Adam O'Neill, An Mhí, agus Doiminic McEnhill, Aontroim, san iomaíocht le haghaidh na liathróide i gCluiche Leathcheannais Chraobh Chorn Tailteann i mbliana
Adam O'Neill, An Mhí, agus Doiminic McEnhill, Aontroim, san iomaíocht le haghaidh na liathróide i gCluiche Leathcheannais Chraobh Chorn Tailteann i mbliana

An tAgallamh Mór – Adam O’Neill


Le Jamie Ó Tuama

Bhí bliain an-mhór agus an-rathúil ag Adam O’Neill ar an bpáirc imeartha dá chlub agus dá chontae go dtí seo i 2023. I mí Eanáir d’imir sé a chéad chluiche leis an Mí faoi réimeas nua Colm O’Rourke. In ainneoin an ‘thuas seal agus an thíos seal’ a lean an cluiche sin, chríochnaigh an bhliain suas le Corn Tailteann ag cur faoi ar bhruacha na Bóinne agus i bPáirc Tailteann. Bhí Adam mar chúltaca ag foireann sin na Mí don bhliain agus é ag imirt ag uimhir 2.

Ní hamháin sin, ach tar éis don Mhí an ceann is fearr a fháil ar an Dún sa chluiche deireanach den ghrúpa cáilithe do Chluichí Ceathrú Ceannais Chorn Tailteann, thaistil Adam suas chuig na Méilte i nGaeltacht Thír Chonaill le páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta lena chlub CLG Bhulf Tón agus bhuaigh siad an comórtas.

Labhair GAA.ie le hAdam lena thuilleadh a fhoghlaim faoi féin agus faoin mbliain rathúil a bhí aige lena chlub agus lena chontae. Ba ag clubtheach Bhulf Tón i lár Ghaeltacht Bhaile Ghib a chas muid ar a chéile agus thosaigh muid lena cheistiú faoi thábhacht an chlub ina shaol ó bhí sé óg.

Adam O’Neill: Bhí sé iontach tábhachtach dom. Is as Baile Átha Cliath a tháinig mé ar dtús. Bhí muid i gCaisleán Cnucha agus nuair a tháinig muid anseo ní raibh mise ach sé bliana d’aois.

D’imir m’athair leis an gclub nuair a bhí se óg. Bhí sé go maith. Bhí an club seo mar an chéad phobal a bhí anseo dúinn nuair a tháinig muid anseo agus ó shin bhí sé tábhactach dom a bheith páirteach sna foirne faoi aois anseo. Bhí daoine ar nós Alan Corrigan agus Cathal Ó Bric an-mhaith dom ag fás aníos anseo sa chlub. Bhraith mé go raibh mé mar chuid de phobal iontach.

Ceist: D’imir tú do chéad chluiche leis an Mí i mbliana. Inis dom faoi sin. Cén uair a bhfuair tú an glaoch ó Cholm agus cén chaoi ar mhothaigh tú faoi sin?

AON: Ní raibh glaoch ann is dócha ach bhí mé curtha i ngrúpa nua ‘Meath Panel 2023’ agus bhí mo dheartháir (Daniel) liom, freisin. Ní raibh críoch an-mhaith ag an gclub anuraidh ach bhí cúpla bliain maith déanta agam leis an gclub roimhe sin agus is dócha go raibh mé roghnaithe dá bharr sin.

Bhí sé iontach. Bhí mo dheartháir, bhí iontas air go bhfuair sé glaoch. Bhí fear ón Mí ag fiosrú fúmsa agus faoi féin agus ghlaoigh sé ag rá nach raibh sé in ann a rá linn céard go díreach a bhí i gceist ach go raibh muid curtha isteach ansin (ar an bpainéal). Bhí ionadh orm ach bhí mé an-tógtha leis agus ar bís faoi.

Ceist: …agus go háirithe nuair nár imir tú faoi aois leis an gcontae?

AON: Sea, níor imir mé ar scoil ach an oiread. Bhí mé an-tógtha le cispheil ag fás aníos agus bhí mé ag Cluiche Ceannais na hÉireann leis an scoil faoi dhó ach chaill muid faoi dhó, freisin. B’in é an spórt a raibh mé an-tógtha leis ag fás aníos agus is dócha go raibh na scileanna ón gcispheil an-chabhrach dom agus mé ag filleadh ar an bpeil.

