliath ar an bhfrithionsaí agus chríochnaigh O’Callaghan an ghluaiseacht thapa seo ag scóráíl go néata thar an trasnán.

Chuir an réiteoir, Anthony Nolan, Dean Rock ón bpáirc roimh dheireadh an chéid leath le cárta dubh tar éis dó callaois a dhéanamh ag tarraingt síos Mick O’Grady. Tháinig Bernard Brogan ar an bpáirc agus chríochnaigh sé le 0-05, ag déanamh cinnte go mbeidh sé ar intinn Jim Gavin don chluiche ceathrú cheannais. Ba é buaicphointe an chéid leath ná scór Daniel Flynn lasmuigh dá chos dheis faoi Ardán Uí hÓgáin thar an trasnán. Faoi leatham bhí Áth Cliath chun tosaigh ar scór 2-08 go 0-10.

D'oscail O’Callaghan cuntas Bhaile Átha Cliath don dara leath le cic saor tar éis do Philly McMahon obair chrua a dhéanamh ag buachan cic saor ach d’fhreagair Cill Dara ar an toirt trí Niall Kelly ó Athy tar éis do Cathal McNally láimhe mhaithe a thaispeáint.

Lean na scóranna ag teacht d’fhoireann Jim Gavin le Paddy Andrews agus Brogan arís á n-aimsiú. Nuair a bhris buachloch Chill Dara, Daniel Flynn, tríd lár chosaint Áth Cliath scaoil sé leis an liathróid i dtreo chúl Cluxton ach shábháil Cluxton é agus bhris Baile Átha Cliath leo le James McCarthy agus treoraí na himeartha, Ciarán Kilkenny, bhuadar cic saor agus scóráil O’Callaghan é.

Ba í an ghluaiseacht seo a léirigh an bearna idir na foirne. Tá Cill Dara ag teacht gan dabht ach léirigh Áth Cliath a gcuid inniúlachta, má raibh Flynn ábalta an cúl a aimsiú ansin bhí 3 phointe eatarthu, ach tar éis an chuid sin den imirt bhí bearna 7 bpointe idir an dá fhoireann.

Lean foireann Cian O’Neill leo ag imirt agus ag aimsiú scóir trí chiceanna saora ó Kevin Feely agus scóir Fionn Dowling agus d’aimsigh siad cúl ó Paddy Brophy in am breise ach tháinig sé ródhéanach dóibh.

D’fholmhaigh an bheirt bhainisteoir a gcuid binsí chun tionchar a imirt ar an gcluiche le O’Neill ag iarraidh taithí Emmet Bolton agus Éamonn Callaghan a thabhairt isteach agus Gavin ag iarraidh a scuad mór a choinneáil sásta le nóiméid ar an bpáirc. Chuir Gavin Brian Howard, David Byrne, Darren Daly agus Kevin McManamon ar an bpair le linn an dara leath Cuireadh Feely ón bpáirc le cárta dubh ach bhí an cluiche thart faoin am seo.

Stair cruthaithe ag Áth Cliath cinnte ach beidh Jim Gavin ag díriú a chuid smaointe agus a fhoireann anois ar Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann ar an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Lúnasa cheana fein. Díreoidh Cill Dara ar bhabhtaí cáilithe de Chraobhchomórtas na hÉireann.