Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Dianiomaíocht Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo

Chríochnaigh Baile Átha Cliath go láidir san ath imirt i 2016.

Chríochnaigh Baile Átha Cliath go láidir san ath imirt i 2016.

Le Conchúr Ó Sé

Chuile huair a bhuaileann an dá mhórchumhacht peile seo in aghaidh a chéile is cinnte nach ngéilleann an dá sheit imreoirí orlach ar bith dá chéile agus iad ag iarraidh forlámhais iomláin peile a fháil.

Le leathscór agus bliain amháin tá rud amháin i gcoiteann ag iomaíocht mór peile na haoise seo idir Átha Cliath agus Maigh Eo leis na coimhlintí móra spóirt eile agus is é sin an cumas atá ag an dá fhoireann daoine a tharraingt agus a mhealladh isteach arís agus arís, cosúil le cuilghaiste Véineas ag mealladh cuileanna isteach ann i gcónaí.

Ní dhéanfar dearmad ar chluiche leathcheannais peile na hÉireann 2006 go deo. I gcluiche a raibh achrannach sular chaitheadh an liathróid isteach bheartaigh Maigh Eo dul chun téamh suas thíos in aice Cnoc 16, limistéar a thraenálann Átha Cliath ann de ghnáth roimh thús cluichí. Ba é John Morrison, a bhí ina roghnóir faoi bhainisteoir Mhaigh Eo, Mickey Moran, a smaoinigh ar an gcleas seo chun fir na príomhchathrach a chur ar mire. Ní mó na sásta a bhí lucht leanúna na Dubs ach oiread!

Cúig nóiméad níos déanaí, sciúrdaigh foireann Paul ‘Pillar’ Caffrey amach ar an bpáirc ar nós na gaoithe agus ar aghaidh leo chun téamh suas thíos ag Cnoc 16 freisin lena gceannaire, Ciarán Whelan chun tosaigh sa ruathar. D’éirigh rudaí fisiciúil idir na foirne le go leor brú eatarthu agus leagadh amach an fhisiteirpeach de chuid Mhaigh Eo freisin, rud a chur le hatmaisféar Pháirc an Chrócaigh a bhí ar nós coire ar tí pléascadh.

Rásáil Maigh Eo chun tosaigh 0-4 go 0-1 laistigh de 16 nóiméad ach faoi leatham bhí Átha Cliath 1-5 0-7 chun tosaigh tar éis pointí ó Alan Brogan, Ray Cosgrove agus cúl ó Conal Keaney. Lean siad ag cur leis an scór sa darna leath le cúl ó Jason Sherlock agus pointí eile ag cur Átha Cliath 7 bpointe chun tosaigh le 25 nóiméad fágtha. Bhíodar ar tí na Craoibhe a shroicheadh den chéad uair ó 1995 ach níor éirigh leo tar éis teacht ar ais den scoth ó Mhaigh Eo buíochas le h-iarracht draíochta ó chos clé Ciarán McDonald faoi Ardán Uí hÓgáin isteach go Cnoc 16 sna nóiméid deireanacha chun áit a sholáthar ar an lá mór dóibh.

Ba é 2012 an bhliain dheireanach gur bhuaigh fir an Iarthair ar fhir na príomhchathrach. I gcluiche drámtach, bhí trí phointe ag Maigh Eo ar Átha Cliath faoi dheireadh; 0-19 go 0-16. Bhí fear Bhaile an Tobair, James Horan, i gceannas orthu ar an lá sin a d’éirigh leo an choróin a bhaint d’Átha Cliath, a bhí mar Sheaimpíní na bliana 2011.

Ní raibh foireann Pat Gilroy ábalta an fód a sheasamh in aghaidh thús cumhachtach Mhaigh Eo, a bhí iontach agus i bhfad níos fearr ná Átha Cliath ar fud na páirce. Thug Kevin McLoughlin, Alan Dillon agus Cillian O’Connor ard-léargais os comhair an chúil agus bhí Colm Boyle, Keith Higgins agus Ger Cafferkey greamaithe le tosaithe Átha Cliath nach raibh sa chluiche in aon chor. Bhíodar 0-12 go 0-06 chun tosaigh faoi leatham agus chloisfí biorán ag titim ar Chnoc 16.

Níor stop Maigh Eo leis an mbaráiste agus nuair a chuir Alan Dillon, a thug ceann de na taispeántais ab fhearr ariamh i bPáirc an Chrócaigh, 10 pointe chun tosaigh iad, 0-17 0-7 sa 51ú nóiméad, dúirt Darragh Maloney ó RTÉ gurb leo Maigh Eo an lá. Ach léirigh Baile Átha Cliath seasmhacht agus thosaíodar ag laghdú an farasbarr eatarthu. Le 65 nóiméad ar an gclog ní raibh ach cic liathróide eatarthu 0-17 go 0-14 agus sheol Ciarán Kilkenny, a bhí ag imirt a chéad lán chluiche d’Átha Cliath, liathróid isteach do Bernard Brogan, a scaoil roicéad i dtreo chúl David Clarke, ach shábháil fear Bhéal an Átha é chun deireadh a chur le teacht ar ais na Dubs.

