Thursday, February 09, 2012
Le Mártan Ó Ciardha
Baineann an deireadh seachtaine seo leis na foirne a bhfuil sé de mhian acu cuairt a thabhairt ar ais anseo go Páirc an Chrócaigh Lá le Pádraig bliain éigin eile agus atá faoi láthair ag baint leasa as ceann de na coincheapanna is fearr a thug Cumann Lúthchleas Gael chun críche le fada an lá. An choincheap a thugann deis do chuid de na hionaid is lú san eagraíocht a bheith chomh tábhachtach leis na cinn is mó.
Conas eile a d’éireodh le cumainn beag darbh ainm Dubh agus Bán, as áit darbh ainm Sceach an Mhaistín (Cill Chainnigh) imirt i gcluiche ceannais na hÉireann, mar a tharla i 2003, nó conas eile a d’éireodh le Fiacha Dubha Fhine Gall imirt i bPáirc an Chrócaigh mar a tharla 4 bliana ó shin sa chluiche ceannais idirmheánach peile. Nó cén chaoi eile a n-éireodh le foireann ón mBreatain Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar a rinne curaidh na hiomána idirmheánaigh 2007, Roibeard Emmett as Londain.
Tá tábhacht na gcomórtas seo léirithe chomh soiléir céanna i gcoimhlintí an deireadh seachtaine seo. Agus cuid de stair na hÉireann le fáil ag an am céanna. Cé a déarfadh nár himríodh macasamhail chluiche ceannais idirmheánach iomána an lae inniu in aimsir Chúchulainn – Gaiscigh Chnoc Laighean in aghaidh Fhianna Choillidh Chanannáin . Coimhlintí atá níos nua-aoisigh ná sin a shamhlaítear leis na foirne sóiseacha – Ráth Luirc agus Naomh Pádraig, Béal Átha Ragad.
Níl mórán le fiche míle bóthair idir Dúiche Sheoigeach na Gaillimhe agus Baile an Daighin i nDeisceart Mhaigh Eo. Tá pobail na gceantar sin i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo faoi bhratacha na nDáibhéideach agus Naomh Pádraig, an Fhairche – an dá chumann ag iarradh an chraobh ina bhfuileadar ag coimhlint a thabhairt ar ais chuig a gcontae dúchais don chéad uair. Ag seasamh rompu tá Baile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge agus Doire Treasc, nó Fir an Chnoic lena n-ainm oifigiúil a thabhairt. Uair amháin roimhe seo a chuaigh an corn sóisear go Tír Eoghain – Naomh Pádraig, an Caisleán Glas (2007). Tá an ceann idirmheánach gaibhte go Ciarraí faoi dhó – Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór (2009) agus Ard Fhearta (2007).
Siad Ard Fhearta an t-aon fhoireann a bhfuil an dá chraobh buaite acu.
de mhian = aspire
ag baint leasa = to benefit
coincheap = idea
soiléir = clear
nua-aoiseach = up to date
Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Senior Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship

Share Me:
Follow Me: