Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Cluiche tábhachtach i bPáirc Tailteann

Graham Reilly agus Andy McEntee.

Graham Reilly agus Andy McEntee.

Buaileann contaetha na Mí agus Dhún na nGall Dé Satharn beag seo i mbabhta 3A de bhabhtaí cáilithe de Chraobhchomórtas na hÉireann i bPáirc Táilteann san Uaimh.

Is fíor le rá gur chluiche fíorthábhachtach é seo don dá chontae agus iad ag iarraidh loingsiú trí stoirmeacha na mbabhtaí cáilithe seo ar mhaithe lena gcuid foirne a threisiú agus iad dóchasach faoina gcuid peile a imirt isteach go mí Lúnasa.

Tá líon mór ceisteanna croctha os cionn na foirne seo, cén fáth nach bhfuil Dún na nGall ábalta aithris a dhéanamh ar na taispeántais a thugadar le linn réimis Jim McGuinness agus cén fáth go raibh siad chomh dona sin i gcoinne Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais Uladh agus arís eile i gcoinne Longfoirt sa bhabhta deireannach?

Ceist mhór a bheidh ag déanamh scime do bhainisteoir na Mí, Andy McEntee, ná cén fáth go bhfuil sé chúl géillte acu i 3 chluiche an samhradh seo? Anuas ar seo, bhí an t-ádh orthu i gcoinne chontae Shligigh an lá faoi dheireadh ag dul chun tosaigh le 5 nóiméad fágtha ar an gclog. Sé an cheist is mó do McEntee ná cén chaoi a leagfaidh sé amach a líne lánchúil, a ghéill 2-07 ón imirt i gcoinne Chill Dara i gcúige Laighean agus a ghéill 3 chúl i gcoinne chontae Lú.

Níl aon amhras ann go bhfuil laigeachtaí ag na foirne seo agus go mbeidh an dá bhainisteoir ag díriú isteach ar bhealaí iad a shaothrú.

Cé go bhfuil sé de nós ag Dún na nGall foirne a dhúnadh amach uathu is í an fhadhb is mó a bhaineann leo ná nach n-aimsíonn siad dóthain scóranna. I gcoinne Longfoirt níor scóráil siad ach 0-12, le 0-05 ag teacht ón imirt. Is beag an aisíoca é sin ó fhoireann ina bhfuil imreoirí iontacha ar nós Paddy McBrearty agus duine de na himreoirí is fearr in Éirinn, Michael Murphy.

D’fhéadfaí a rá go raibh go leor iarrachtaí cruthaithe acu ceart go leor, ach bhí easpa cruinnis ag baint leo toisc gur chuireadar 15 acu ar seachrán faoi dheireadh an chluiche. Is dócha go bhfuil Rory Gallagher ag iarraidh taithí agus ceannaireacht Mhichael Murphy a choimeád amuigh i lár na páirce chun na himreoirí óga ar nós Eoghan Ban Gallagher agus Jason McGee a spreagadh, ach, de bharr seo fágtar Dún na nGall rud beag maol chun tosaigh le McBrearty ag iarraidh ualach na scór a iompú. Fiú i gcoinne Thír Eoghain, as an 1-12 a aimsigh siad, fuaireadar 1-6 ón imirt, rud a léiríonn go soiléir dúinn nach bhfuil go leor scóranna á aimsiú acu.

Nuair a d’imir siad i gcoinne Thír Eoghain, bhí go leor imreoirí siar acu taobh thiar den slad 45 méadar, ach é sin ráite, ní raibh an dianas céanna sna taicil is a bhíodh le blianta beaga anuas. Sheasadar siar ó imreoirí Thír Eoghain, rud a lig dóibh pasanna a phiocadh agus deiseanna ar chúil a chruthú go h-éasca. Beidh Dún na nGall ag iarraidh stop a chur leis seo agus filleadh ar ais ar na bunphrionsabail a thóg chun ráithe iad ar nós iarrachta, níos mó oibre, a bheith níos déine san taicil, agus Michael Murphy a chur isteach ar imeall na cearnóige.

I gcoinne Shligigh an lá faoi dheireadh, tháinig an Mhí chun cinn sa tréimhse dheireannach den chluiche, le Mickey Newman ag teacht ón mbinse le dhá scór a aimsiú ó chiceanna saora chun an Mhí a stiúradh i dtreo Bhabhta 3A. Ina gcuid cluichí go dtí seo bhí foireann na Mí foighneach ina gcuid imirt, le captaen na foirne, Graham Reilly, ag teacht amach na páirce chun cabhrú lena imreoirí lár páirce. Is é an tréith is mó atá ag an Mhí ná go bhfuil luas acu ar fud na páirce, go mór mór thuas chun tosaigh le Reilly, Cillian O’Sullivan agus Dónal Lenihan, agus dá rithfidís i gcoinne chosanta Dhún na nGall, d’fhéadfaí fadhbanna a chruthú dóibh. Beidh orthu teacht aníos le córas éigin chun stop a chur le géilleadh na gcúl agus ní bheidh ionadh orm dá gcuirfeadh Andy McEntee cosantóir thuas chun tosaigh le teacht siar chun seasamh os comhair a líne lánchúil. Beidh le feiceáil.

Rachaidh an fhoireann a thagann suas leis na freagraí cearta ar na ceisteanna seo isteach go Babhta 4A ar 22 Iúil.