Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Maigh Eo ar ais i gCluiche Ceannais na hÉireann agus deireadh le tréimhse bhuaiteach Átha Cliath

James Carr agus Brendan Harrison tar éis a mbua ar Áth Cliath i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh aréir

James Carr agus Brendan Harrison tar éis a mbua ar Áth Cliath i gCluiche Leathcheannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh aréir

Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

MAIGH EO 0-17 ÁTH CLIATH 0-14

Le Jamie Ó Tuama i bPáirc an Chrócaigh

Is é Maigh Eo a bheidh ag gabháil ar aghaidh go Cluiche Ceannais Peile na hÉireann tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath tar éis am breise agus os comhair 24,000 i bPáirc an Chrócaigh aréir.

Is beag duine a cheap go raibh seans ag Maigh Eo ag leatham nuair a bhí foireann Dessie Farrell compordach agus iad sé chúilín chun tosaigh. Mar sin féin, ar nós gach foireann a imríonn faoi stiúir James Horan ní raibh port Mhaigh Eo casta fós. D’imir siad go cróga agus le díocas sa dara leath agus sheas boic óga Mhaigh Eo ach go háirithe an fód le deireadh a chur le tréimhse bhuaiteach Átha Cliath.

Thosaigh Áth Cliath an cluiche seo go láidir agus tar éis deich nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-04 go dtí 0-00 a bhuíochas do dhá chúilín ó Dean Rock agus ceann an duine ó Chiarán Kilkenny agus ó Chon O’Callaghan.

Bhí tús neirbhíseach ag Maigh Eo agus chuir siad cúpla iarracht ar fóraoil ach d’éirigh leo a gcéad scór a aimsiú sa 12ú nóiméad nuair a chuir Matthew Ruane an liathróid thar an trasnán dóibh go deas néata.

Bhí Áth Cliath compordach, áfach, agus bhí tréimhsí fada seilbhe acu inar chaith siad an liathróid timpeall eatarthu féin agus iad ag iarraidh foireann James Horan a mhealladh amach le go bhféadfaidís seansanna a chruthú níos gaire don chúl.

Chríochnaigh Áth Cliath an leath le scóranna ó Kilkenny, Rock, O’Callaghan agus ó Small. Chinntigh scóranna ó Ryan O’Donoghue Rob Hennelly agus ó Conor Loftus go raibh seans fós ag Maigh Eo, áfach.

Scór leathama: Áth Cliath 0-10 Maigh Eo 0-04

Chuir James McCarthy iarracht ar chúl ar fóraoil díreach ag tús na dara leithe a d’fhéadfadh an cluiche a chur as radharc d’Áth Cliath. Mar sin féin, ní raibh Maigh Eo chun luí siar agus bhí sé soiléir go raibh siad réidh don dúshlán a bhí amach rompu.

Níor aimsigh Áth Cliath scór ar bith sa tríú ceathrú den chluiche agus chuir siad cúig sheans ar scóranna amú. D’aimsigh Ryan O’Donoghue, Rob Hennelly agus Lee Keegan scóranna do Mhaigh Eo le linn an ama sin a d’fhág trí chúilín idir na foirne.

Tháinig Áth Cliath amach go tréan tar éis an dara briseadh uisce agus d’aimsigh siad an chéad da chúilín eile ó Small agus ó Rock ach ní raibh Maigh Eo réidh fós. Nuair a d’aimsigh siad an chéad trí scór eile ní raibh ach an t-aon chúilín amháin idir na foirne.

D’aimsigh Dean Rock saorchic do na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá ag muintir na príomhchathrach ach chríochnaigh Maigh Eo láidir.

D’aimsigh Ryan O’Donoghue an chéad scór eile do Mhaigh Eo agus sa nóiméad deireanach d’aimsigh cúl báire Mhaigh Eo, Rob Hennelly, saorchic díreach taobh amuigh den líne 45m. Thóg se an dara hiarracht air, áfach, nuair a shocraigh an réiteoir, Conor Lane, nach raibh imreoirí Átha Cliath sách fada siar ón liathróid. Bhí 20 nóiméad d’am breise roimhe na foirne.

Tar éis an chéad trí nóiméad d’am breise bhí cúilín an duine ag na foirne, ceann ó Sheán Bugler d’Áth Cliath agus ceann ó Tommy Conroy go gairid ina dhiaidh sin. Nuair a thug Lane cárta dubh do Cholm Basquel sa cheathrú nóiméad d’am breis, áfach, d’ardaigh Maigh Eo an luas. D’aimsigh siad trí scór sciobthaí i ndiaidh a chéile agus bhí an lá le Maigh Eo.

Don chéad uair le seacht mbliana anuas ní bheidh Áth Cliath i gCluiche Ceannais na hÉireann. Imreoidh Maigh Eo in aghaidh na mbuaiteoirí idir Ciarraí agus Tír Eoghain agus beidh seans acu Corn Shomhairle Mhig Uidhir a thabhairt go Maigh Eo don chéad uair ó 1951 i leith.

Scórálaithe do Mhaigh Eo: Ryan O'Donoghue 0-5 (2cs), 0-03 an duine ag Tommy Conroy agus Robert Hennelly (2cs, 145), 0-01 an duine ag Darren Coen, Jason Flynn, Kevin McLoughlin, Lee Keegan, Conor Loftus agus Mattie Ruane.

Scórálaithe d’Áth Cliath: Dean Rock 0-7 (5cs), Ciarán Kilkenny 0-3 (1m), Paddy Small 0-2 agus ceann an duine ag Con O'Callaghan agus Seán Bugler.

MAIGH EO: Robert Hennelly; Pádraig O'Hora, Lee Keegan, Michael Plunkett; Paddy Durcan, Stephen Coen, Eoghan McLaughlin; Mattie Ruane, Diarmuid O'Connor; Conor Loftus, Kevin McLoughlin, Darren McHale; Tommy Conroy, Aidan O'Shea, Ryan O'Donoghue.

Ionadaithe: Enda Hession do McHale (27), James Carr do O'Shea (49), Bryan Walsh do Plunkett (49), Jordan Flynn do McLaughlin (57), Conor O'Shea do Loftus (65) Darren Coen do S Coen (70+6), Conor Loftus do McLoughlin (80), James Durcan do Carr (85), Brendan Harrison do D O'Connor (87), Aidan O'Shea do D Coen (90).

ÁTH CLATH: Evan Comerford; Michael Fitzsimons, David Byrne, Jonny Cooper; Brian Howard, John Small, Eoin Murchan; James McCarthy, Brian Fenton; Paddy Small, Ciarán Kilkenny, Niall Scully; Dean Rock, Con O'Callaghan, Cormac Costello.

Ionadaithe: Colm Basquel do Costello (50), Tom Lahiff do Cooper (52), Seán Bugler do Scully (62), Seán McMahon do Murchan (67), Philly McMahon do Seán McMahon (70+6), Robbie McDaid do J Small (80), Aaron Byrne do Howard (82), Cormac Costello do P Small (85).

RÉITEOIR: Conor Lane (Corcaigh)