Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Bua maith ag Port Láirge

Bainisteoir Port Láirge Derek McGrath.

Bainisteoir Port Láirge Derek McGrath.

**Le Conchúr Ó Sé **

Dúirt Al Pacino sa scannán ‘Any Given Sunday’ gurb iad orlaí a bhíonn idir foirne sna cluichí móra agus go gcaithfí troid go fíochmhar chun na horlaí sin a bhaint amach thar an fhoireann eile agus bhí láncheart aige mar sin céard a rinne Port Láirge inniu ar Chorcaigh chun áit a sholáthar dóibh féin i gCraobh na hÉireann faoi cheann trí sheactainí i gcoinne Ghaillimh, ag buachan ar scór 4-19 go 0-20.

Cé go raibh bearna 11 phointe idir na foirne faoi dheireadh an chluiche níl dabht ar bith ann gur thiontaigh cúrsaí i bhfabhar na Déise nuair a bhronn an réiteoir, James Owens, cárta dearg ar lánchúlaí Chorcaí, Damien Cahalane ón bpáirc i lár an dara leath tar éis dó bheith i bponc ar chárta buí cheana féin.

Leis an fear sa bhreis acu d’fhormhór an dara leath, léirigh foireann Derek McGrath a gcuid neamhthrócaireachta, ag scóráil trí chúl.  Bhíodar dhá phointe chun deiridh ar fhoireann Kieran Kingston sular éirigh leo dhá chúl agus pointe amháin a aimsiú laistigh de 90 soicind buíochas le h-ardscil Austin Gleeson agus ceann de cheannairí na foirne, Jamie Barron. Níor bhreathnaigh siad siar agus bhí foireann McGrath an-proifisiúnta agus iad ag méadú leis an mbearna eatarthu féin agus Corcaigh.

Thosaigh an cluiche le luas lasrach, le Patrick Horgan, a bhí inspioráideach dá fhoireann, ag aimsiú an chéad scór do Chorcaigh ó phuc saor, d’fhreagair fear Ballygunner, Pauric Mahony do Phort Láirge. Fuair Michael ‘Brick’ Walsh cúl sa chúigiú nóiméad, ag bailiú seilbhe ó Shane Bennett, a sheol trasna na cearnóige é dó agus shleamhnaigh Walsh an sliotar faoi chosa cúlbáire Chorcaí, Anthony Nash.

Bhí Port Láirge eagraithe mar a shíleadh, le Darragh Fives ag teacht ar ais mar scuabadóir in áit Thadhg de Búrca a bhí ar fionraí. Thrádáil an dá fhoireann scór tar eis scór agus ba bheag nár thiontaigh an cluiche isteach go coimhlint pearsanta idir Chaptaen Phort Láirge, Kevin Moran, agus buachloch na Reibliúnaigh, Patrick Horgan leis an bpéire araon ag aimsiú 0-07 agus 0-03 sa chéad leath. Ní raibh cosaint na Déise ábalta greim a fháil ar Horgan a bhí ag cruthú iliomad fadhbanna dóibh.

Faoi leatham léigh an scór 1-07 go 0-09 i bhfábhar Phort Láirge.

Bhí fear Fourmilewater, Jamie Barron, go hiontach ar fad ó thús deireadh an chluiche, ag oibriú go crua agus ag aimsiú scóir. Bhuaigh sé puc saor éasca tar éis liathróid a ghlacadh ó Kevin Moran agus chuir Mahony thar an trasnán é.

Bhí Corcaigh cróga agus díograiseach le Mark Coleman, Darragh Fitzgibbon, Shane Kingston agus Mark Ellis ag obrair go crua thart timpeall lár na páirce chun an liathróid a oibriú isteach go Horgan a bhí ar bharr a réime ach chuaigh an cluiche in olcas dóibh nuair a cuireadh Damien Cahalane ón bpáirc. D’aimsigh siad scóir ó Horgan,ceann ollmhór ó Conor Lehane agus puc gleoite ón taobhlíne ó Fitzgibbon ach níor éirigh le cosaint Chorcaí tosaithe craosacha Phort Láirge a stopadh.

Bhog Austin Gleeson, a bhí réasúnta ciúin go dtí sin, isteach go lár na líne leaththosaigh agus bhí an-tionchar aige ar threolíne an chluiche agus é mar cheannaire na Déise ar an mblitz. Chruthaigh sé cúl Jamie Barron le liathróid álainn isteach dó agus ansin d’éirigh leis cúl agus pointe a aimsiú dó féin chun Port Láirge a chuir dhá phointe chun tosaigh tar eis dó a bheith taobh thiar roimhe seo. Tharla seo go léir laistigh de 90 soicind agus ba bhuile mhór e do Chorcaigh.

Leis sin, leathnaigh foireann McGrath an bhearna trí iarrachtaí Pauric Mahony, Brian O’Halloran, Gleeson arís agus Maurice Shanahan; rud a chuir gliondar croí ar mhuintir Phort Láirge i bPáirc an Chrócaigh.

Cuireadh Conor Gleeson agus Patrick Horgan ón bpáirc tar éis eachtra agus beidh Derek McGrath imníoch faoi láithreacht Gleeson roimh Chraobh na hÉireann.

Buailfidh Port Láirge agus Gaillimh sa Chraobh don chéad uair riamh agus beidh gach duine ag súil go mór leis. Beidh Port Láirge ag iarraidh deireadh a chur leis an ngorta a shíneann siar go 1959 agus beidh Gaillimh sa bhád céanna, níor bhuadar ó 1988 é.