Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Gaillimh róláidir do Loch Garman

David Burke

David Burke

Cluiche Ceannais Iománaíochta Laighean

Gaillimh 0-29 Loch Garman 1-17

Conchur Ó Sé

D’éirigh le contae na Gaillimhe an lámh in uachtar a fháil thar fhoireann Loch Garman os comhair slua de 60,032 i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inniu chun Corn Bob O’Keefe a thabhairt siar leo den chéad uair ó bhuadar é sa bhliain 2012.

Neos Fir na dTreibh do gach duine inniu go bhfuileadar dírithe ar a gcuid taispeántais a ardú ar na laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh, agus níl aon dabht ann gur léirigh siad a gcuid scileanna uilig ag tús an dara leath chun Loch Garman a fhágáil sa tóir orthu.

Ba é seo an slua ba mhó i bPáirc an Chrócaigh go dtí seo i mbliana agus bhí an-atmaisféar ar fad ann nuair a chaith an réiteoir, Colm Lyons, an sliotar isteach ag tús an chluiche leis an dá seit lucht leanúna ag screadaíl in ard a ngutha.

Bhí i bhfad an-iomarca airtléire ag fir Micheál Donoghue chun tosaigh le na deartháireacha Cooney ag tabhairt léargais den chéad scoth ar son na Gaillimhe, Conor ach go háirithe.

Thosaigh an cluiche ar nós na gaoithe le Conor Cooney ag oscailt chuntais na Gaillimhe laistigh de 30 soicind agus chuir Joe Canning leis seo le puc saor. D’aimsigh Paul Morris an chéad scór do Loch Garman sa cheathrú nóiméad tar éis oibre mhaith ó Lee Chin.

D’imir Loch Garman mar a ceapadh le Shaun Murphy ag feidhmiú mar an cosantóir sa bhreis, bhog Lee Chin ó uimhir 11 isteach go lár na páirce le Jack Guiney ag bogadh amach go dtí an líne leaththosaigh, rud a chruthaigh spás don fhear contúirteach ó Naomh Éanna, Conor McDonald.

Lean na scóranna ag teacht don dá fhoireann sa chéad 15 nóiméad le Gaillimh á n-aimsiú le h-ollscór ó Phádraic Mannion agus scóranna arís ó Canning agus Conor Cooney agus Loch Garman á n-aimsiú buíochas le McDonald agus beirt ón líne leathchúil ar ionraí suas na páirce, Diarmuid O’Keefe agus Matthew O’Hanlon.

Idir an tréimhse sin agus leatham bhí an dá fhoireann ag troid go fíochmhar i lár na páirce ag iarraidh a gcuid nirt a thaispeáint agus dul chun cinn a dhéanamh. D’oibrigh tosaithe Loch Garman go crua le Morris ag teacht níos doimhne amach na páirce chun seilbh a bhaint ó Ghaillimh a bhí ag éirí in airde tar éis scóranna ó Canning, a bhí cruinn ó na liathróidí marbha, David Burke agus an bheirt dheartháir Cooney.

Tháinig O’Hanlon le scór arís do Loch Garman ag ionsaí suas na páirce agus fuair Willie Devereux, ón líne lánchúil, scór gleoite ag rith agus ag rith leis agus ag buaileadh na liathróide thar trasnán Colm Callanan.

Cé gurbh iad Loch Garman a bhí níos fearr sa chéad leath ag imirt na hiománaíochta uilig ,bhí Gaillimh chun tosaigh orthu le 3 phointe faoi leatham, rud a chuir isteach go mór ar Bhainisteoir Loch Garman, Davy Fitzgerald deárfainn.

Thosaigh an dara leath díreach mar a thosaigh an chéad leath le luas lasrach. Bhuaigh Aidan Nolan poc éirice do Loch Garman ach thiontaigh Colm Callanan iarracht McDonald timpeall a phósta le haghaidh poc 65 agus chuir captain na foirne, Lee Chin, thar an trasnán é.

Mhothaigh sé gur imigh muinín Loch Garman i ndiaidh na heachtra seo mar lean Gaillimh leo ag piocadh suas scóranna go héifeachtach trí mhuintir Cooney, Niall Burke agus Canning arís eile. Faoi 50 nóiméad bhí cosaint Loch Garman ina ciar thuathail le Gaillimh chun tosaigh 0-21 go 0-12. Bhí sé níos éasca orthu na scóranna a aimsiú i gcomparáid le Loch Garman a bhí ag streachailt chun tosaigh faoin tráth seo.

Thosaigh Davy Fitzgerald ag déanamh iarrachta cursaí a thiontú i bhfábhar Loch Garman ag cur Eoin Moore, Cathal Dunbar agus Shane Tompkins ar an bpáirc ach bhí an cluiche ag imeacht uathu agus an clog ag druidim i dtreo na starra deiridh leis an iománaíocht go smior i dtaispeántais mhuintir Cooney, David Burke agus Niall Burke.

Nuair a shéid Colm Lyons an fheadóg deiridh léigh an scór 0-29 go 1-17 i bhfábhar fhoireann Micheál Donoghue agus cinnte beidh céiliúradh ann, ach mar a dúirt captain na foirne, David Burke, agus é ag glacadh le corn Bob O’Keefe: ‘‘It’s only July.’’

Díreoidh an dá fhoireann ar an todhchaí anois, Gaillimh ar chluiche leath cheannais na hÉireann agus Loch Garman ar an gcluiche ceathrú ceannais, don dá fhoireann ar aon nós beidh lá eile ag an bpaorach!

**Scórálaithe do Gaillimh: **Joe Canning 0-10 (0-8f, 0-1 65, 0-1 s/l), Conor Cooney 0-8 (0-01f), Joseph Cooney 0-5, Niall Burke 0-2, Padraic Mannion 0-1, David Burke 0-1, Shane Maloney 0-1, Thomas Monaghan 0-1.

**Scórálaithe do Loch Garman Wexford: **Conor McDonald 0-5 (0-3f), Diarmuid O'Keeffe 1-1, Lee Chin 0-4 (0-2f, 1 65), Paul Morris 0-2, Matthew O'Hanlon 0-2, Jack O'Connor 0-1, Willie Devereux 0-1, Cathal Dunbar 0-1.

**GAILLIMH: Colm Callanan; Adrian Tuohy, Daithi Burke, Aidan Harte; Padraic Mannion, Gearoid McInerney, John Hanbury; Johnny Coen, David Burke; Joseph Cooney, Joe Canning, Jason Flynn; Conor Whelan, Conor Cooney, Niall Burke. Ionadaithe: **Thomas Monaghan for Flynn (31), Shane Maloney for Canning 67, Greg Lally for J Cooney 68, Sean Loftus for P Mannion (72).

LOCH GARMAN: Mark Fanning; Liam Ryan, Willie Devereux, James Breen; Simon Donohoe, Matthew O'Hanlon, Diarmuid O'Keeffe; Lee Chin, Jack O'Connor; Paul Morris, Aidan Nolan, Conor McDonald; Shaun Murphy, Jack Guiney, Harry Kehoe. Ionadaithe**:** David Redmond for O'Connor (h/t), Eoin Moore for Donohoe (47), Cathal Dunbar for Kehoe (53), Shane Tomkins for Nolan (63).

Réiteoir: Colm Lyons (Cork).