Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Ó Sé ag súil le craobhchomórtas oscailte i 2023

Marc Ó Sé ag seoladh GAAGO 2023 inniu i bPáirc an Chrócaigh

Marc Ó Sé ag seoladh GAAGO 2023 inniu i bPáirc an Chrócaigh

Le Jamie Ó Tuama

Fógraíodh inniu ag seoladh i bPáirc an Chrócaigh go raibh GAAGO réidh le leathnú amach in Éirinn tar éis dóibh ocht mbliana a chaitheamh ag déanamh freastail ar mhuintir na hÉireannn thar lear trí na cluichí Gaelacha a chraoladh. Craolfar 38 cluiche ar fad ar GAAGO i mbliana agus €59 an costas a bheidh ar an bpacáiste má cheannaítear roimh Nollaig é. Is í an láithreoir aitheanta, Gráinne McElwain, a bheidh mar láithreoir ar an gclúdach nua seo.

Ina measc siúd a bhí i láthair ag an seoladh, bhí Marc Ó Sé. Beidh Ó Sé i mbun cúrsaí anailíse ar an gclár i measc go leor eile – Paddy Andrews, Eoin Cadigan, Michael Murphy agus Séamus Hickey san áireamh. Labhair GAA.ie le Marc faoin stáisiún nua seo agus faoi chraobh peile 2023.

D’iarr muid ar Mharc an raibh sé ag súil le bheith ag obair le GAAGO.

‘Tá mé ag súil go mór leis agus tá sé ana-dheas a bheith ag an seoladh,’ a deir Marc. ‘Rud iontach is ea é do Chumann Lúthchleas Gael go bhfuil, is dócha, a seó féin acu agus go bhfuil siad in ann taifead a dhéanamh ar na cluichí agus iad a bheith ar siúl ar fud an domhain.

‘Táim breá sásta a bheith bainteach leo agus ag féachaint ar na cluichí agus ag déanamh cáinte agus anailíse ar na cluichí mar, is dóigh liom, nuair a éiríonn tú as an bpeil is rud deas é a bheith sáite fós sa bpeil agus ag déanamh cáinte ar na cluichí.’

‘Tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain, ag féachaint ar Chiarraí agus ar na contaetha eile. Gan dabht, bhí bliain iontach aige Ciarraí ach beidh mórán contaetha eile ar thóir Sam Mhig Uidhir sa mbliain amach romhainn. Táim breá sásta a bheith sáite le GAAGo agus táim ag tnúth go mór leis an mbliain amach romhainn.’

Maidir le craobhchomórtas peile 2023 tá Marc den tuairim go mbeidh craobh an-oscailte ann agus é ag ceapadh go mbeidh Áth Cliath, ach go háirithe, láidir.

‘Is dóigh liom, an bhliain amach romhainn, beidh sé ana-shuimiúil ar fad’, a deir Marc. ‘Gan dabht tá Ciarraí tar éis an Corn a bhuachaint i mbliana. Bhíodar ag teacht le cúpla bliain anuas ach mo thuairim féin ná go mbeidh Bleá Cliath an-láidir ar fad. Nuair is féidir le leithéidí Jack McCaffrey agus Paul Mannion a thabhairt thar n-ais, is dóigh liom, beidh siad siúd ag féachaint chun dul an slí ar fad.

‘Bhíos ag rá ansan go bhfuil Pádraic Joyce tar éis imreoirí nua a thógaint thar n-ais, imreoirí a bhí ar an bpainéal le cúpla bliain agus, b’fhéidir, bhíodar imithe bliain nó dhó. Tá siad san thar n-ais.

‘Beidh an Ghaillimh, beidh siad i bhfad Éireann níos láidre chomh maith. Chomh maith leis sin, tá tú ag féachaint ar leithéidí Ard Mhacha. Tá tú ag féachaint ar Mhaigh Eo. Cad a dhéanfaidh siad leis an mbainistíocht nua? Tá Oisín Mullin imithe. Cad a dhéanfaidh Lee Keegan? An bhfanfaidh sé nó an éireoidh sé as? Is dóigh liom go bhfuil bliain nó dhó fós ann.

