Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Donaghy fós ina realt

Sár imreoir Ciarraí Kieran Donaghy.

Sár imreoir Ciarraí Kieran Donaghy.

**Le Conchúr Ó Sé **


Cloistear an frása sin go minic gur bheag an difear in aineoinn an t-athrú agus d’fhéadfaí seo a rá faoin bpeil. Athraíonn cúrsaí, tagann bainisteoirí nua chun cinn, tagann foirne nua chun cinn le córais éagsúla peile agus éiríonn go maith leo. Déanann na foirne eile aithris ar na córais seo arís eile ach fanann an bunphrionsabal i gcónaí, go gcaithfí níos mó scóir a aimsiú na an fhoireann eile chun an cluiche a bhuachan.

Is é ceann de na modhanna is éifeachtaí seo a dhéanamh ná an liathróid a scaoileadh isteach go tapa agus go fada isteach go dtí an líne lánthosaigh. Cabhraíonn sé go mór le foireann má tá fear mór ard acu istigh ansin atá lán-ábalta scór a aimsiú agus a chruthú tar éis dó a liathróid féin a bhuachan. Seasann imreoir atá 6’5” agus atá cúig chloch déag meáchain chun cinn láithreach agus is é Kieran Donaghy.

Sular imir Ciarraí i gcoinne Ard Mhacha i gcluiche cheathrú ceannais peile na hÉireann i 2006 ní raibheadar ag imirt go maith ar chor ar bith, ag cailliúint i gcúige Mhumhan go Corcaigh sa chraobh le 6 phointe. Níor bhuadar ach ceann amháin de na cúig Chraobh Peile deireanacha roimhe sin agus bhíodar ag streachailt i gcoinne foirne ó Chúige Uladh. Leis an gcluiche sin ar chomhscór sa dara leath, scaoileadh liathróid ard isteach go Donaghy, déagóir agus ina chéad shéasúr le Ciarraí, chas sé ar Francie Bellew agus sheol sé an liathróid isteach go heangach Paul Hearty é chun Ciarraí a chur chun cinn. Tar éis na heachtra sin níorbh fhada go raibh ainm Kieran Donaghy in airde i mbéal an phobail peile i gcoitinne agus bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann faoi stiúir Jack O’Connor. Bronnadh Peileadóir na Bliana air an bhliain úd sin mar thoradh a gcuid taispeántais.

Gabh ar aghaidh 11 bhliain agus feicfidh tú Donaghy fós, ag imirt go díograiseach do Chiarraí ag uimhir 14 agus ag feidhmiú mar mheall raiceála ar  chosantóirí. Anois, áfach, agus é 34 bliain d’aois tá níos mó glicis agus clisteachta peile aige. Is ceannaire anois é d’fhoireann Éamonn Fitzmaurice le an-taithí aige ar na laethanta móra agus atá an-neamhleithleach ar fad, tuigeann sé conas cic saor a bhuachan dá fhoireann chun iad a shocrú. Anuas ar sin, tá an cumas aige an liathróid a thabhairt don imreoir san áit is fearr tar éis dó é a bhuachan.

Ní féidir an-iomarca úsáide a bhaint as toisc go n-éiríonn an plean céanna intuartha ach níl dabht ar bith ann gur rogha den scoth é an liathróid mhór fhada a sheoladh isteach dó ach is féidir le Ciarraí a bheith solúbtha san imirt mar a chonacthas an lá faoi dheireadh.

Bhí sé thar cionn i gcoinne na Gaillimhe agus beidh tromluíthe ag an té a bhí á mharcáil, David Walsh, faoi le linn an gheimhridh fhada. D’aimsigh Donaghy 1-1 agus bhí ról lárnach aige le linn an chluiche ag cruthú scóir.

Tá Donaghy craiceailte i ndiaidh na cispheile agus is as seo a bhfuair sé a chuid scileanna éagsúla a ligeann dó seasamh amach ó na himreoirí eile. Tá an-lámha go deo aige agus is iontach an radharc í a chuid coisíochta agus é ag léimt go hard san aer ar nós eitleáin. Lig Fitzmaurice dó cispheil a imirt le linn an gheimhridh le Tralee Warriors agus is é an toradh leis seo ná go bhfuil sé úr le go leor fuinnimh aige toisc nár imir sé aon pheil le Ciarraí le linn an earraigh.

Tháinig sé ón mbinse i gcoinne an Chláir i gluiche leathcheannais na Mumhan agus thosaigh sé na cluichí i gcoinne Chorcaí agus Ghallimh.

Anois, tabharfaidh Donaghy agus a gcomrádaithe súil ar Chluiche leathcheannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh beag seo i gcoinne Mhaigh Eo. D’eirigh le Donaghy é féin a athbheochan ag an stáitse céanna seo i gcoinne Mhaigh Eo 3 bliana ó shin tar éis dó bheith réasúnta ciúin ar feadh roinnt blianta go dtí sin. Tháinig sé ón mbinse sa chéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh agus d’athraigh sé an cluiche ag buachan cic saor do Bryan Sheehan agus ag scaoileadh na liathróide go James O’Donoghue a aimsigh cúl déanach chun an cluiche a thógáil go hathimirt i Luimneach.

Sa chluiche sin chruthaigh Donaghy iliomad fadhbanna do lánchúlaí Mhaigh Eo, Ger Cafferkey, ag aimsiú cúl ach ag buachan ciceanna saora agus cic éirice do Chiarraí, a stiúir isteach sa Chraobh iad. Is maith leis ag imirt i gcoinne Fhir an Iarthair agus níl aon dabht go mbeidh Stephen Rochford ag smaoineamh go géar ar conas tionchar fhear Aibhistín de Staic a laghdú an uair seo.

Ar aon chaoi, 11 bliain tar éis dó é féin a bhunú mar chroílár ionsaithe na Ríochta, is mór an bhagairt é fós.