Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Súil siar ar Mhaigh Eo agus Chiarraí 2014

Kieran Donaghy agus Colm Cooper ag céiliúradh i 2014.

Kieran Donaghy agus Colm Cooper ag céiliúradh i 2014.

**Le Conchúr Ó Sé **


Trí bliain i ndiaidh cheann de na cluichí ab fhearr i bpeil, buailfidh Maigh Eo agus Ciarraí Dé Domhnaigh seo i bPáirc an Chrócaigh le spota i gCraobh Peile na hÉireann ar fáil don bhuaiteoir.

Níl mórán athruithe ar na foirne ón am ar imir siad i gCluiche Leathcheannais na hÉireann 2014 i bPáirc an Chrócaigh agus ansin i Luimneach sa chluiche athimeartha le formhór na n-imreoirí fós ag imirt go smior.

Bhuaigh Ciarraí go h-éasca ar Mhaigh Eo i gCraobhanna na hÉireann 2004 agus 2006 le 8 agus 13 bpointe le spáráil acu thar a gcuid chéile comhraic ón Iarthar agus deir iar-imreoir Chiarraí, Darragh Ó Sé, go raibheadar i gcónaí abalta dul chun cinn ar Mhaigh Eo nuair a theastaigh uathu. Thuig sé faoin mbliain 2014 gur athraigh cúrsaí go mór áfach.

Bhí fios maith ag muintir Mhaigh Eo agus muintir na tíre go raibh foireann difriúil acu ó na foirne a tháinig rompu, foireann nach ngéillfí cuma cén saghas dúshlán a cuireadh os a gcomhair, agus nuair a smaoinítear siar ar an gcluiche sin eatarthu agus Ciarraí 3 bliana ó shin, níl aon ionadh ann gur thugadar cluiche leathcheannais dúinn a mbeidh cuimhne air go ceann i bhfad.

Draíocht James O’Donoghue agus Cillian O’Connor, cic comhscóir Kieran O’Leary sa chéad chluiche, teacht ar ais Mhaigh Eo, an leantóir Mhaigh Eo, nó an ‘Tarbh’ mar a ghlaoitear inniu air ag teacht ar an bpáirc chun a chuid tuairimí a chur in iúl, seo iad cuid de na buaicphointí ó na cluichí sin nach ndéanfaidh muintir an dá chontae dearmad orthu le fada an lá.

Tháinig Ciarraí isteach go dtí an cluiche seo tar éis buachan ar scór 1-20 go 2-10 i gcoinne Ghaillimh le Maigh Eo ag buachan ar Chorcaigh le pointe amháin, 1-19 go 2-15. Dhá chontae le traidisiún mór peile, bhí cogadh mór ag druidim i dtreo an chluiche leathcheannais ar an 24 Lúnasa.

Chríochnaigh an chéad chluiche sin idir foirne Éamonn Fitzmaurice agus James Horan ar chomhscór le 1-16 scóráilte ag an dá fhoireann araon. Thosaigh Ciarraí go tapa agus faoi leatham bhíodar 0-09 go 0-05 chun tosaigh ar Mhaigh Eo a bhí i gcruachás tar éis chárta dearg fear Chathair na Mart agus ceannaire na foirne, Lee Keegan.

Thosaigh na ceisteanna céanna ag teacht aníos ansin faoi láidreacht intinne Mhaigh Eo. An seasfar an fód an uair seo le 14 ar an bpáirc agu nó an ngéillfidís arís eile nuair a sheas dúshlán mór rompu?

D’fhreagair siad go láidir agus léirigh siad a gcuid teachta aniar faoi James Horan sa dara leath, ag scóráil 1-11 chun an cluiche a athrú go hiomlán. Faraor dóibh, ní raibh foireann Éamonn Fitzmaurice críochnaithe agus i gcaitheamh dísle deireanach an bhainisteoir chuir sé Kieran Donaghy ar an bpáirc leis an Ríocht 5 phointe chun deiridh. Bhuaigh Donaghy cic saor do Bryan Sheehan agus scaoil sé an liathróid go dtí O’Donoghue le haghaidh cúl. Le Ciarraí pointe amháin taobh thiar sa nóiméad deireanach d’aimsigh an t-ionadaí, Kieran O’Leaey ardphointe chun Ciarraí a choimeád slán ar feadh lá eile.

Le bheith ionraic, chuir an dá fhoireann ardchluiche ar siúl agus bhí ríméad ar mhuintir na tíre iad a fheiceáil in amharca a chéile arís.

Leis sin, fógraíodh go mbeidh an dara chluiche thíos i Luimneach toisc peil Mheiriceánach i bPairc an Chrócaigh, rud a chuir díomá ar dhaoine. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch an la úd sin, agus ón am ar shéid an réiteoir, Cormac Reilly, a fheadóg rinneadh dearmad ar an athrú ionaid.

Bhí Páirc na nGaeil plódaithe, le lucht leanúna ag iarraidh babhta eile a fheiceáil idir an dá  fhoireann trom-mheáchain seo agus níor fhágadh in ísle brí iad leis an glcuiche ag críochnú 3-16 go 3-13 tar éis ama bhreise i bhfábhar Chiarraí. D’fhág an dá sheit imreoirí a gcuid fuinnimh uilig ar an bpáirc.

Sa deireadh, bhí binse Chiarraí rud beag níos láidre agus bhíodar níos úra toisc go raibh níos mó seilbhe acu de bharr taispeántas den chéad scoth David Moran i lár na páirce, le fear Kerins O’Rahilly’s ceannasach.

Bhí Ciarraí 2-03 go 0-02 síos le 25 nóimead ar an glcog tar éis do Chillian O’Connor dhá chúl a aimsiú ach faoi leatham bhí cúl amháin eatarthu, 2-05 go 1-05. Dá bhfeicfeá Batman agus Robin, smaoineofá ar Donaghy agus O’Donoghue sa dara leath sin, leis an mbeirt ag cruthú iliomad fadhbanna le haghaidh chosaint chráite Mhaigh Eo. Shabháil Dónal Vaughan Maigh Eo le scór déanach chun an cluiche a thabhairt go h-am breise ach fuair Ciarraí an cúig scór deireanacha chun deireadh a chuir le haislingí fhir an Iarthair.

Caibidil nua le teacht san iomaíocht spleodrach seo. Tuilleadh den rud céanna arís le bhur dtoil!