‘Ag féachaint air, tá Ciarraí ann. Tá Ard Mhacha, an Ghaillimh agus Doire ann gan dabht. Ach, is dóigh liomsa, an fhoireann a mbeinnse ag féachaint orthu agus tá ana-sheans acu i 2023 ná Bleá Cliath.’

Marc Ó Sé in éineacht le Michael Murphy, Gráinne McElwain agus Séamus Hickey ag seoladh GAAGO 2023 i bPáirc an Chrócaigh inniu

Marc Ó Sé in éineacht le Michael Murphy, Gráinne McElwain agus Séamus Hickey ag seoladh GAAGO 2023 i bPáirc an Chrócaigh inniu

Tá go leor den tuairim go dtabharfaidh bua mór Chiarraí anuraidh muinín do na himreoirí agus iad ar thóir Chraobh Uile-Éireann eile. Aontaíonn Marc lena leithéid.

‘Is dóigh liom go dtabharfaidh,’ a deir Marc. ‘Bhíodar ann i 2019 agus bhí ana-sheans acu an lá sin an cluiche a bhuachaint agus, faraor, níor thit sé amach. Tá siad cúpla bliain níos sine anois agus tá leithéidí David Clifford ag dul in aos. Páidí Clifford, Seánie Ó Shea, na cosantóirí, Tadhg Morley, imreoirí cliste agus is dóigh go bhfuil an mhuinín acu anois go háirithe tar éis dóibh an chraobh a bhuachaint.

‘Is dóigh liom go bhfuil an mhuinín acu anois dul ar aghaidh agus cúpla ceann eile a bhuachaint. Deacair a shamhlú an dtarlóidh sé i mbliana nó ná tarlóidh ach, mar a dúras, tá leithéidí Bhleá Cliath agus na foirne eile agus beidh siad ag dul ar thóir Sam Maguire.

‘Ana-sheans ag Ciarraí chomh maith. Beidh sé suimiúil cad a tharlóidh le David Moran. An bhfanfaidh sé ann nó an éireoidh sé as? Bheadh sé deas dá bhfanfadh sé ann i gcomhair bliana eile ach beidh sé suimiúil i 2023. Níl aon dabht faoi san.’

Aithnítear go forleathan go bhfuil David Clifford lárnach i ngach rud maith a dhéanann Ciarraí agus a chlub An Fosadh. Réalta mhór peile is ea é agus tá an-mheas ag daoine idir óg agus aosta ar a ghaiscí imeartha. Labhair Marc linn faoin tionchar atá á imirt aige ar an gcluiche faoi láthair.

‘Bheul,’ arsa Marc, ‘nuair a luafais an Fosadh ansan, bhíos mar bhainisteoir le Lios Treighe agus bhuaigh an Fosadh orainn tar éis am breise i gcluiche ceannais an chontae. Chonac an lá san, tá a fhios againn ar fad cé chomh maith is atá sé, ach chonac an lá sin cé chomh maith is atá sé sa slí a bhí sé in ann an Fosadh a thabhairt thar an líne agus é a bhauchaint nach mór é féin. Sin é chomh maith is atá sé. Cad a tharlódh dá dtitfeadh aon rud amach le David Clifford?

‘Dá mba rud é go mbeadh gortú ná aon rud eile ag cur as dó bheadh Ciarraí i dtrioblóid mhór. Tá an t-ádh glan linn go bhfuil sé ag imirt le Ciarraí agus bheifeá ag díol an airgid le dul isteach agus féachaint air féin. Tugaimse mo mhac féin go dtí na cluichí chun féachaint ar David Clifford agus is é David Clifford an t-aon duine a mbíonn sé ag caint air agus ag tagairt faoi.

‘Tá tionchar mór aige ar bhuachaillí agus ar chailíní óga atá ag fás aníos i gCiarraí agus sa tír ar fad chun an fhírinne a rá. Mar a fheicimid thá daoine ag dul go dtí na cluichí ar fad chun féachaint ar David agus chun, b’fhéidir, síniú a fháil tar éis an chluiche. Tá ardmheas agam ar an bhfear san.'