Ceist: Bhí tús réasúnta maith ag an Mí leis an mbliain. Fuair sibh an ceann is fearr ar Cheatharlach agus bhí dhá chomhscór agaibh in aghaidh an Longfoirt agus in aghaidh Laoise i gCorn Uí Bhroin. D’airigh mé go raibh sceitimíní ar lucht peile chontae na Mí. Bhí sluaite móra do bhur leanacht i gCorn Uí Bhroin agus bhí gach duine ag súil go mór le tús ré Colm O’Rourke. Ar airigh sibh féin é sin?

AON: Cinnte d’airigh agus le Colm ag teacht isteach ceapaim go raibh. Tá sé aisteach nuair a thagann iarimreoir isteach go mbíonn an méid sin daoine ag súil go mbeidh na glory years ag teacht ar ais.

Braitheann tú sin agus mar a luaigh tú féin faoi Chorn Uí Bhroin agus sa tsraith thíos i gCorcaigh, bhí slua ollmhór thíos ann. Bhí an oiread sin ionaidh orainn go raibh an méid sin daoine ag teacht trí nó ceithre uair an chloig síos an tír chun féachaint orainn.

Harry O'Higgins, Seán Coffey agus Adam O'Neill ag ceiliúradh tar éis Corn Tailteann a bhuachan níos túisce sa bhliain
Harry O'Higgins, Seán Coffey agus Adam O'Neill ag ceiliúradh tar éis Corn Tailteann a bhuachan níos túisce sa bhliain

Ceist: Cén chaoi a ndeachaigh sé sin i bhfeidhm oraibh? Ar thug sibh faoi deara é? Ar chuir sé brú breise oraibh?

AON: Bhí sé iontach. Ón tús, bhí siad ag súil le go leor. Is dócha go raibh an bhainistíocht ag iarraidh seo a inseacht dúinn agus a chinntiú go raibh a fhios againn go raibh daoine ag súil le silverwear a thabhairt ar ais.

Domsa cibé, ní raibh mórán brú orm is dócha. Ní bhíonn mórán brú orm i gcúrsaí spóirt. Níl a fhios agam cén fáth. B’fhéidir go raibh sé ann do na leaids eile.

Ceist: Cén fáth nach mbíonn brú ort? An mbreathnaíonn tú ar an bpeil mar chaitheamh aimsire seachas mar rud ar bith eile?

AON: Caitheamh aimsire atá ann. Sin é. Bímse neirbhíseach faoi rudaí eile sa saol ach ní i spórt. Is dócha go bhfaigheann tú sa zón nuair atá tú amuigh ar an bpáirc. Ní bhíonn tú ag féachaint ar cé tá sa slua nó cé tá sa lucht féachana. Bíonn tú sa zón. Sin an rud a tharlaíonn doma cibé.

Ceist: Ní bhreathnaíonn tú air mar rud a bhfuil strus ag baint leis mar sin?

AON: Sin é go díreach. Níl mé ag rá nach bhfuil sé strusmhar ach bíonn tú chomh dírithe ar an tasc agus ar an gcéad liathróid eile. Ní bhíonn an t-am agat a bheith ag smaoineamh ar rudaí eile.

Ceist: Dar ndóigh, ní tusa amháin a d’imir leis an Mí don chéad uair i mbliana. D’imir leithéidí Aaron Lynch, Seán Coffey agus Seán Brennan i measc go leor eile don chéad uair i mbliana, freisin. Ar chabhraigh sé sin leat socrú isteach ar an bpainéal?

AON: Cinnte. Ón tús bhí neart daoine ar m’aoise ann. Níor imir mé faoi aois ach bhí go leor daoine ar m’aoise ann agus chabhraigh sé sin go mór liom.

Is dócha, b’fhéidir, ó bhlianta eile bheifeá ag gabháil isteach ag féachaint ar imreoirí níos sine agus ag iarraidh a bheith ar an leibhéal céanna leo. Má tá leaids ansin ar an aois chéanna leat cabhraíonn siad leat teacht go dtí an leibhéal a gcaithfidh tú a bheith aige agus bíonn sé níos éasca an leibhéal sin a bhaint amach.

Ceist: Cé go bhfuair sibh an ceann is fearr ar Chorcaigh sa chéad chluiche sraithe ní raibh sibh ach réasúnta sa tsraith. Bhí an baol ann nach gcáileodh sibh le haghaidh Chorn Shomhairle Mhig Uidhir. B’fhéidir gur imigh cuid den buzz a bhí thimpeall oraibh dá bharr. An raibh tionchar ag na torthaí sraithe oraibh, nó an raibh sibh dírithe ar spriocanna níos fadtéarmaí?

