Boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025 bronnta ar 52 club i bPáirc an Chrócaigh
Aodán Ó Ceallaigh, Úna Ó Scollaí, Pádraig de Búrca, Dr. Dara de Poire, Gavin Duff, Hugh Ó Neill, Sadbh Nic Pháidín agus Gearóid Ó Ghreacháin ó Naomh Uinsionn CLG, Marino i mBaile Átha Cliath ag glacadh le bonn óir de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, Eoin Ó Droighneáin ó Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltacta, Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge an Chumainn Lúthchleas Gael agus an láithreoir spóirt Gráinne McElwain
Bhí obair mhór chlubanna de chuid CLG i leith na Gaeilge faoin spotsholas Dé hAoine seo, 14 Samhain, i bPáirc an Chrócaigh nuair a bronnadh boinn e chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 53 club ó chontaetha fud fad na tíre. Ina theannta sin, bronnadh boinn ar chúig Bhord Contae a ghlac páirt i rannóg speisialta den Fhondúireacht mar chuid de scéim phíolótach i mbliana. Tugadh aitheantas ar an oíche, freisin, do na 283 club ar fad a ghlac páirt sa scéim i mbliana.
Ba í an craoltóir spóirt agus siamsaíochta, Gráinne McElwain, a bhí mar bhean an tí ag an ócáid, a d’fhógair na trí chlub a bhain Boinn Óir, na 13 club a bhain Boinn Airgid agus na 37 club a bhain Boinn Cré-umha amach i mbliana. Bhain trí bhord contae Boinn Chré-umha amach agus dhá bhord Boinn Airgid.
Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir CLG agus Glór na nGael. Tá an chomhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna de chuid CLG ar fud na tíre. Is fianaise iad na boinn seo a bronnadh ar iarrachtaí leanúnacha na gclubanna chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus chun a fás a chothú i measc a mball agus a bpobal.
Ag labhairt di ón ardán, ghabh Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, Áine Uí Choinn, buíochas ó chroí leis na daoine sna clubanna a bhíonn ag obair iontu, go háirithe na hoifigigh Gaeilge:
“Is sibhse atá ag déanamh na hoibre fíorthábhachtaí ar an talamh, ag spreagadh na Gaeilge i ngach gníomhaíocht ó na cluichí go dtí na cruinnithe, ó na meáin shóisialta – agus tá obair iontach ag dul ar aghaidh ar na meáin shóisialta – go dtí na himeachtaí pobail a reáchtálann sibh.”
Dúirt sí, freisin:
“Is iontach go deo na clubanna a fheiceáil le chéile anseo, ag ceiliúradh thoradh a gcuid oibre ag cothú na teanga tríd na cluichí.
Tá sé ríshoiléir go bhfuil an treoir agus an tacaíocht phraiticiúil a fhaigheann na clubanna ó FSMD ag cuidiú go mór leis an Ghaeilge a chothú agus a normalú i gclubanna. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt ní hamháin do na clubanna, ach don obair a dhéanann foireann Ghlór na nGael fosta, foireann atá ag obair go dílis ó cheann ceann na bliana le haidhmeanna agus spriocanna na Fondúireachta a bhaint amach,” a dúirt sé.
Tar éis an tsearmanais, dúirt Cáit Ní Choirbhín, Bainisteoir Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha:
“Is saothar fadtéarmach é an Ghaeilge a chur i gcroílár shaol an chlub, agus tá na boinn seo mar aitheantas macánta ar an obair sin. Táimid ag feiceáil níos mó clubanna gach bliain ag pleanáil go stuama, ag úsáid na Gaeilge go laethúil, agus ag tabhairt daoine leo. Ní bheadh an rath seo ann gan an chomhpháirtíocht láidir idir na clubanna féin, Glór na nGael agus Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG.”
Ní hamháin go raibh ócáid bhronnta ann, ach bhí clabhsúr ar bhliain ina ndearnadh láithreacht agus stádas na Gaeilge a chur chun cinn sna cumainn agus sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe.
