Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

An-iomarca cumhachta ag Muineachán ar an Dún

Fintan Kelly agus Connaire Harrison i bPáirc an Chrócaigh.

Fintan Kelly agus Connaire Harrison i bPáirc an Chrócaigh.

**Le Conchúr Ó Sé **


D’éirigh le Muineachán coinne a chur in áirithe dóibh féin i gCluiche Cheathrú Ceannais na hÉireann don tseachtain seo chugainn tar éis dóibh buachan ar An Dún ar scór 1-24 go 1-16 i mbabhta 4B de Chraobhchomórtas Peile na hÉireann.

Cé go raibh farasbarr 8 bpointe idir na foirne faoi dheireadh an chluiche ba chluiche cóngarach a bhí ann leis an dá fhoireann sáinnithe ar chomhscór 1-09 an duine ag leatham tar éis do Mhuineachán breathnú rud beag marbhánta.

Chríochnaigh buachloch Mhuineachán, Conor McManus le 0-10 ach b’iarracht iontach foirne é dóibh uilig sa dara leath.

D’oscail fear na Botha, Darren Hughes, an scóráil do Mhuineachán sa chéad nóiméad, ag aimsiú ardscór lasmuigh dá chos deis. Lean a dheartháir, Kieran, a shampla, ag aimsiú an scóir dhíreach céanna nóiméad níos déanaí.

Bhí cúlbáire an Dúin, Michael Cunningham, ag buaileadh na cliatháin lena chuid ciceanna amach agus bhí an Dún ag bogadh na liathróide ar nós na gaoithe nuair a fhuaireadar é le Caolan Mooney agus captaen na foirne, Darragh O’Hanlon ag dul ar ruathar. D’aimsigh O’Hanlon an chéad scór ar son an Dúin as cic saor tar éis calaois ar Seán Dornan.

Bhí an scór i bhfábhar an Dúin tar éis 15 nóiméad 0-05 go 0-05 tar éis iarrachtaí iontacha ón oibrí crua, Shane Millar, agus an fear dáinséarach ó Glas Droimmáin, Connaire Harrison.

Bhí an Dún ag imirt formhór na peile sa chéad leath ach é sin ráite, choimeádadar Muineachán istigh sa chluiche toisc gur ghéilleadar 6 chiceanna saora sa chéad leath, cinn a  ghlac McManus Kieran Hughes go cíocrach leo. Leis sin bhí seans ar chúl acu trí Kevin McKernan nuair a bhris sé tríd chosaint fhíochmhar Mhuineachán ach ní raibh sé ábalta an liathróid  chur isteach ann ach oiread, ag seoladh a iarrachta ar seachrán.

Bhí Muineachán ag streachailt thart timpeall lár na páirce leis an Dún ag bailiú formhór na seilbhe trí Conor Maginn, Mooney, Millar agus Turley. D’aimsigh Maginn scór scannalach amuigh in aice na taobhlíne ag baint úsáide as an taobh amuigh dá chos deis agus ag seoladh na liathróide ag eitilt thar an trasnán.

Díreach roimh leatham, d’aimsigh an dá thaobh cúl dóibh féin. Bhuail Muineachán an chéad bhuile ar dtús trí chosantóir Chluain Eois, Fintan Kelly, ag slíomú suas na páirce chun pas Shane Carey a bhailiú agus an liathróid a chur go hard isteach san eangach. D’fhreagair an Dún beagnach láithreach, le Harrison ag cur na liathróide go híseal faoi Rory Beggan tar éis oibre mhaith arís ó Maginn.

B’fheidir go raibh tionchar ag focail bhainisteoir Mhuineachán, Malachy O’Rourke ar a fhoireann ag leatham mar thángadar go mór chun cinn sa dara leath le McManus ag scóráil arís eile ó chic saor. Lean na scóir ag teacht dóibh trí Kieran Hughes, Ryan Wylie agus Jack McCarron, a thainig chun páirce ag leatham mar ionadaí do Shane Carey.

Ba leir go raibh tionchar níos fearr ag binse O’Rourke ar an gcluiche le Conor McCarthy, Owen Duffy agus Jack McCarron ar barr a gcuid mhaithisí, D’éirigh le Muineachán bearna a chur eatarthu féin agus an Dún agus ní raibh fir na Beanna Boirche ábalta an bhearna seo a laghdú a dhóthain cé gur scóráil an bheirt deartháireacha Johnston, Harrison, Maginn, David McKibbin agus McKernan dóibh.

Bhí seansanna ag an Dún sa chéad leath ach ní raibheadar maith go leor tar éis leatham agus cuirfidh sé seo isteach go mór ar an mbainisteoir Éamonn Burns.

Jab déanta ag foireann Malachy O’Rourke agus iad ar ais i gCluiche Cheathrú cheannais an tseachtain seo chugainn i gceanncheathrú CLG agus beidh sé sásta leis seo, go háirithe tar éis dóibh tosú go mall. Cuirfidh an dara leath ríméad air ach tuigfidh sé go bhfuil ar Mhuineachán go leor oibre a dhéanamh an chéad lá eile le dul isteach go dtí an cluiche leathcheannais.