Gaeilge
An tarraingt déanta do Bhabhta 1 de Chraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann
Imreoidh An Mhí agus Corcaigh in aghaidh a chéile an athuair i mBabhta 1 de Chraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann
Rinneadh an tarraingt do Bhabhta 1 de Chraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann Dé Luain seo caite ar GAA+.
Is mar seo a leanas a tarraingíodh na foirne:
Áth Cliath agus Lú
Corcaigh agus An Mhí
Muineachán agus Maigh Eo
An Iarmhí agus An Cabhán
Ciarraí agus Dún na nGall
Gaillimh agus Cill Dara
Ard Mhacha agus Doire
Ros Comáin agus Tír Eoghain
Imreoidh na foirne a bhain Cluichí Ceannais na Mumhan agus Chonnacht amach a gcuid cluichí idir 23-24 Bealtaine.
Imreoidh na foirne a bhain Cluichí Ceannais Uladh agus Laighean amach a gcuid cluichí idir 30-31 Bealtaine.