Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Bua iontach ag Maigh Eo

Lee Keegan ag céiliúradh.

Lee Keegan ag céiliúradh.

Tá Maigh Eo ar ais i gCraobh Peile na hÉireann don dara bhliain as a chéile tar éis buachan ar scór 2-16 go 0-17 i gcoinne Chiarraí. Tá an bóthar fada tógtha ag fir Stephen Rochford i mbliana ag dul tríd an gcúldoras ach anois tá an spriocphointe dheireanach buailte acu arís  agus casfaidh siad ar Bhaile Átha Cliath nó Thír Eoghain ar an 18ú Meán Fómhair.

Cé gur chríochnaigh an cluiche deireanach eatarthu ar chomhscór, ní raibh dabht leis an gceann seo le Diarmuid O’Connor agus Andy Moran ag aimsiú cúil roimh agus díreach i ndiaidh leathama chun an cluiche a chur ó ghreim fhoireann Éamonn Fitzmaurice.

Cluiche fisiciúil a bhí ann le go leor cártaí buí agus dhá chárta dearga le haghaidh Kieran Donaghy agus Paddy Durkan. Fuair Cillian O’Connor agus Darran O’Sullivan araon cártaí dubha.

Bhí fir an Iarthair i bhfad níos snasta agus níos géire ná foireann na Ríochta agus d’oscail captaen na foirne, Cillian O’Connor a chuntas laistigh de dhá nóiméad trí chic saor. Scóráil Jonathan Lyne, a bhí istigh in áit Mark Griffin inniu, ardphointe chun cuntas Chiarraí a oscailt ansin. Thosaigh an dá fhoireann ag trádáil scóir ansin le O’Connor ag aimsiú trí chiceanna saora, Andy Moran a bhí go hiontach arís agus a chruthaigh iliomad fadhbanna ag aimsiú ceann amháin, agus Kevin McLoughlin go léir ag buaileadh pointí do Mhaigh Eo. Ba iad Paul Geaney agus Johnny Buckley a choimeád Ciarraí cóngarach le Maigh Eo agus léigh an scór 0-07 go 0-05 tar éis 26 nóiméad.

Ba mhór an chaint faoi ról Aidan O’Shea an tseachtain seo tar éis dó jab marcála a dhéanamh ar Kieran Donaghy ach rothlaigh Rochford an córas sin go pointe leis an mbeirt O’Shea agus Dónal Vaughan ag marcáil Donaghy ag amanna difriúla.

D’athraigh Fitzmaurice a chóras freisin le Paul Murphy ag feidhmiú mar an fear sa bhreis i gcosaint na Ríochta, rud a chruthaigh fadhbanna dóibh agus iad ag dul ar an ionsaí. Ghéilleadar i bhfad an-iomarca ciceanna saora toisc nach raibheadar ábalta du li ngleic le clisteacht Andy Morn agus luas Colm Boyle a bhí ag dul ar ruathar chuile sheans a bhfuair sé.

Bhuail Maigh Eo le haghaidh chúl agus an cluiche ag druidim i dtreo leathama agus bhí Ciarraí agus Fitzmaurice i gcruachás ceart ansin. Sheol Dónal Vaughan a iarracht ar phointe ró-ghearr agus bhí easpa údaráis i gceist idir cúlbáire Chiarraí agus Jonathan Lyne agus lig an míthuiscint eatarthu d’fhear Ballintubber, Diarmuid O’Connor, an liathróid a bhuaileadh lena dhorn isteach san eangach. Lean Maigh Eo le h-iarracht ansin ó Chris Barrett chun dul sé phointe chun tosaigh, 1-08 go 0-05 ach d’fhreagair Ciarraí le cic saor ó Geaney a bhí cruinn chun farasbarr cúig phointe a fhágáil idir na foirne ag leatham.

Rinne Fitzmaurice iarracht cúrsaí a athrú ag leatham ag cur James O’Donoghue agus Darran O’Sullivan ar an bpáirc in ait Donnchadh Walsh agus an captaen, Johnny Buckley agus d’aimsigh Donoghue scór deas lena chiteog chun cuntas Chiarraí a oscailt don dara leath tar éis scór ó Chillian O’Connor do Mhaigh Eo.

Bhuail imní muintir Chiarraí uilig ansin arís eile nuair a scóráil Andy Moran cúl. Ní raibh fear Tarbert, Shane Enright ábalta lámh a leagadh air. Bhuaigh Moran an liathróid ón ionadaí, Conor Loftus, san aer chun tosaigh ar Enright agus d’imir sé pas go Cillian O’Connor a thug ar ais dó é chun an liathróid a chríochnú isteach i gcúl na Ríochta.

Chruthaigh an cúl bearna ocht bpointe eatarthu agus ba mhór an dúshlán é do Chiarraí an bearna seo a laghdú ón bpointe sin ar aghaidh. D’aimsigh siad an chéad trí scóir eile, le dhá cheann ag teacht ó dheasóg Paul Geaney ó chiceanna saora agus ceann amháin ó Jack Barry. Buaileadh Ciarraí ansin nuair a chuir an réiteoir David Gough, Darran O’Sullivan ón bpáirc le cárta dubh.

Tamall tar éis seo bhí Cillian O’Connor imithe ar chárta dubh tar éis callaoise a dhéanamh, rud a chruthaigh ábhar faitíos do mhuintir Mhaigh Eo ach sheas an fear ó Burrishoole, Jason Doherty, suas ansin chun 3 phointe a fháil le dhá cheann ag teacht ó liathróidí marbha.

Faoi dheireadh an chluiche bhí 13 imreoirí ar an bpáirc ag Ciarraí tar éis do Donaghy agus Peter Crowley cártaí dearga a fháil agus ní raibh Maigh Eo gan locht ach oiread le Pddy Durcan ag aimsiú a dara chárta dearg an samhradh seo sa dara leath.

Cé go raibh Ciarraí ag aimsiú scóir ó chiceanna saora bhí an damáiste déanta agus bhí Maigh Eo compordach á gcoimeád uathu i gcónaí le Conor Loftus, Doherty, Kevin McLoughlin agus Paddy Durcan ag buaileadh soncanna chun an bearna a choimeád.

Síneann lá mór eile amach rompu anois i bPáirc an Chrócaigh ach fanann an cheist chéanna fúthú, an gcuirfidh siad deireadh leis an triomach seo a shíneann siar chomh fada le 1951? Níl a fhios fós, ach ar an taispeántas sin beidh siad cóngarach ar aon bhealach!