Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Gradam Seanlaoich na Gaillimhe ag Bosco McDermott

John Bosco McDermott

John Bosco McDermott

Mártan Ó Ciardha

Faoin am a dtiocfaidh an Fómhar seo chugainn beidh sé 50 bliain ó bhuaigh peileadóirí na Gaillimhe an ceann deireanach de na ‘Trí Chraobh as a Chéile’ agus ba thráthúil an rud é mar sin gur ar Bosco McDermott a  bronnadh ‘Gradam an tSeanlaoich’ nó an ‘Hall of Fame’ ag Fleá Laochra Spóirt na Gaillimhe 2015 cúpla seachtain ó shin.

I gcluichí ceannais na mblianta sin in aghaidh Chiarraí  (1964 & ‘65)  agus in aghaidh na Mí (1966) oiread agus uair amháin ní dheachaigh an liathróid in eangach na Gaillimhe. Ba iad Corcaigh amháin (’66) a scóráil cúl ina gcoinne sna 3 bhabhta leathcheannais a d’imir siad.

Is é an cúlbáire, Johnny Geraghty, is minicí atá luaite leis na héachtaí sin agus é tuillte go maith aige, ach is minic admhaithe ag Johnny féin é gur mór a laghdaigh an líne-lánchúíl calma a bhí taobh amuigh dó an t-ualach a bhí le n-iompar aige féin – Enda Colleran, Noel Tierney agus Bosco McDermott.

Anois agus arís le linn na bhfeachtas sin idir 1964-’66, d’fhág gortaithe agus a leithéid go raibh ar an mbainisteoir John ‘Tull’ Dunne roinnt athraithe a dhéanamh sa gcosaint i gCraobhacha Chonnacht – Mac Oireachtaigh gortaithe i gcluiche ceannais an chúige an bhliain dheireanach acu; Mac Ui Challaráin i lár an line leath-chúíl an bhliain roimhe. Ach, nuair a tháing Páirc an Chrócaigh agus an 4ú  Domhnach de Mheán Fómhair (dáta chluiche ceannais na hÉireann sa bPeil go dtí 1979), ba iad an ‘Triúr Muscaedóir’ as Cumainn Mhaigh Locha, Bhaile an Mhuilinn agus an Dúin Mhóir a sheas ar garda lasmuigh den chúl báire.

I mBaile Liam in oir-thuaisceart na Gaillimhe a saolaíodh John Bosco McDermott, mar a thugtaí an uair sin air agus d’imir sé leo siúd sular thug sé a dhílseacht do Chumann Mhic Éil sa Dún Mór agus don gheansaí glas. Sa mbliain 1960 a bhuaigh sé bonn shinsear Chonnachta don chéad uair agus é ag imirt, creid é nó ná creid, sa líne leath-thosach na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad  ar Liatroim sa gcluiche ceannais don 4ú bliain as a chéile.

Bhuaigh Ciarraí ar Ghaillimh i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an bhliain sin, (níor bhuaigh siad ansiúd arís orthu go dtáinig 1984), ach d’éirigh go maith le foirne faoi aois as Gaillimh i 1960 – bhuaigh Coláiste Iarfhlatha, Tuaim. Corn Uí Ógáin agus bhuaigh na mionúir Craobh na hÉireann – Geraghty (nár fhéad imirt sa gcluiche ceannais), Tierney, Colleran, Séamus Leydon agus Seán Cleary ar fhoireann na mionúr,  Geraghty, Colleran agus Pat Donnellan ar fhoireann Choláiste Iarfhlatha. Faoin am a raibh ’66 caite bhí a n-ainmneacha siúd freisin luaite i measc na laochra sinsearacha.

Sular tharla sin áfach bhí beagán briseadh croí le fulaingt ag John Bosco McDermott. Chinntigh  Ros Comáin nár bhuaigh Gaillimh an 6ú Craobh-as a chéile i 1961, ba sa líne leathchúil a bhí sé nuair a bhuaigh Ros Comáin arís orthu i gcluiche ceannais ’62, ansiúd arís nuair a ghlac siad seilbh ar ais ar an gcoróin i 1963, ach agus é ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair riamh, bhuaigh Áth Cliath ar Ghaillimh agus ar Bosco McDermott.

Ach bhí Laethanta na Glóire ar leic an tairsigh. Idir tús na Craoibhe i 1964 agus Cluiche Ceannais na hÉireann ’66 bhuaigh Gaillimh 11 cluiche craoibhe as a chéile. Choinnigh Bosco McDermott agus a chomhghleacaithe na tosaithe ab fhearr in Éirinn faoi smacht – leithéidí Mick O’ Dwyer, Tom Long, Mick O’ Connell Ollie Shanley, James McCartan, Paddy Doherty, Micheál Kearns, Packie McGarty agus Mick Ruane. Bhailigh Bosco bonn Sraithe Náisiúnta i 1965 agus d’imir do Chonnacht i gComórtas an Bhóthair Iarainn.

Agus é éirithe as an imirt chuir Bosco faoi i mBearna agus roinn a chuid eolais le peileadóirí an pharóiste sin agus leis na micléinn i gColáiste Muire i gcathair na Gaillimhe, áit ar chaith sé dhá scór bliain ag múineadh Tíreolaíochta.

Sular tháinig Bosco, ba í cáil na hiománaíochta ba mhó a bhí ar Choláiste Muire agus 16 de na 20 Craobh Shinsear a himríodh i gConnacht buaite acu idir 1949 agus 1968 - gan acu ach ceann amháin peile (1952). Faoi stiúir Mhic Dhiarmada  bhuaigh siad trí chraobh peile as a chéile 1986-’88, arís i ’91 – le aon chúilín amháin a bhuaigh Coláiste Naomh Mel orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann ’87 agus cic de liathróid a bhí eatarthu féin agus na foirne a bhuaigh orthu sna babhtaí leathcheannais eile.

Ceapadh Bosco McDermott ina bhainisteoir ar fhoireann shinsear peile na Gaillimhe i 1993. Faoina cheannais bhuaigh siad Craobh an Chúige i 1995, ach bhuaigh Tír Eoghain de chúl orthu i gCluiche Leatcheannais na hÉireann. Trí bliana dar gcionn bhí leath na foirne sin ar an bpáirc nuair a bhuaigh Gaillimh Corn Mhic Guidhir don chéad uair le 32 bliain.

Agus mé i mbun mo chuid oibre le Raidió na Gaeltachta nuair a bhí Bosco ina bhainisteoir, ba mhinic é de chúram orm glaoch gutháin a chur air ag lorg eolais. Is minic freisin a bhuaigh mé chomh fada leis go gcuirfinn faoi agallamh é maidir leis an scéal is deireanaí faoina fhoireann. Níor dhiúltaigh sé riamh mé, cé gur dóigh gur mhinic go raibh rudaí níos tábhachtaí a bhí le déanamh aige. Thugadh sé a thuairim, mheáite, stuama,  céillí i nglan Ghaeilge.

Ar ndóigh ní dhearna sé aon dochar go raibh mé in aon rang sa meánscoil le deartháir a mhnaoi Anne – Michael Maguire as Cluain Fada, ach sílim muna mbeadh aon amharc feicthe riamh go dtí sin ag Bosco orm go mbeadh an fháilte chéanna aige romham, bhí oiread gean agus grá aige don chluiche inar rug sé an barr leis.

Go maire sé féin, Anne, a gclann agus clann a gclainne an gradam seo agus go mba fada buan an duine uasal a chaill an ‘John’ faoi bhealach agus ar a dtugtar anois Bosco McDermott