AON: Is dócha go raibh. Bhí muid saghas le foireann nua. Is dócha go dtógann sé am le rudaí a shórtáil amach agus foireann atá le chéile a fháil mar bhí muid ag gabháil isteach ann mar imreoirí nua ó chlubanna éagsúla. Níor imir an-chuid de na leaids le chéile ariamh agus mise san áireamh ansin.

Is dócha go raibh tús maith againn in aghaidh Chorcaí agus in aghaidh an Chláir ach ina dhiaidh sin bhí tú ag gabháil suas go Doire in aghaidh foirne a bhí i gCluiche Leathcheannais na hÉireann anuraidh. Bhí step up iontach ann agus is dócha nach raibh muid réidh dó. Ansin nuair a chailleann tú an móiminteam sin bíonn sé deacair é a fháil ar ais.

Ceist: Nuair a chaill an Mhí in aghaidh Uíbh Fhailí i gCraobh Laighean d’fhéadfadh sibh misneach a chailleadh ach is léir nár tharla sé sin. Cé chomh tábhachtach is a bhí sé daoibh go n-éireodh go maith libh i gCraobh Chorn Tailteann?

AON: Bhí muid an-dáiríre faoi. An chéad rud a dúirt Colm agus an fhoireann bainistíochta ná ‘níl muid anseo díreach le páirt a ghlacadh ann. Tá muid ann anois agus caithfidh muid é a bhuachaint agus is fiú go mór a bheith sa chluiche ceannais’.

Ar dtús bhí muid, b’fhéidir, ag leibhéal níos éasca ná mar a bhí sa tsraith is dócha. Bhí muid ag iarraidh, mar a dúirt mé ansin, móiminteam a fháil ar ais agus an chéad chluiche in aghaidh Thiobraid Árann a bhuachaint. Ansin a ghabháil síos go Port Láirge agus, ansin, bhí cluiche mór againn in aghaidh an Dúin. Nuair a fuair muid an ceann is fearr ar an Dún sa chluiche sin bhí an-chuid dearfachta timpeall na foirne.

Bhí muid ag tnúth go mór le gach cluiche agus ceapaim go raibh muid muiníneach go raibh muid in ann é a bhuachaint ina dhiaidh sin.

Foireann bhuacach Chraobh Chorn Tailteann na Mí ag ceiliúradh a mbua i bPáirc an Chrócaigh níos túisce sa bhliain
Foireann bhuacach Chraobh Chorn Tailteann na Mí ag ceiliúradh a mbua i bPáirc an Chrócaigh níos túisce sa bhliain

Ceist: Nuair a d’éirigh libh an ceann is fearr a fháil ar an Dún sa chluche ceannais, bhí an saol is a mháthair amuigh ag ceiliúradh libh. Bhí cluiche ceannais buaite agaibh i bPáirc an Chrócaigh. Ar thuig sibh cé chomh mór is a bhí an contae taobh thiar daoibh?

AON: Bhí sé iontach domsa go pearsanta mar bhí mise ag imirt i bPáirc an Chrócaigh don chéad uair agus bhí cúpla leaid eile ansin i bPáirc an Chrócaigh don chéad uair sa chluiche leathcheannais. Is rud an-speisialta é sin cibé comórtas atá tú ag glacadh páirte ann.

Nuair a bhí muidne ann don chluiche ceannais an lá céanna le Cluiche Leathcheannais na hÉireann bhí sé iontach. Níl a fhios agam an raibh sé díolta amach an lá sin ach bhí an áit ag buzzáil. Bhí an toradh iontach agus bhí an slua iontach. Bhí mé ag rá nach mbím ag féachaint ar an lucht féachana ach bhí siad le cloisteáil an lá sin!

Ceist: Bhí an bua sin tábhachtach do lucht peile na Mí agus ba léir ón gceiliúradh a rinneadh ar an mbua gur bua an-speisialta a bhí ann.

AON: Cinnte. Tar éis bliain dheacair bhí sé speisialta roinnt silverware a thabhairt abhaile. Bhí sé speisialta do na himreoirí, freisin. Ní hamháin tar éis bliain dheacair ach tar eis cúpla bliain nach raibh tú ag imirt in aon chluiche ceannais ar chor ar bith. Bhí sé speisialta corn a fháil tar éis cúpla mí a bhí an-deacair.

Ceist: Bhí na mílte gasúr i bPáirc Tailteann le fáilte a chur abhaile romhaibh an lá arna mhárach. Caithfidh go raibh sé iontach a bheith mar chuid de rud a thug an oiread sin sásaimh agus sonais do dhaoine.

