Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Cluiche spleodrach i bPáirc an Chrócaigh

Joe Canning ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh.

Joe Canning ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh.


Le Conchúr Ó Sé

I gcluiche iontach spleodrach a bhí lán le dráma ó thús go deireadh, d’éirigh le Gaillimh áit a chur in áirithe dóibh féin ar an lá mór i gCraobh Iománaíochta na hÉireann ag tús mí Mheán Fómhair ag buachan ar scór 0-22 go 1-18 i gcoinne Thiobraid Árann os comhair slua mór de 68,184 duine i bPáirc an Chrócaigh.

Ba é Joe Canning a d’aimsigh an scór cinniúnach d’fhir an Iarthair in am cúitimh sa 74ú nóiméad chun iad a stiúradh isteach go Craobh na hÉireann, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Chorcaigh nó Port Láirge.

Bhí go leor ceisteanna ag crochadh os cionn fhoireann Thiobraid Árann le linn an tSamhraidh ach léirigh foireann Michael Ryan a gcuid cumais ag tús na himeartha, ag dul chun tosaigh go luath trí phuc saor ó Iománaí na Bliana 2016, Séamus Callanan. D’aisfhreagair foireann Micheál Donoghue trí iarracht mhaith ó fhear Naomh Thomáis, Conor Cooney, a bhí ar bharr a mhaitheasa i gcoinne Loch Garman i gCraobh Laighean.

Chuaigh Tiobraid Árann chun cinn ansin leis an gcosantóir Séamus Kennedy ag aimsiú pointe ach arís phreab Gaillimh ar ais ar an spota trí Conor Whelan, a bhí iontach bríomhar le linn an chéid leath. Lean an cluiche leis an bpatrún seo le foireann amháin ag dul chun tosaigh agus an fhoireann eile ag teacht ar ais chun an scór a chothromú.

Leis seo, bhí Gaillimh ag dul chun cinn i lár na páirce agus bhíodar 0-09 go 0-06 chun tosaigh nuair a bhuail buile millteanach iad. Ní raibh dóthain cumhachta in iarracht Séamus Callanan isteach go Cnoc 16 ach ní raibh Gaillimh ábalta an liathróid a bhogadh amach tapa go leor de bharr thionchar na drochaimsire ar an bpáirc agus léim John McGrath ar an sliotar chun é a stiúradh isteach in eangach na Gaillimhe chun na foirne a chothromú arís.

Chuir Johnny Coen Gaillimh ar aischun tosaigh le pointe mhór ó lár na páirce ach bhí seans eile ag Tiobraid Árann dul chun tosaigh ansin le Séamus Callanan ach d’éirigh lena chomhainmneach i gcúl na Gaillimhe, Colm Callanan, an iarracht a shábháil. Bhí ceisteanna ag teacht aníos faoi líne lánchúil na Seaimpíní ach ba léir go raibh an dá líne lanchúil ag streachailt leis an sliotar ag sleamhnú ar fud na háite.

Shéid an réiteoir, Barry Kelly an fheadóg ar son leathama agus léigh an scór 1-10 go 0-12 i bhfábhar Thiobraid Árann.

Thosaigh Gaillimh rud beag níos tapúla ná Tiobraid Árann ag tús an dara leath le Joe Cooney, a bhí beomhar ón tús agus ag oibriú go crua, ag aimsiú scór. D’fhreagair na seaimpíní arís trí phuc saor ó Callanan ach bhuaigh Joe Cooney puc saor agus chuir fear Port Omna, Joe Canning, thar an trasnan é arís eile.

Bhí Conor Whelan ag cruthú go leor fadhbanna do chosaint Thiobraid Árann an lá ar fad agus d’aimsigh sé scór a cheathrú scór, ag casadh go slachtmhar ar Donagh Maher.

Tháinig Gaillimh chun cinn idir an 45 agus an 55ú nóiméad ag aimsiú scóir trí Joe Cooney agus Joe Canning ach choimeád Tiobraid Árann an bearna eatarthu gp beag le Brendan Maher, Pádraic Maher agus Noel McGrath go léir ag aimsiú scóir inspioráideacha.

Bhí seansanna ag Gaillimh an bhearna a mhéadú ach chuireadar go leor iarrachtaí ar seachrán, 14 acu san iomlán agus thug seo seans do Thiobraid Árann.

Faoi dheireadh agus an cluiche ag druidim i dtreo cheann scribe, ba le Joe Canning a thit na seansanna an cluiche a bhuachan agus thóg sé go cruinn agus go cíocrach iad. Léirigh sé a chuid ceannaireachta ag aimsiú scór ollmhór óna leath fhéin ach d’fhreagair Brendan Maher le hollscór dá chuid féin chun an cluiche a chothromú.

Bhreathnaigh sé go raibh cluiche athimeartha ag teacht idir dhá fhoireann den scoth ach sheas an cú críonna don bhóthar ard suas ag dul sa seans agus ag buaileadh na liathróide thar an trasnán ó 50 méadar faoi ardbhrú amuigh faoi Ardán uí Chíosóg chun Gaillimh a threorú ar ais isteach go Craobh na hÉireann.