Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Cian Ó Griallais le Cárthach Breathnach - Láithreoirí Phodchraoladh Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael
Cian Ó Griallais le Cárthach Breathnach - Láithreoirí Phodchraoladh Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael

Sraith nua Podchraoltaí Gaeilge de chuid CLG seolta 


Tá tús curtha ag Cumann Lúthchleas Gael le sraith nua podchraoltaí Gaeilge. Tá na céadta imreoirí agus iarimreoirí fud fad na tíre ann a imríonn, agus a d’imir, ár gcuid cluichí ag an leibhéal is airde agus a bhfuil Gaeilge acu. Le linn na sraithe podchraoltaí seo tabharfar deis do go leor de na himreoirí agus na hiarimreoirí sin na mórscéalta agus móreachtraí uilig a bhaineann leis na cluichí a phlé agus a chíoradh de réir mar a thagann siad aníos.

Is iad Cárthach Breathnach agus Cian Ó Griallais a bheidh ag cur na podchraoltaí i láthair. Tá neart scile acu beirt ina leithéid agus iad i mbun an Spota Dubh le Raidió na Life – páirtnéirí CLG sa togra seo – le cúpla bliain anuas.

Clár 1

Sa chéad phodchraoladh sa tsraith seo, caitheann Cárthach agus Cian súil chun cinn ar Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz agus ar an mbliain CLG atá amach romhainn. Ina gcomhluadar tá Paul Conroy, imreoir lár páirce le Gaillimh, Donie Breathnach, iarimreoir peile agus iomána le Port Láirge, Fiona Ní Chorcoráin, iarimreoir peile agus camógaíochta le hÁth Cliath agus Cian O’Connell, iriseoir de chuid Chumann Lúthchlas Gael.

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo: http://pod.raidionalife.ie/AnSpotaDubh_CLG.mp3

‘Tá na mílte Gaeilgeoirí fud fad na tíre ag leanacht ár gcuid cluichí agus tá an-áthas orainn i gCumann Lúthchleas Gael go bhfuil na podchraoltaí seo á gcur ar fáil le freastal orthu siúd. Guím gach rath ar lucht an Spota Dubh atá ag obair linn ar an togra seo.’

Alan Milton, Stiúrthóir Cumarsáide CLG

‘Tá an-áthas orm go bhfuil Cárthach agus Cian ón Spota Dubh chomh maith le lucht bainistíochta Raidió na Life ar bord linn maidir leis an bpodchraoladh seo. Níl aon amhras ach go mbeidh neart spóirt agus spraoi ar na cláracha seo agus mórscéalta agus mórchluichí Chumann Lúthchleas Gael á bplé orthu. Tá muid ag súil, freisin, leis an bpodchroladh a thabhairt timpeall na tíre sna míonna amach romhainn.’

‘Is cúis bróid don Chumann go bhfuil an podchraoladh seo ar an bhfód anois agus tá muid ag súil go mór leis an togra seo a fhás agus a fhorbairt san am atá le teacht.’

Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael

Tuilleadh eolais: Jamie Ó Tuama, 087 9505695 / 018658600 / jamie.otuama@gaa.ie

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions