CLG ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge
CLG ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge

CLG ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge


Chuir Cumann Lúthchleas Gael tús lena gcuid ceiliúrtha ar Sheachtain na Gaeilge aréir ag ócáid a eagraíodh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar Lá Idirnáisiúnta na mBan thug lucht ‘CLG do chách’ nó ‘GAA For All’ taispeántas do shlua de leathchéad ar a gcuid scileanna camógaíochta.

Ina dhiaidh sin, bhí an-phlé ag na haíonna speisialta i bhí i láthair ag seisiún plé ar an ábhar ‘Mná i Spórt’. Gráinne McElwain, láithreoir le TG4 agus Ambasadóir de chuid Sheachtain na Gaeilge, a bhí ann mar chathaoirleach agus í ag cur na gceisteanna ar Eimear Considine, Imreoir Rugbaí de chuid na hÉireann, iarimreoir de chuid an Chláir agus duine eile de Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2020 chomh maith le Máire Treasa Ní Dhubhghaill, ó Spórt TG4.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh ar a gcuid ball cibé cúpla focal atá acu a úsáid. Is mian leis an gCumann clubanna agus baill a mhealladh, freisin, leis an haishchlib #GAAgaeilge, agus an haischlib #SnaG20 sna sála air, a úsáid ar na meáin shóisialta lena gcuid beannachtaí agus dea-thoil don fhéile mhór dhomhanda seo a chur a chur in iúl. Dar ndóigh bíonn clubanna fud fad na tíre ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge gach bliain agus bíonn ócáidí á n-eagrú i gclubthithe i ngach cearn den tír.

Bhí turas staide ar Pháirc an Chrócaigh ar fáil trí Ghaeilge Dé Sathairn seo caite, 7 Márta agus beidh ceann eile ar fail trí Ghaeilge Dé Sathairn seo chugainn, 14 Márta. Is féidir spás a chur in áirithe ar an turas sin anseo!

Beidh Lá na nOifigeach Gaeilge ar siúl Dé Sathairn seo chugainn, áit a dtiocfaidh na hOifigigh Ghaeilge cúige agus contae le chéile le cúrsaí Gaeilge sa Chumann a phlé agus a chíoradh.

Eagrófar go leor imeachtaí do fhoireann Chumann Lúthchleas Gael. I measc na rudaí sin beidh ranganna Gaeilge, lón Gaeilge, Pop-Up Gaeltacht agus lón scannánaíochta!

Le deireadh spleodrach a chur le mórthograí CLG do Sheachtain na Gaeilge beidh neart Gaeilge le cloisteáil, le feiceáil agus le léamh acu siúd a dhéanann freastal ar Chluichí Leathcheannais Peile na hÉireann faoi 20 i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig.

Labhraímis í agus mairfidh sí! Bímis ag tvuíteáil! Seachtain na Gaeilge abú! #GAAgaeilge abú!