Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Réamhbhreathnú ar Chraobh Iománaíochta na hÉireann

Derek McGrath agus Micheál Donoghue i mí Aibreáin.

Derek McGrath agus Micheál Donoghue i mí Aibreáin.

Le Conchúr Ó Sé

Buaileann Gaillimh agus Port Láirge i gCraobh Iománaíocht na hÉireann 2017 den chéad uair riamh Dé Domhnaigh seo i bPáirc an Chrócaigh.

Is péire nua i gcraobh iománaíochta é an péire seo agus is fada an lá é ó bhuaigh ceachtar acu Craobh Iománaíochta na hÉireann. Síneann gorta na Gaillimhe chomh fada siar le 1988 nuair a bhí Cyril Farrell mar bhainisteoir orthu, d’éirigh leo buachan ar Thiobraid Árann a bhí faoi stiúir ‘Babs’ Keating ag an am ar scór 1-15 go 0-14 chun dhá Chraobh na hÉireann a bhuachan i ndiaidh a chéile.

Téann gorta na Déise níos faide siar fós leis an mbliain 1959 an uair dheireanach ar éirigh leo Corn Liam Mhic Cárthaigh a ardú ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh. Thógadar an bóthar ard áfach toisc go raibh orthu buachan ar Chill Chainnigh i gluiche athimeartha ar scór 3-12 go 1-10. D’aimsigh Frankie Walsh agus Tom Cheasty 2-10 eatarthu sa chluiche athimeartha agus choimeád cosaint na Déise an laoch ó Chill Chainnigh, Eddie Keher ciúin chun an cluiche a bhuachan.

Is iad Gaillimh, atá mar sheaimpíní Laighean agus Roinn 1 agus atá faoi chúraim Micheál Donoghue a bhfuil mar rogha na coitiantachta sa chluiche seo tar éis dóibh deireadh a chur le stádas Thiobraid Árainn mar sheaimpíní sa chluiche leathcheannais. Tháinig Port Láirge tríd an gcúldoras i mbliana tar éis dóibh cailliúint i gcoinne Chorcaí i gCraobh na Mumhan ach bhain na Déise díoltas amach orthu nuair a bhuadar le 11 pointe ar Chorcaigh sa chluiche trí seachtaine ó shin.

Tar éis do Ghaillimh buachan ar Loch Garman i gCraobh Laighean bhí briseadh cúig seachtaine acu, ní raibh an briseadh seo ag foireann Derek McGrath áfach. D’éirigh leo iad féin a athbhunú sa chúldoras ag buachan ar Uíbh Fhaillí, Cill Chainnigh i gceann de na cluichí ab fhearr iománaíochta i mbliana, Loch Garman a bhfuil ag neartú arís faoi Davy Fitzgerald sa chluiche ceathrú ceannais, agus Corcaigh ansin.

Tá 0-52 scóráilte ag Gaillimh ón dá chluiche deireanacha ach níl cúl scóráilte acu chomh fada siar go dtí cluiche ceathrú cennais Laighean i gcoinne Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine. Cuirfidh sé seo rud beag imní orthu ach d’fhéadfaí a rá freisin gur eagraigh na foirne a bhí ina gcoinne iad féin ar mhaithe le cosaint toisc na bagairtí atá chun tosaigh ag Gaillimh.

Is foireann mhór láidir iad Gaillimh le go leor fisiciúlachta acu ar gach líne. Chonacthas cheana go bhfuil siad an-mhaith ag buachan na pucanna amach le leithéidí David Burke iontach i gcoinne Loch Garman agus Gearóid McInerney ag fáil Laoch na hImeartha an lá faoi dheireadh. Gan dabht, is é an rud is mó a oibríonn do Ghaillimh i mbliana ná Joe Canning ag feidhmiú ag uimhir 11, oireann sé seo dóibh mar osclaíonn sé seo spás suas do Conor Cooney agus Conor Whelan damáiste a dhéanamh laistigh. Tá an gliceas ag Canning na pasanna a phiocadh chomh maith le scóir a aimsiú agus beidh sé ról ríthábhachtach aige Dé Domhnaigh.

Tá go leor cloiste i mbliana faoi chórais chosanta éagsúla agus díríonn go leor den chaint sin ar fhoireann McGrath a imríonn le scuabadóir, ciallaíonn sé seo go dtógann siad imreoir siar ó na tosaithe chun imirt mar chosantóir sa bhreis. Oibríonn sé seo go mór dóibh, toisc nach bhfuil géillte acu ach trí chúl an Samhradh seo. Oibríonn Tadhg de Búrca agus Darragh Fives mar scuabadóirí ar son na Déise agus de bharr seo is annamh a dtéann Port Láirge fada leis na pucanna amach, déanann Stephen O’Keefe iarracht iad a sheoladh amach gear go dtí an fear sa bhreis.

Tá Imreoir na Bliana ó anuraidh, Austin Gleeson, ag imirt níos fear anois tar éis dó tosú rud beag mall. Bhí captaen na foirne, Kevin Moran inspioráideach an lá deireanach i lár na páirce do Phort Láirge ag aimsiú 0-03 agus ag oibriú go dian. Is cosúil le fíon breá é Michael ‘Brick’ Walsh toisc go bhfuil sé ag éirí níoss fear agus é 34 bliain d’aois. Ach, ní féidir dearmad a dhéanamh ar Jamie Barron, is ceann de na hiomaitheoirí é an fear ó Chaisleán Cuanach d’Imreoir na Bliana gan amhras.

I gcluiche a bheidh an-teaicticiúil ar fad is cosúil go mbeidh nóiméad draíochta ag teastáil ó Canning nó Gleeson b’fhéidir chun ceannphointe Liam Mhic Cárthaigh a chinntiú i mbliana. Go n-éirí leis an dá fhoireann.