GAA POLL

Who will win the AIB GAA All-Ireland Senior Club Football Semi-final between Dr. Crokes (Kerry) and Crossmaglen Rangers (Armagh)?

  • Dr. Crokes (Kerry)
  • Crossmaglen Rangers (Armagh)


An Fíon is fearr

Thursday, September 02, 2010

Tá sé ráite nach gá don saineolaí-fíona blaiseadh don ábhar agus é ag meas a fhiúntas. Is leor boladh dó más fíor scéal. Ar an dóigh sin a áirítear ar sárbhliain nó gnáthbhliain a bheas le baisteadh ar an séasúr. Is dóigh liom mar sin fhéin gur fíorbheagán de na saineolaithe céanna nach gcuireann an ghloine lena mbeola ag tráth éigin.

Is deas an rud é aithne níos fearr a chur ar an ábhar gan dabht ! Ar shlite áirithe is amhlaidh cás don iománaíocht. Glacfaidh go leor leis is dócha gur é cluiche ceannais an lae inniu slat-tomhais na craoibhe a thosaigh i mí na Bealtaine seo caite.

Ach ainneoin gur ‘Cilll Chainnigh’ nó ‘Tiobrad Árann’ a bheas scríofa ar an mbuidéal agus an lá inniu caite, tá beagán níos mó ná sin i gceist leis an imirt a fhágfaidh an Cois Nóire nó i Machaire Méith na Mumhan a chaithfidh Corn Mhic Carthaigh an bhliain seo chugainn.

Níl aon aimhreas nach iad na foirne a léireoidh a gcumas iomána i gCluiche Ceannais Sinsir na hÉireann inniu na foirne ba sheasmhaí atá feicthe againn. Sí an tseasmhacht agus an ealaíon buntréith Chill Chainnigh, atá ag iarradh gaisce a dhéanamh inniu nár déanadh cheana ariamh. Bhí a n-ocras le feiceáil ón tús – gan nóiméad fhéin caite sa gcéad chluiche acu i gCraobh Laighin nuair a bhí an sliotar in eangach Bhaile Átha Cliath ag Eddie Brennan. D’fhág an cluiche sin go bhfuil níos mó scóranna aimsithe ag Henry Shefflin i gcluichí craoibhe ná ag aon duine eile ariamh anall.

Seacht nóimead fichead isteach i mbabhta leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin bhí ar Shefflin an pháirc a fhágáil agus é gortaithe. Deich nóiméad roimhe bhí an t-aistear céanna tugtha ag an leathchúlaí láir Brian Hogan. Fós bhí farasbarr dosaen cúilín ag Cill Chainnigh ar Chorcaigh nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

An tráth seo anuraidh dar ndóigh, ba dhóbair nár bhain Tiobrad Árann cor as an bhfoireann atá ar thairseach na staire inniu. I mbliana, sul a raibh deireadh na Bealtaine sroichte bhí Craobh na Mumhan fágtha ina ndiaidh ag na Tiobradaigh tar éis do Chorcaigh a theacht rompu ar Pháirc Uí Chaoimh.

Chuaigh siad i mbun machnaimh agus stráitéise . Rinne a mbainisteoir críonna Liam Sheedy beagán sall agus anall i measc na gcosantóirí – dá bharr, bhí 14 cúilín farasbairr acu ar Loch Garman, tús 9 gcúilín ar Uíbh Fhailí ag leathama agus i gceann de shár choimhlintí na craoibhe, bhí siad fhéin agus Gaillimh ar chomhscór 10 n-uaire, gur thug foireann Sheedy bearna cúpla cúilín isteach sna nóiméid dheireanacha agus gur bhuaigh de cheann amháin .

Mar sin nuair a leagfaidh ár gcara an saineolaí a shrón ar an mbuidéal is ar Chill Chainnigh agus ar Thiobrad Árann a smaoineoidh sé. Ach má théann sé chun blaiseadh tiocfaidh níos mó chun solais. An 9ú craobh as a chéile i Cúige Uladh ag Contae Aontroma agus an cúilín a fuair Karl Steward sa 3ú babhta cáilithe in aghaidh Bhleá Cliath a d’fhág i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann iad . Bua stairiúil Cheatharlach ar Chontae Laoise agus cúilín Denis Murphy sna babhtaí cáilithe ar Pháirc an Chuilínigh ar an Satharn deireanach de Mheitheamh. Na buillí saora a chuir Shane Dooley thar an trasnán do Uíbh Fhailí agus a choinnigh beo i gCraobh Laighin iad, nuair a bhí an t-am caite sna cluichí in aghaidh Aontroma agus na Gaillimhe. Neart Aisake Ó hAilpín i mbua gan choinne Chorcaigh ar Thiobrad Árann. Cúl Tony Browne i gcluiche ceannais comhscóir na Mumhan agus ceann Dan Shanahan in am breise na hathimeartha. Agus cúilín Joe Canning in aghaidh Uíbh Fhailí – na foirne cothrom, an t-am istigh, a chos ar an taobhlíne 55 slat amach ón gcúl, agus air an sliotar a bhualadh ar thaobh na ciotóige. Ag breathnú siar ar, ní gá an buidéal a oscailt in aon chor. Sárbhliain ab ea í.

saineolaí = expert

fiúntas = quality

boladh = smell

sárbhliain = vintage year

beola = lips

seasmhacht = consistency

 

 
1 of 5
Next >

Latest GAA Videos


Share Me:

Follow Me:


Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Senior Championship

  • eircom, SuperValu, Ulster Bank

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Senior Championship

  • Etihad Airways, Centra, Guinness

Keyword Search

site by digital agency dublin ebow