AON: Cinnte, ach fiú roimh an gcluiche ceannais bhí seisiún traenála oscailte againn agus bhí an slua a tháinig isteach iontach agus rud a fheiceann tú ansin ná go bhfuil an méid sin páistí agus teaghlaigh ann ag tacú linn agus go bhfuil siad ar bís tú a fheiceáil. Nuair atá tú ag síniú na ngeansaithe, mar a luaigh tú, bíonn siad ar bís agus ag gáire lena gcairde agus gach rud mar sin. Bhí an slua agus an lucht tacaíochta iontach théis an bhua ach go háirithe.

Ceist: Tá rudaí ag gabháil go maith i gcontae na Mí le blianta beaga anuas idir bhua na mionúr, bhuanna na mban agus anois le Corn Tailteann ag cur faoi sa chontae uaidh seo go ceann bliana eile. Caithfidh go bhfuil lucht na peile sa gcontae sásta faoi láthair agus dóchasach go bhfuil tuilleadh laethanta móra le teacht?

AON: Is dócha go bhfuil. Tá tú ag iarraidh na daoine a fheiceann tú sa siopa nó i do phobal féin a fheiceáil thuas i bPáirc an Chrócaigh ar laethanta móra agus go mbeadh role models ag na daoine óga. Tá sé iontach. Tá a fhios agam féin ó bhí mise ag fás aníos go raibh sé iontach daoine i ngeansaí na Mí a fheiceáil amuigh ar an bpáirc.

Ceist: Caithfidh go bhfuil tú ag súil go mór le tús an chéad séasúir idirchontae eile? An mbeidh sibh ag díriú ar an tsraith agus ar Chraobh Laighean?

AON: Cinnte agus tá sé iontach anois. Tá muid ag iarraidh a bheith iomaíoch sa tsraith agus cáiliú le haghaidh an Sam Maguire tríd sin, freisin. Tá muid ag tnúth go mór leis an tsraith ar dtús.

Tá muid ag iarraidh brú ar aghaidh anois. Níl muid ag iarraidh suí siar agus a bheith sásta áit íseal a fháil sa tsraith. Tá muid ag iarraidh a bheith iomaíoch leis na foirne is fearr sa tsraith. Ansin, a ghabháil isteach sa Sam Maguire agus a bheith iomaíoch i ngach cluiche a imríonn muid.

An chéad rud ná an chéad chluiche sa tsraith agus is dócha Corn Uí Bhroin roimhe sin, freisin, le rudaí a thriail amach.

Ceist: Ní leis an Mí amháin a bhuaigh tú corn i mbliana. Bhí tú ag Comórtas Peile na Gaeltachta le do chlub CLG Bhulf Tón an lá tar éis daoibh an ceann is fearr a fháil ar an Dún sa chluiche deireanach den ghrúpa cáilithe do Chraobh Chorn Tailteann.

Adam O’Neill, Cian O’Neill agus Gearóid O’Brien ag ceiliúradh tar éis do Bhulf Tón an ceann is fearr a fháil ar Naomh Peadar, Dún Búinne, i gCluiche Ceannais Chraobh na Mí i bPáirc Tailteann i 2021
Adam O’Neill, Cian O’Neill agus Gearóid O’Brien ag ceiliúradh tar éis do Bhulf Tón an ceann is fearr a fháil ar Naomh Peadar, Dún Búinne, i gCluiche Ceannais Chraobh na Mí i bPáirc Tailteann i 2021

AON: Bhí sé iontach speisialta. Bhí mé ann anuraidh ach fuair mé gortú tar éis an chéad chluiche agus ní raibh mé in ann imirt sa chéad chluiche eile. Bhí mé in umar na haimhléise le bheith fírinneach nuair nach raibh mé in ann imirt sa gcluiche sin ach ag teacht ar ais i mbliana, ní raibh mé cinnte an mbeadh an deis sin agam imirt. Ceapaim dá gcaillfeadh muid in aghaidh an Dúin, bheadh muid amuigh ag imirt an chéad seachtain eile. Ní bheadh aon chomórtas agam dá dtarlódh sé sin!

Bhí sé iontach a bheith ann. Rinne na leaids jab maith sa chéad chluiche in aghaidh na Rinne ceapaim. Bhí sé go maith ansin ag teacht ach bhí an obair déanta domsa. Bhí mé in ann teacht isteach sa chluiche leathcheannais ansin.

