Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Ardmholadh ag Gary Brennan do Cholm Collins agus do pheileadóirí an Chláir

Gary Brennan in aghaidh Chill Dara thiar i 2019

Gary Brennan in aghaidh Chill Dara thiar i 2019

Le Jamie Ó Tuama

D’fhógair Gary Brennan don saol mór, i mí Eanáir seo caite, go raibh sé tar éis éirí as foireann peile an Chláir, tar éis dó 14 bliain a chaitheamh ag imirt lena chontae. D’éirigh leis an bhfathach lár páirce go leor a bhaint amach le linn a laethanta imeartha agus tá an-aithne aige ar fhoireann seo an Chláir. Labhair mé leis an tseachtain seo faoi na héachtaí atá déanta ag Colm Collins agus a fhoireann le blianta beaga anuas.

Thosaigh mé le ceist a chur air faoin gcinneadh a thóg sé le deireanas slán a fhágáil lena chuid laethanta imeartha leis an gClár. D’iarr mé air ar airigh sé uaidh an deis imirt lena chontae.

‘Ní airím uaim i ndáiríre é, rómhór’, a deir Gary. ‘Ba é mo chinneadh féin é éirí as agus bhí mé sásta leis an gcinneadh sin. Bhaineas ana-thaitneamh as an tréimhse a bhí agam ag imirt leis an gcontae ach bhí sé in am domsa is dócha rudaí difriúla a dhéanamh. Tá mé an-sásta a bheith ag tacú leo on mbaile faoi láthair agus ón ardán sar i bhfad le cúnamh Dé, agus ligint do dhaoine eile a n-am a bheith acu leis an bhfoireann. Tá mé an-sásta iad a fheiceáil ag déanamh chomh maith sin go dtí seo i mbliana.’

Maidir le Colm Collins agus an dul chun cinn mór atá déanta aige ó tháinig sé isteach i 2014, is léir go bhfuil ardmheas ag Gary air. Tagraíonn sé de thuras an Chláir ó Roinn 4 go dtí Roinn 2 le linn an ama sin.

‘Tá jab iontach ar fad déanta aige Colm mar bhainisteoir ar an gClár, nuair a fhéachann tú ar an dul chun cinn atá déanta aige ón uair a tháinig sé isteach i 2014. Chuamar suas go Roinn 3. Bhí dhá bhliain againn i Roinn 3 agus ansin suas go Roinn 2 agus tá an Clár i Roinn 2 ó shin. Is dócha, nuair a fhéachann tú ar an tréimhse roimhe sin rinne sé athruithe ollmhóra ar an gcaighdeán imeartha agus ar an gcaighdeán peile sa chontae agus an chaoi, is dócha, a bhféachann daoine ar an bpeil sa chontae anois agus taobh amuigh den chontae.

‘Níl aon amhras ach gurb é Colm is cúis leis an dul chun cinn sin atá déanta agus go bhfuil imreoirí nua á spreagadh an t-am ar fad le himirt leis an gcontae.’

Le blianta beaga anuas, tá faisean ann bainisteoirí as taobh amuigh den chontae a cheapadh ach ní mar sin atá sa Chlár faoi láthair. Labhair Gary faoi na buntáistí a bhaineann le bainisteoirí ‘dúchasacha’ a cheapadh don chontae.

‘Téann a lán daoine taobh amuigh den chontae agus rinneamar féin é ar feadh cúpla bliain, freisin, roimhe Colm. Is dócha an buntáiste a thugann sé do bhainisteoir a thagann óna chontae féin go dtuigeann sé an córas sa chontae, go dtuigeann sé na clubanna. Tuigeann sé na carachtair timpeall ar an gcontae. Tuigeann sé na daoine agus is féidir leis, nó léi, rudaí a athrú timpeall nó rudaí a dhéanamh a oireann don chontae sin. Tuigeann siad an spiorad agus an bród atá i measc na ndaoine sa chontae agus is féidir leo é sin a úsáid leis an bhfoireann agus leis na himreoirí a spreagadh.’

Colm Collins ar an líne don Chlár in aghaidh na Mí i 2019

Colm Collins ar an líne don Chlár in aghaidh na Mí i 2019

Imreoidh an Clár in aghaidh Chorcaí, Dé Domhnaigh seo chugainn, sa chluiche deireanach de na babhtaí grúpa. Caitheann Gary súil chun cinn ar an gcluiche sin agus ar an cluiche craoibhe in aghaidh Chiarraí níos faide anonn. Níl aon amhras air ach go mbeidh dhá dhúshlán ollmhóra roimhe na Cláirínigh.