Bhuaileadar i gCraobh na hÉireann an bhliain dar gcionn ansin agus bhain Átha Cliath, a bhí faoi stiúir Jim Gavin faoin tráth sin díoltas amach orthu ag buachan le pointe amháin; 2-12 go 1-14. I gcluiche spleodrach bhuaigh Bernard Brogan Laoch na hImeartha, leis an bhfear Oliver Plunketts/Eoghan Ruadh ag scóráil 2-3 chun corn Sam Maguire a thabhairt ar ais go dtí an príomhchathair don dara huair laistigh de thrí bliana. Go híorónta, ba é Stephen Cluxton a d’aimsigh an scór deireanach d’Átha Cliath agus ba é seo an scór chinniúnach arís eile.

Tar éis bliain gan chasadh ar a chéile i gCraobhchomórtas na hÉireann chas an dá mhórchumhacht ar a chéile arís eile i 2015 i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus ba in athimirt ar bhuaigh foireann Jim Gavin ar Mhaigh Eo a bhí faoi bhainistíocht Noel Connelly agus Pat Holmes. I gcluiche a luascaigh siar agus aniar bhí na Dubs sé phointe chun tosaigh agus an cluiche ag druidim i dtreo na starra deiridh ach sheas Cillian O’Connor suas le cic pionóis agus chothromaigh Andy Moran cúrsaí ansin chun an cluiche a chríochnú ar chomhscór 2-12 go 1-15.

Bhí Maigh Eo chun tosaigh le 4 phointe leathshlí tríd an darna leath ach laistigh de 18 nóiméad bhí Átha Cliath chun cinn arís ar scór 2-13 go 1-12 tar éis chúil ó Bernard Brogan agus Philly McMahon. B’ollchath a bhí ann ó thús go deireadh leis an dá fhoireann ag troid go fíochmhar. Ní raibh Maigh Eo ábalta stop a chur leis an taoide ghorm agus chuaigh cúrsaí aniar aduaidh orthu nuair a sheoladh Séamus O’Shea ón bpáirc le cárta dubh ag tús an darna leath. Thiomáin Átha Cliath ar aghaidh leo agus d’aimsigh Kevin McManamon cúl eile ansin chun an tairne deireanach a bhuaileadh isteach i gcónra Mhaigh Eo. Chríochnaigh an scór 3-15 go 1-14 agus bhuaigh foireann Jim Gavin Craobh na hÉireann an bhliain sin i gcoinne Chiarraí.

Shroich an dá fhoireann an ceann scríbe i mí Mheán Fómhair arís anuraidh agus thóg sé athimirt eile chun iad a scaradh. Leis an gcluiche in am cúitimh léigh an scór 2-9 go 0-14 i bhfábhar fhoireann Gavin ach bhuail captaen Mhaigh Eo, Cillian O’Connor an cic comhscóir chun athimirt a chur i mbun. I ndáiríre, ba dheis iontach é an chéad chluiche do Mhaigh Eo toisc nár imir Átha Cliath go maith in aon chor, bhíodar sa chluiche toisc dhá chúl de chuid Colm Boyle agus Kevin McLoughlin isteach ina n-eangach féin sa chéad leath. Sa tréimhse sin níor aimsigh Átha Cliath ach trí phointe i gceann de na cluichí ab aistí ariamh.

San athimirt sin, d’éirigh le fir na príomhchathrach Craobh na hÉireann a bhuachan den dara bhliain as a chéile i gcluiche iomaíoch le roinnt conspóide ann. Bhí Lee Keegan an-mhaith an lá sin ag aimsiú chúl ach cuireadh ón bpáirc é le cárta dubh sa chéad leath tar éis dó Diarmuid Connolly a tharraingt síos. Rinne bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford, cinneadh chun a chúlbaire a athrú don chluiche seo agus chuir sé Robbie Hennelly istigh in áit David Clarke, plean a chuaigh in abar air nuair a ghéill Hennelly cic pionóis tar éis callaois a dhéanamh ar Paddy Andrews. Bronnadh cárta dubh air agus ní dhearna Diarmuid Connolly botún leis an gcic. Bhí sé cóngarach ach tháinig bhí níos mó nirt ar bhinse Jim Gavin agus scóráil Cormac Costello 0-3 chun bearna a chur eatarthu.

Laghdaigh Maigh Eo an bearna go pointe agus leis an imirt deireanach bhí cic saor ó uilinn ghéar ag O’Connor chun an cluiche a chothromú ach sheol sé ar seachrán é agus chríochnaigh an cluiche 1-15 go 1-14 i bhfábhar na Dubs.

Cosúil le hiomaíocht iontach ar bith, fágann an dá fhoireann seo daoine faoi gheasa huile huair a chasann siad ar a chéile. Gan dabht beidh ruaille buaille mór ann Dé Domhnaigh seo.