Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Marc Ó Sé - laoch Chiarraí

Iar imreoir Chiarraí Marc Ó Sé.

Iar imreoir Chiarraí Marc Ó Sé.

Pádraic Ó Ciardha do Tuairisc.ie

Craobh Shinsir an chontae faoi dhó. Craobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí faoi thrí. An Chraobh Idirmheánach faoi dhó. Craobh na Mumhan sa ghrád Idirmheánach agus i ngrád na sinsear. Comórtas Sinsir Peile na Gaeltachta faoi dhó. Roinn 1 na sraithe. Ocht gcinn de Chraobhacha Sinsir Chiarraí Thiar.

Sin cuid de na boinn atá buaite ag Marc Ó Sé sa bhliain agus fiche a chaith sé ag imirt le foireann shinsir na Gaeltachta ach beidh orthu déanamh dá éagmais in 2019 agus cinneadh déanta ag fear Ard an Bhóthair éirí as an imirt.

Tagann deireadh le gach aistear agus tar éis d’fhoireann na Gaeltachta cailliúint i gcoinne a sean-naimhde ón Daingean i gCraobh Chiarraí Thiar Dé Domhnaigh seo caite, bhí a fhios ag Ó Sé go raibh a chuid déanta.

“Bhí a fhios agam go mbeadh an lá seo ag teacht. Ní raibh an luas ag teacht, bhí an luas ag imeacht!” a deir Ó Sé.

“Bhí a fhios againn uile dá gcaillfimis Dé Domhnaigh seo caite gurbh é sin an uair dheireanach go mbeinn ag dul chun páirce agus sin a tharla. Tá an cinneadh ceart déanta agam mar níl mé ábalta na rudaí a bhíos ábalta a dhéanamh a dhéanamh níos mó. Tarlaíonn sé do gach aon duine.”

Bhí an rud ceama ar intinn aige anuraidh ach nuair a d’éirigh chomh maith sin leis an nGaeltacht, a chuaigh chomh fada le cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann ag tús na bliana, mheas Ó Sé go mb’fhearr dó samhradh amháin eile a thabhairt don chumann.

Bhí gortuithe ag cur as dó, áfach, agus deir Ó Sé go raibh sé deacair aige dhá sheisiún traenála as a chéile a dhéanamh. Bhí instealltaí á bhfáil aige ina ghualainn ó am go chéile le go mbeadh sé in ann imirt.

“Leis na gortuithe agus an t-aos – táim nach mór 39 bliain d’aois – bhí sé éasca an cinneadh a dhéanamh. Táim ag maireachtaint i dTrá Lí chomh maith. Tógann sé uair an chloig dul siar, bheifeá thiar ar feadh dhá uair an chloig agus uair an chloig eile ansin ag teacht abhaile. Ceithre uaire an chloig a bhíonn tú imithe agus tá clann óg agam sa bhaile. Bhí sé furasta an cinneadh a dhéanamh sa deireadh.”

Dhá bhliain ó shin a d’éirigh Ó Sé as a bheith ag imirt do Chiarraí agus cé go mbíonn sé deacair ag imreoirí áirithe díriú ar an gcumann arís i ndiaidh blianta a chaitheamh le foireann an chontae, níor chuir sé sin as dó.

Deir Ó Sé go raibh an t-ádh air cúpla bliain eile a thabhairt don Ghaeltacht agus is cinnte gur bhain sé tairbhe astu. Bhí bliain ar leith ag fir Chorca Dhuibhne in 2017 agus Craobh Idirmheánach an Chontae, Craobh Idirmheánach na Mumhan, Comórtas Peile na Gaeltachta, agus Craobh Shinsir Chiarraí Thiar tugtha leo acu.

“An bhliain a bhí againn anuraidh, bhí sí thar cionn ar fad. Bhí sé dochreidte. Bhí an t-ádh liom go raibh mé páirteach ann. D’imríos leis an bhfoireann iontach sin a bhí ag an nGaeltacht a bhuaigh craobhacha an chontae agus a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann Lá Fhéile Pádraig ach bhí sé go deas imirt le foireann óg a bhí ag teacht suas.

Marc Ó Sé agus Sean Cavanagh ag imirt i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i Stáid Semple i mí Eanáir.

Marc Ó Sé agus Sean Cavanagh ag imirt i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i Stáid Semple i mí Eanáir.