‘Dhá chluiche dheacra don Chlár i ndáiríre’, a deir Gary, ‘nuair a fhéachann tú ar stair na gcluichí idir an Clár agus Corcaigh ar dtús. Tá i bhfad níos mó buaite ag Corcaigh ná mar atá againne. Is dócha le cúpla bliain anuas d’athraíomar é sin beagáinín agus tá muid ag déanamh beagáinín níos fearr, ach fós féin, nuair a fhéachann tú air, bhí Corcaigh i gCluiche Ceannais na Mumhan anuraidh. Bhuaigh siad ar Chiarraí agus nuair a fhéachann tú ar an trsaith a bhí acu anuraidh i Roinn 3, bhí bliain ana-mhaith acu den chuid is mó.

‘Tá a fhios agam go mbeadh díomá orthu le Cluiche Ceannais na Mumhan ach fós féin rinneadar ana-dhul chin cinn anuraidh agus níl aon amhras ach gur cluiche deacair agus dainséarach é seo don Chlár ar an Domhnach. Tá gach aoinne ag caint faoin gClár faoi láthair agus níl aoinne ag caint faoi Chorcaigh. Tá an seans céanna aige Corcaigh is atá ag an gClár dul tríd ar an deireadh seachtaine. Mar sin, is dócha go bhfuil sé sin saghas dainséarach.

‘Ní minic a bheimis ag gabháil isteach chuig cluiche i gcoinne Chorcaí, go mbeadh an chaint ar fad faoin gClár. Le cúnamh Dé, beidh na leaids dírithe ar an gcluiche sin agus ní bheidh siad ag éisteacht leis an méid sin atá ar siúl timpeall orthu. Níl aon amhras orm ach go mbeidh siad (dírithe ar an gcluiche).

Ag tagairt dó den chluiche craoibhe in aghaidh Chiarraí atá amach romhainn, deir Gary:

‘Maidir leis an gCraobh ansin is dócha, nuair a bhí mise ann d’fhéachamar ar gach cluiche de réir mar a tháinig sé aníos agus ceapaim go mbeidh sé mar an gcéanna dóibh i mbliana. Ní bheidh siad ag féachaint ar Chiarraí faoi láthair ach nuair a thagann sé chuig an am sin, beidh siad réidh chun tabhairt faoin dúshlán sin.

‘Is dúshlán ollmhór é. Aon chontae a bheadh ag imirt i gcoinne Chiarraí in aon bhliain, Áth Cliath fiú, bheadh sé deacair orthu buachaint orthu bliain i ndiaidh bliana. D’imir muid ina n-aghaidh an-mhinic le deich mbliana anuas. Bhí cúpla cluiche a bhí an-chóngarach. Bhí cúpla cluiche nár imríomar maith a dhóthain in aon chor, sna cluichí sin. Is dócha go mbeidh na leaids ag díriú ar an taispeántas is fearr gur féidir leo a thabhairt, a thabhairt ar an lá sin ach ní bheidh siad ag smaoineamh air sin go ceann tamaill eile.’

Bhí an-rath ar shaol imeartha Gary agus tugadh aitheantas dá chuid éachtaí ar an bpáirc imeartha sa bhliain 2016 nuair a ainmníodh é le haghaidh Ghradam All-Star. D’imir sé le foireann na hÉireann in aghaidh na hAstrála sna blianta 2015 agus 2017. Peileadóir den scoth a bhí ann agus d’iarr mé air an mbeadh suim aige gabháil i mbun bainistíochta anois mar chéad chéim eile, amach anseo.

‘Sea, sa todhchaí ní bheadh a fhios agat. Táim ag staidéar faoi láthair i gColáiste Setanta ag déanamh máistreachta sa chóitseáil. Ní bheadh a fhios agat. Tá mé ag déanamh píosaí leis an gclub faoi láthair agus taitníonn sé liom a bheith bainteach le foirne agus tá sé déanta agam ar scoil leis na blianta. Taitníonn sé liom a bheith ag cabhrú le daoine óga agus a bheith ag féachaint orthu ag feabhsú.

‘Ní bheadh a fhios agat. Déanfaidh mé cóitseail anseo is ansiúd agus má tharlaíonn rud éigin sa todhchaí, ní féidir a bheith cinnte faoi riamh!’

Tabharfaidh an Clár aghaidh ar Chorcaigh, Dé Domhnaigh seo chugainn, ar 13.45 i bPáirc Chíosóig, Inis.

Gavin Cooney á chur faoi bhrú ag Rober Pigott agus Gareth Dillon ó Laois

Gavin Cooney á chur faoi bhrú ag Rober Pigott agus Gareth Dillon ó Laois