Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Bainisteoir IT Ceatharlach, DJ Carey.
Bainisteoir IT Ceatharlach, DJ Carey.

Tá ceisteanna agus freagraí ag teacht


Cian Ó Conaill

Ar fud na tíre tá foirne réidh le dul san iomaíocht i gCorn Sigerson agus Fitzgibbon. Cinnte tá rud éigin faoi na comortaisí sin a spreagann dúchas na nGael.

Ag an tarraignt i Músaem Pháirc an Chrócaigh mí ó shoin bhí suim mór ag daoine ann. Imreoirí, lucht bainistíochta, agus maor ann, bhí grúpaí Whatsapp gnóthach i ngach cúinne in Éirinn.

Bhí pleannana á chur le chéile, bhí dataí socraithe agus is léir go raibh daoine ag smaoineamh ar na dushláin amach rompu i mí Eánair agus Feabhra. Bhí neart macnaimh agus níos mó brionglóidí le sonrú ar an lá.

Labhair an tArd Stiúrthóir Páráic Ó Dufaigh faoi thábhacht na gcluichí tríú léibheal ar bhealaí difriúla. Tugann sé sprioc agus spreagadh d’imreoirí ar an bpáirc ach i bhfad ón bhféar tá obair dian a dhéanamh ag daoine chun cabhrú le cúrsaí Cumann Luthcleas Gael. Ag an tráth seo don bhliain, go háirithe, tuigeann daoine go bhfuil aird agus suim an phobail iontu.

Ní chaithfear ach breathnú ar an dul chun cinn atá déanta ag Coláiste Mhuire Gan Smal, an tslí go bhfuil siad ábalta foireann láidir a chur chun páirce i gCorn Fitzgibbon.

Anuraidh rinne Coláiste Mhuire, Béal Féirste éacht i gCorn Sigerson. Bhí an aimsir fuar ach ní dhéanfar aon duine a raibh i láthair ann ar gaiscí fir Uladh.

Ag deireadh an cluiche sin thit an bainisteoir Paddy Tally ar an talamh, bhí a dhá lámh crochta suas aige, gliondar ina chroí. Tríd na blianta bhí fís aige go mbeadh lá ag Coláiste Mhuire. Tháining an cúpla uair a chloig sin.

Casann an roth agus beidh siad ag iarraidh bheith chun tosaigh arís.

Tá iomáinaithe ag Ollscoil Luimnigh i gcónaí, tá a chuid peileadóirí ag feabhsú. Tá DJ Carey le Institúid Technolaíochta Ceatharlach. Laochra fós ag foghlaim agus a fás mar traenalaí.

Laochra óga díocasach agus forbairt ar fhás DJ féin mar thraenálaí. Níl aon amhras faoi tradisiún agus stair atá ag baint le Coláiste na hOllscoile i Baile Atha Cliath agus Corcaigh. Tá ceisteanna agus freagraí ag teacht; bain sult as an aicsean ar fad. Tráth speisialta don bhliain.

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions