Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Sár imreoir óg Ciarraí, David Clifford.

Sár imreoir óg Ciarraí, David Clifford.

Bíonn neart scéalta le plé


Cian Ó’Conaill

Ag tús an tSraith Allianz bíonn neart scéalta le plé. Bua Uibh Fhailí, caibidil eile á chur le chéile ag Davy Fitzgerald le Loch Gorman, spiorad Condae Aontroma. Sin an iomáint amháin, a dhuine.

Tharla rudaí leis an liathróid mór freisin. Leaids óga Ciarraí ag teacht ar an bhfód, luas Thiobraid Árainn agus Bernard Brogan ar ais ar a sheanléim. Thug Brogan dhá phas den chéad scoth i gCeannáras. Bhádh Baile Átha Cliath péire cúl.

Anois tabharfaidh foireann Jim Gavin aghaidh ar Tír Eoghain oíche Shatharn. Cluiche tábhachtach eile, go háirithe tar éis an méid a tharla i dTuaim an tseachtain seo caite. Ní raibh Tír Eoghain sásta i gcoinne Gaillimh agus beidh siad ag súil le feabhas ollmhór ar a gcuid féar féin.

B’fhéidir gurb sin an rud is fearr faoin gcomórtas seo. Tá deis ag daoine teacht aniar sciopaí. Chaill iomáinithe Thiobraid Árainn agus Port Láirge an chéad lá amach. I Stáid Semple beidh Michael Ryan agus Derek McGrath ag iarraidh fianaise a fheiceáil go bhfuil leaids óga agus nua réidh le bheith san iomaíocht an samhradh seo.

Cinnte beidh dhá phointe uathu ach do fhoirne áirithe an rud is mó atá uathu ná cruth níos ábalta a chur ar an bpainéil. Ní taisc éasca é sin ar chor ar bith. Le na comortaisí tríú léibhéal faoi lán seoil tá stáitse ag imreoirí óga ach caithfidh siad a bheith réidh agus díograiseach go leor chun a lámh a chur suas agus a thaispeáint go bhfuil rud éigin speisialta acu.

Ar ndóigh bhí gach duine ag breathnú ar David Clifford i gCill Airne. Chruthaigh sé cúpla scór deas luath agus chonaiceamar an talann atá aige anuraidh i gcluiche ceannais mionúir na hÉireann. Tá rud éigin ar leith ag baint le héinne atá in ann 4-4 a scoráil i gCeann Áras i mí Meán Fómhair.

Bhí Sean O’Shea lárnach don Ríocht freisin ar an Domhnach. Tá misneach acu, tabharfaidh stíl an bua i gcoinne muintir Thír Chonaill spreagadh dóibh. An chéad rud eile ar an liosta ná Maigh Eo i gCaisleáin an Bharraigh. Ní bheidh aon easpa drámatúlacht ansin.

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship