Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Leathchraobh Peile Chúige Laighean

Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-19 go dtí 0-10 anuraidh.

Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-19 go dtí 0-10 anuraidh.

Conchúr Ó Sé

Beidh peileadóirí Bhaile Átha Cliath ar ais i gCeanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael Dé Domhnach beag seo, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar fhoireann na hIarmhí i leathchraobh Peile Chúige Laighean.

Níl aon dabht ann gurb iad Baile Átha Cliath an fhoireann is ceannasaí i gCúige Laighean le blianta beaga anuas; táthar ag súil le haghaidh a thabhairt ar Chraobh Laighean don seachtú uair as a chéile ar 25 Iúil in aghaidh Chill Dara. Anuas ar sin, níl cluiche caillte ag an bhfoireann seo sa chúige ón am a chailleadar i gcoinne na Mí fadó anois, siar sa bhliain 2010.

Tá aithne mhaith ag an dá fhoireann ar a chéile faoin tráth seo toisc gur chasadar ar a chéile i gCraobh Chomórtas Peile Laighin le dhá bhliain anuas. D’éirigh leis na ‘Dubs’ an lámh in uachtar a fháil ar Chontae na Lochanna ar an dá ócáid sin. Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-19 go dtí 0-10 anuraidh.

Cé go raibh farasbarr mór ann sna cluichí eatarthu i 2015 agus 2016 is fíor le rá nár léirigh clár na scór léargas cróga na hIarmhí, ní raibheadar ach pointe amháin taobh thiar de Bhaile Átha Cliath ag leath am agus bhí go leor iarrachtaí curtha ar seachrán acu.

Thainig Áth Cliath chun cinn sa tríú ceathrú den chluiche agus an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Tom Cribbin faoi dheireadh. Admhálann bainisteoir na hIarmhí gur ghá dóibh rud éigin difriúil a dhéanamh chun stop a chur le ceannasaíocht fhir na príomhchathrach an uair seo.

Bhreathnaigh Baile Átha Cliath saghas spadánta i gcoinne Cheatharlach an lá deireannach i bPortlaoise leis na Seaimpíní Uile-Éireann ag streachailt ar feadh tamaill. Bhreathnaigh sé scaití go raibheadar ag déanamh an-iomarca smaointeoireachta ar cén chaoi go bhféadfaidís cosaint phlódaithe Cheatharlach a bhriseadh síos.

Níor chabhraigh go leor lagiarrachtaí os comhair an chúil leo ach oiread agus beidh bainisteoir na foirne, Jim Gavin, ag díriú ar sin anois, go háirithe le Diarmuid Connolly ar fionraí. Tá bearna ann anois agus tugann sé seo seans do leithéid Bernard Brogan, Paul Flynn agus Paddy Andrews iad féin a athbhunú san fhoireann.

D’éirigh leis an Iarmhí an bua a fháil thar Uíbh Fhailí i gcluiche ceathrú ceannais Laighean i ndiaidh chluiche athimeartha ach tagann siad go Páirc an Chrócaigh le himreoirí den scoth ar nós Paul Sharry, John Heslin, Kieran Martin agus captain na foirne, Ger Egan. Táthar uilig tapa agus fisiciúil agus tá taithí acu ag imirt i gcoinne Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh faoin am seo, rud ba chóir cabhrú leo.

An bhfuil ceachtaí foghlamtha ag foireann na hIarmhí ó na hócáidí deireannacha a d’imir siad i gcoinne Bhaile Átha Cliath áfach? Feicfimid tráthnóna Domhnaigh.