Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Sár- coimhlint i bPáirc an Chrócaigh

Cillian O Connor agus Bryan Sheehan tar éis an chluiche.

Cillian O Connor agus Bryan Sheehan tar éis an chluiche.

Le Conchúr Ó Sé

Bhí sárchluiche idir Ciarraí agus Maigh Eo a chríochnaigh ar chomhscór 2-14 don dá fhoireann araon.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh foireann Éamonn Fitzmaurice agus foireann Stephen Rochford dul in adharca a chéile arís eile Dé Sathairn seo chugainn i bPairc an Chrócaigh agus beidh gach duine ag súil leis tar éis 75 nóiméid spleodracha inniu.

Ba é Paddy Durcan an t-ionadaí a bhí mar an laoch d’fhir an Iarthair, le fear Mhistéalaigh Chaisléain an Bharraigh ag aimsiú an cic comhscóir in am cúitimh chun Maigh Eo a shábháil.

Bhí an cluiche seo cosúil le babhta dornalaíochta idir beirt dornálaithe trom-mheáchain agus ba iad Maigh Eo a bhuail an chéad mhórbuile le Andy Moran ag aimsiú an chéad scór do Mhaigh Eo tar éis roinnt eiginnteachta i gcosaint Chiarraí. Chuaigh Shane Enright agus Marc Griffin don liathróid chéanna agus phreab Andy Moran air seo chun cúl a aimsiú. Chuir Maigh Eo leis seo nóiméad níos déanaí le pointe ó chos Jason Doherty.

Thosaigh Ciarraí go mall agus bhíodar ag streachailt agus iad ag dul i dtaithí leis an liathróid fhliuch agus an bháisteach. Chuir dhá chiceanna saora ó Paul Geaney agus James O’Donoghue Ciarraí isteach sa chluiche.

Bhuail Ciarraí buile mhór ar ais i dtreo Mhaigh Eo ansin tar éis oibre mhaith ó Kieran Donaghy ag buachan na liathróide agus  á sheoladh go Stephen O’Brien a chríochnaigh go slachtmhar isteach in eangach David Clarke chun an cluiche a chothromú.

D’aimsigh Killian Young an scór is fearr sa chluiche, ag rith leis, ag bailiú pas agus ag seoladh na liathróide thar an trasnán faoi Ardán Ui hÓgáin.

Bhí cuma spéisiúil ar fhoireann Stephen Rochford le hAidan O’Shea ag marcáil Kieran Donaghy i gcath na bhfathaigh. Níor oibrigh an teaictic seo ach oiread le Donaghy ag cruthú iliomad fadhbanna do Mhaigh Eo inniu lena chuid gluaiseachta cliste chun scóir a chruthú.

D’aimsigh Colm Boyle cúl den chéad scoth chun an cluiche fisiciúil seo a chur i bhfábhar Mhaigh Eo. Rith sé leis an liathróid trí chroílár Chiarraí, áit ar sheol sé dumaí ar Paul Murphy chun spás a chruthú agus ní dhearna sé botún ag scaoileadh leis an liathróid go h-ard isteach san eangach.

Níl dabht ar bith ann go raibh líne lánchúil Chiarraí ag fulaingt agus iad ag streachailt lámh a fháil ar Andy Moran agus Cillian O’Connor agus bhí an t-ádh orthu nuair a shábháil Brian Kelly seans ar chúl ach d’aimsigh Maigh Eo pointe ón imirt seo trí Andy Moran a bhí thar cionn ó thús go deireadh agus é ag dul in aois a chuid óige.

Choimeád Ciarraí an cluiche cothrom le cic saor ó Geaney agus bhí an scór cothrom faoi leatham, le Ciarraí ar 1-08 agus Maigh Eo le 2-05.

Thug Ciarraí an chéad sonc eile do Mhaigh Eo le Donaghy ag cruthú pointe d’fhear an Daingean, Paul Geaney. Tháinig Maigh Eo chun cinn ansin idir an 38ú agus an 43ú nóiméad ag aimsiú trí scóir gan fhreagra le Moran , Dónal Vaughan agus O’Connor á n-aimsiú. Bhí 1-04 ag Moran faoin tráth seo.

Bhí spás iontach deacair le teacht air timpeall lár na páirce leis an gcath sin ag críochnú cothrom go leor cé go raibh fadhbanna ag Maigh Eo le ciceanna amach fada David Clarke sa chéad leath.

D’aimsigh captaen Chiarraí, Johnny Buckley cúl do Chiarraí ansin agus iad trí phointe chun deiridh. Rinne David Clarke ollshábháil ar David Moran ach bhí Buckley ansin leis an aisphreab a chríochnú. Thug seo níos mó muiníne d’fhir na Ríochta agus lean Geaney le scór eile chun Ciarraí a chur pointe chun tosaigh arís. 3 phointe taobh thiar go pointe chun tosaigh laistigh de 60 soicind.

Lean an dá fhoireann leis an bpatrún seo ag trádáil scóir, chuile huair a ndeachaigh foireann amháin chun tosaigh tháinig an fhoireann eile ar ais agus chuir seo leis an sceitimín a bhí inmhothaithe timpeall Phairc an Chrócaigh.

Bhreathnaigh sé go raibh an buile chiniúnach buailte ag Ciarraí le Paul Murphy ag cur Ciarraí ar ais chun tosaigh ar Mhaigh Eo sa 70ú nóiméad ach léirigh Maigh Eo a gcuid nirt agus eispéireas ag aimsiú an cic comhscóir sa 73ú nóiméad ó Paddy Durcan.

Bhí seans ag Ciarraí le cic saor fada ó Bryan Sheehan ach ní raibh an láidreacht sa chic agus mar sin beidh athimirt againn Dé Sathairn seo chugainn.