Póilín Uí Ruanaidh, Mackie Ó Ruanaidh agus Séamus McElwain ón Bhoth CLG i gcontae Mhuineacháin ag glacadh le bonn cré-rumha de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, Ciarán Mag Uidhir, Oifigeach Gaeilge CLG Uladh agus an láithreoir spóirt Gráinne McElwain
Seo thíos liosta de na clubanna agus de na contaeha uilig ar bronnadh boinn orthu i mbliana:
Cúige Uladh
Co. Aontroma:
- Mac Uílín CLG – Bonn Cré-Umha
Co. Ard Mhacha:
- Naomh Pádraig CLG, Coilleach Eanach – Bonn Airgid
- Cumann Sheáin Ui Neill, CLG – Bonn Airgid
- Naomh Pól an Lorgain – Bonn Cré-Umha
- Cumann Iománaíochta Sheáin Uí Threasaigh – Bonn Cré-Umha
Co. Dhún na nGall:
- Naomh Muire Íochtar na Rosann CLG – Bonn Cré-Umha
- Naomh Adhamhnáin CLG – Bonn Cré-Umha
- Na Rossa CLG – Bonn Cré-Umha
- Na Dúnaibh CLG – Bonn Cré-Umha
- An Clochán Liath CLG – Bonn Óir
Co. Fhear Manach:
- An Chéad Chumann CLG, An Baile Nua – Bonn Airgid
- Gaeil Inis Ceithleann CLG – Bonn Cré-Umha
Co. Mhuineacháin:
- Tigh Thalainn – Bonn Cré-Umha
- An Bhoth CLG – Bonn Cré-Umha
- Achadh na Muileann CLG – Bonn Cré-Umha
Co. Thír Eoghain:
- Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór – Bonn Airgid
- Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) – Bonn Airgid
- Mná an Droma Mhóir – Bonn Cré-Umha
Co. an Dúin:
- Toigh Chonnachta, CLG – Bonn Airgid
- Achadh Dearg + Baile Uí Mhearlaigh – Bonn Airgid
- Tulach Lís CLG – Bonn Cré-Umha
- Naomh Pádraig CLG, Sabhall – Bonn Cré-Umha
- Naomh Eoin Bosco CLG – Bonn Cré-Umha
- Droim Ga CLG – Bonn Cré-Umha
- Cumann Pheadair Naofa – Bonn Cré-Umha
- Baile Mháirtín CLG – Bonn Cré-Umha
Cúige Mumhan
Co. Chorcaí:
- Raonaithe Cairbre – Bonn Cré-Umha
- Fánaithe an Ruiséalaigh – Bonn Cré-Umha
Co. Luimnigh:
- Mungairit Naomh Póil CLG – Bonn Cré-Umha
- Fánaithe na Camóige – Bonn Cré-Umha
- Áth Dara CLG – Bonn Cré-Umha
- Áth an tSléibhe, CLG – Bonn Cré-Umha
- Átháin CLG, Lios na Graí – Bonn Óir
Co. an Chláir:
- Clár Átha an Dá Choradh – Bonn Airgid
Cúige Chonnacht
Co. Liatroma:
- Gleann an Chairthe - Cluainín CLG – Bonn Cré-Umha
Co. Mhaigh Eo:
- CLG Baile an Tobair – Bonn Cré-Umha
- Cill Chomáin CLG - Bonn Airgid
Co. Shligigh:
- Naomh Muire Baile Shligigh – Bonn Cré-Umha
Co. na Gaillimhe:
- Peil na mBan Charna Caiseal – Bonn Airgid
- Cumann Naomh Mhuire Ard Rathaín CLG – Bonn Cré-Umha
- Cealltrach CLG – Bonn Cré-Umha
Cúige Laighean
Co. Cheatharlach:
- Naomh Eoin, Miseal – Bonn Cré-Umha
Co. Chill Dara:
- Éire Óg Corra Choill – Bonn Cré-Umha
Co. Laoise:
- Cluain Fhada CLG – Bonn Airgid
Co. Lú:
- Naomh Malachaí CLG – Bonn Cré-Umha
- Naomh Máirtín Droichead Átha Lú – Bonn Cré-Umha
- Naomh Feichín CLG, Tearmann Feichín – Bonn Cré-Umha
Co. an Longfoirt:
- Gaeil an tAthair Ó Mainnin – Bonn Cré-Umha
Co. na hIarmhí:
- Baile an Mhuilinn, Íarmhí – Bonn Cré-Umha
Co. Átha Cliath:
- Naomh Eoin Baile an tSaoir – Bonn Airgid
- Na Gaeil Aeracha – Bonn Airgid
- Cumann An Chloigthí CLG – Bonn Airgid
- Naomh Barróg CLG – Bonn Cré-Umha
- Naomh Uinsionn CLG – Bonn Óir
Na Boird Chontae
- Bord Contae Chiarraí - Bonn Cré-Umha
- Bord Contae an Chláir - Bonn Cré-Umha
- Bord Contae Mhuineacháin - Bonn Airgid
- Bord Contae Thír Eoghain - Bonn Cré-Umha
- Bord Contae Chill Dara - Bonn Airgid