“Na boinn atá buaite agam leis an nGaeltacht, bhaineas níos mó sásaimh as na boinn sin ná mar a bhaineas as na boinn a bhuaigh mé le Ciarraí. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé in ann imirt leis an bhfoireann shinsir ar feadh bliain agus fiche. Tá cuimhní iontacha agam ón gcumann agus tá deireadh tagtha leis na laethanta sin anois, ach b’fhéidir go mbeadh mé sáite leo fós sa todhchaí.”

Faoi láthair, áfach, tá sé chun seasamh siar, mar atá foireann bhainistíochta uile na Gaeltachta a a bhfuil oiread gaiscí déanta acu le cúpla bliain anuas.

“Caithfidh mé an chreidiúint ar fad a thabhairt do Chonall [Ó Cruadhlaoich] ó thaobh na mbainisteoirí. Ach bhí Tommy Ó Muircheartaigh, Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Conchúir agus Micí Ó Grifín linn agus bhíodar sin ar fheabhas ar fad leis. Caithfidh Conall an chreidiúint a fháil mar choimeád sé an rud uile le chéile i mo thuairimse agus bhí an t-ádh orm go raibh sé ann liom.

“Nuair a tháinig sé isteach, chuir sé focal chugam, féachaint an mbeinn i mo chomhbhainisteoir leis. Bhí sé cliste, bhí sé ag iarraidh coimitmint cheart a fháil uaim! Bhí mé lánsásta teacht isteach, bhí foireann óg againn, foireann a raibh taithí acu ar Chorn Uí Mhuirí agus Corn Uí Ógáin a bhuachan, agus bhí an t-ádh orm go raibh leaideanna maithe ann.”

Nuair a d’éirigh Ó Sé as an imirt do Chiarraí, dúirt Éamonn Fitzmaurice, bainisteoir na Ríochta ag an am, nach raibh fear na Gaeltachta ach ‘ag tógáil briseadh’ ó Chiarraí agus go bhfillfeadh sé i ról bainistíochta amach anseo, ach deir Ó Sé nach bhfuil tada mór ar na bacáin aige. Idir a phost i Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí agus a chlann sa bhaile, tá sé sásta lena chuid ach dá dtiocfadh deis shuimiúil chun cinn, bheadh air a mhachnamh a dhéanamh fúithi.

“Má thagann deis dul leis an mbainistíocht arís, chaithfeadh go mbeadh sé i gceart agus go n-oirfeadh sé dom ach níl faic sa cheann agam fós. Má thagann rud éigin aníos, chaithfinn féachaint air agus cinneadh a dhéanamh le mo bhean agus féachaint cad é an rud is fearr do mo chlann ach cífimid.”

Go dtí sin, beidh sé sásta a bheith i mbun bainistíochta ar fhoireann na scoile agus a bheith ag freastal ar chluichí na Gaeltachta mar dhuine den lucht tacaíochta.

Faraor, ciallaíonn a chinneadh nach mbeidh Ó Sé ag dul chun páirce nuair a reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta i nGallarus an samhradh seo chugainn, rud a ghoilleann go mór air, ach tá neart cuimhní geala aige ar an bpáirc sin agus ar an gcumann ar chaith sé os cionn 30 bliain ag imirt dóibh.

“Cuimhním nuair a bhíos i mo leaid óg ag fás aníos, naoi mbliana d’aois, agus bhí orainn rothaíocht chun na traenála, seacht míle siar, seacht míle abhaile. Ba chuma báisteach nó í an ghrian ag taitneamh, théimis ar an rothar agus sin mar a bhí.

“Bhí Micheál Ó Sé agus Liam Ó Rócháin agus a leithéidí i mbun bainistíochta. Bhí Liam ag traenáil gach aon fhoireann agus tháinig Micheál isteach chun cabhrú leis. Bhí tionchar dochreidte ag Micheál orm agus bhí an t-ádh orm go raibh sé ina bhainisteoir orainn. Bhí blianta iontacha againn le chéile, Faoi-12, Faoi-14, Faoi-16, Mionúir. Bhí an beirt acu sin dochreidte ar fad.

“Bhuas mo chéad bhonn idirmheánach ansin i 1998 agus bhuas ceann eile anuraidh, ó 1998 go dtí 2017, beagnach 20 bliain ó bhuas mo chéad cheann go dtí an ceann deireanach. Bhí blianta iontacha agam agus bhaineas sárthaitneamh astu.”