Ceist: Inis dom faoin gcomhrá a bhí agat le Colm O’Rourke agus tú ag rá leis go raibh tú ag iarraidh gabháil suas go Gaeltacht Thír Chonaill le himirt ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

AON: Tá sé éasca plé leis. Tá sé réchúiseach is dócha. Bíonn muinín aige ionat a bheith cliste faoi do chorp féin agus a bheith cliste faoi céard atá á dhéanamh agat. Ní bhíonn seisean ag iarraidh a bheith ag díriú ar gach cuid de do shaol. Dúirt mé leis nach bhfaighinn aon ghortú agus bhí sé ceart go leor leis sin.

Bhí cúpla imreoir ó Dhún na Gall bainteach le Naomh Conaill chomh maith. Bhí an caighdeán chomh hard sin sa chluiche ceannais.

Ceist: Cé chomh tábhachtach is atá Comórtas Peile na Gaeltachta don chlub? Tá a fhios agam go raibh baint ag go leor laochra móra de chuid an chlub leis an gcomórtas thar na blianta agus go raibh sé an-tábhachtach dóibh go mbeadh an club ag glacadh páirte ann.

AON: Má tá cur amach ag aoinne ar an stair anseo i mBaile Ghib, sin mar a thosaigh an Ghaeltacht anseo gur tháinig daoine ó Mhaigh Eo, Ciarraí agus Dún na nGall chun Gaeltacht nua a chruthú anseo. Tá sé sin speisialta.

Tá muid saghas scaipthe amach is dócha ó na Gaeltachtaí eile. Mar sin, tá sé speisialta a bheith in ann dul go háiteanna iontacha sa tír, áiteanna difriúla ón áit seo. Níl tránna ná radhracanna anseo i mBaile Ghib. Tá sé iontach dul pé áit ina bhfuil sé, Dún na nGall nó Conamara. Bhí na leaids i gCiarraí cúpla bliain ó shin. Bhí sé sin go maith.

Ceist: Agus na hice baths le fáil sa bhfarraige atá buailte leis na páirceanna imeartha!?

AON: Sin é! Bíonn siad chomh fuar sin!

Tá sé ar nós turais team bonding a bheith ag gabháil chuig áit eigin sa tír agus a bheith in éineacht leis na leaids a n-imríonn tú leo an t-am ar fad. Tá sé iontach dúinn i ndáiríre agus tá mé anois ag tnúth go mór leis an gcéad bhliain eile má tá mé in ann imirt arís ann.

Ceist: Luaigh tú go gcruthaíonn an deireadh seachtaine as baile an-spiorad i measc na foirne. Inis níos mó dom faoi sin.

AON: Tá sé iontach. Fiú anois tá muid ag tagairt den lá sin sa chomórtas agus ag rá gur tháinig muid le chéile mar fhoireann nuair a bhí trí chluiche an-deacair againn agus go raibh muid in ann é a bhuachaint. Tá sé iontach. Seasfaidh sé sin dúinn anois.

Ceist: Tá sibh anois i gcluiche ceathrú ceannais an chontae agus cluiche mór agaibh in aghaidh bhur gcomharsana béal dorais, Baile Shíomóin, ar an deireadh seachtaine. Cén chaoi a bhfuil sibh ag aireachtáil faoi na dúshláin atá amach romhaibh i gcraobh an chontae?

AON: Tá muid ag súil go mór leis, cinnte. Is dócha go n-imríonn muid in aghaidh Bhaile Shíomóin gach bliain agus is dúshlán, is troid, is comhraic é gach uair a gcasann muid leo ar an bpáirc imeartha. Tá muid ag súil go mór leis.

Tá aithne mhaith againn ar na himreoirí. Ní dheachaigh mise go Scoil Chlaisiceach Naomh Pádraig san Uaimh ach bhí leath den fhoireann ann agus tá siad cairdiúil leis na leaids ó Bhaile Shíomóin. Ní bheidh siad cairdiúil leis na leaids an deireadh seachtaine seo chugainn ach bíonn siad cairdiúil leo an chuid eile den bhliain!

Jamie Ó Tuama: Go raibh maith agat, a Adam, agus gach rath ort don chuid eile den bhliain.

AON: Failte romhat.

Adam O'Neill, Bhulf Tón, ag cur brú ar Shane Cunningham, Cill Mochuda Na Crócaigh, nuair a d'imir na foirne in aghaidh a chéile i gCraobh Laighean i 2021
Adam O'Neill, Bhulf Tón, ag cur brú ar Shane Cunningham, Cill Mochuda Na Crócaigh, nuair a d'imir na foirne in aghaidh a chéile i gCraobh Laighean i 2021