Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Hurling

hurling

Bua iontach ag Gaillimh

Conor Whelan tar éis an chluiche.

Conor Whelan tar éis an chluiche.

Chuir foireann iománaíochta na Gaillimhe deireadh leis an ngorta iománaíochta a shínigh siar go dtí 1988 inniu i bPáirc an Chrócaigh ag buachan ar scór 0-26 go 2-17 i gcoinne Phort Láirge i gcluiche a bhí beomhar agus spleodrach ó thús go deireadh. Léirigh Gaillimh an taithí atá acu chun corn Liam Mhic Cárthaigh a thógáil siar go Connacht leo.

Níl morán aidiachtaí maithe a d’fhéadfaí a úsáid chun cur síos ceart a dhéanamh ar an lá is mó i bhféilire spóirt na hÉireann agus thaispeáin an cluiche seo spiorad na foirne agus na hÉireann go soiléir.

D’fhág an chéad leath an 82,300 duine i bPáirc an Chrócaigh rud beag gann ar ocsaigin faoin am ar shéid an réiteoir Fergal Horgan an fheadóg do leatham toisc gur chluiche lán le scóir, scil agus crógacht a bhí ann leis an dá thaobh ag dul buile ar bhuile in aghaidh a chéile.

Ba iad Gaillimh a thosaigh ar nós na gaoithe ag rásáil chun tosaigh le scóir ó Joe Canning, Johnny Coen agus Joe Cooney chun dul 0-03 chun tosaigh laistigh de thrí nóiméad. Bhí Canning beomhar ag tús na himeartha ag aimsiú an chéad scór d’fhjoireann Micheál Donoghue agus ag tabhairt na liathróide do Joe Cooney dá scór.

Bhreathnaigh sé go raibh foireann Phort Láirge rud beag neirbhíseach ach shocraigh foireann Derek McGrath ansin nuair a d’aimsigh captaen na foirne, Kevin Moran ardchúl chun an cluiche a chothromú. Bhuaigh sé seilbh ar scuabadóir na Gaillimhe, Aidan Harte agus rith sé leis an liathróid tríd an lár chun an sliotar a bhuaileadh faoi Colm Callanan chun lucht na Déise a chur ar mhuin na muice.

Leis sin, bhí Gaillimh an-chruinn ar fad lena gcuid seatanna sa chéad 15 nóiméad; ní raibh ceann curtha ar foraíol acu agus d’aimsigh siad scóir trí Cathal Mannion, buachloch na foirne Conor Cooney agus David Burke ach d’fhreagair Port Láirge trí Pauric Mahony a bhí inspioráideach le linn chluiche agus Kevin Moran arís.

D’imir an dá thaobh le scuabadóir sa chosaint acu, Aidan Harte ó Ghort Inse Guaire ar son na Gaillimhe agus Darragh Fives agus Tadhg de Búrca ar son na Déise.

Lean Gaillimh leo ag aimsiú scóir amach na páirce chun dul chun cinn arís ach ansin bhuail na Déise buile mhilteannach orthu le Shane Bennett ag aimsiú cúl eile tar éis mí-eagraíocht ó Colm Callanan i gcúl na Gaillimhe agus ag buaileadh go híseal faoi.

Neartaigh Port Láirge isteach sa chluiche ansin agus ní raibh cosaint na Déise ag tabhairt spáis ar bith do thosaithe na Gaillimhe a chur iarrachtaí ar seachrán faoi ardbhrú. Bhí an patrún céanna ann tríd an chéad leath leis an dá thaobh ag aimsiú scóir i ndiaidh scóir. Fuair Jamie Barron a bhí iontach tríd is tríd an scór chun an cluiche a chothromú ach ansin d’fhreagair fear Phort Omna, Joe Canning le puc saor chun pointe amháin a fhágáil idir na foirne faoi leatham 0-14 go 2-07.

Níor tháinig aon mhoill ar chúrsaí sa dara leath ach oiread leis an dá fhoireann ag tógáil scóir go cruinn agus an patrún céanna ag forbairt. Thosaigh coimhlint pearsanta idir Canning agus Mahony leis an mbeirt go smior i dtaobh na bpucanna saora. Chuaigh Port Láirge chun tosaigh le scóir ó Mahony tar éis rith iontach ó Jamie Barron ach d’fhreagair Gaillimh trí Canning ó phuc saor tar éis oibre mhaith ón ionadaí Niall Burke. Ba é seo an 6ú huair a raibh an dá thaobh cothrom.

Bhí ról tábhachtach ag Maurice Shanahan a tháinig chun páirce sa chéad leath mar ionadaí do Shane Bennett ag buachan seilbhe in aice chúl Fhir na dTreibh agus ag cruthú scóir. Chruthaigh se iliomad fadhbanna do Dáithí Burke agus Aidan Harte.

D’imir binse Micheál Donoghue an-tionchar ar an gcluiche seo le Niall Burke agus Jason Flynn beo bríomhar nuair a tháinig siad chun páirce, bhí cuma úr orthu agus choimeád ritheanna Burke scuabadóir na Déise, Tadhg de Búrca gnóthach. Ghnóthaigh an bheirt 0-04 agus bhuadar seilbh chun scóir a chruthú do leithéidí Canning agus Conor Cooney.

Leirigh captaen na Gaillimhe, David Burke, a chuid ceannaireachta i lár na páirce ag aimsiú 0-04 agus ba rud álainn é an cheathrú phointe dó ó 65 méadar sa 53ú nóiméad. Thiontaigh seo an cluiche arís i bhfábhar Fhir na dTreibh agus níor ligeadar greim ar chúrsaí ón bpointe sin ar aghaidh.

Tháinig Brian O’Halloran ar an bpáirc do fear De La Salle, Jake Dillon agus ghnóthaigh sé pointe dó féin chomh maith le Tommy Ryan ach ní raibh dóthain ag Port Láirge chun an bearna a laghdú mar bhíodar ag streachailt scóir a fháil ón imirt ach choimeád pucanna saor Mahony iad ann agus an cluiche ag druidim i dtreo cheann scríbe.

Ní raibh ach ceithre phointe ann sa 69ú nóiméad ach d’aimsigh Pauric Mahony pointe eile chun ceisteanna a chur ar Ghaillimh ach d’fhreagair Gaillimh ag seasamh go láidir i gcoinne taoide na Déise chun corn Liam Mhic Cárthaigh a thógáil siar tar éis tréimhse fhada óna chéile.

Do Phort Láirge, bhí bliain iontach acu ach síneann an triomach siar bliain níos faide dóibh. Beidh siad ar ais gan dabht ach is le Gaillimh an lá agus is fíor go bhfuil an tIarthar ina dúiseacht anois.