Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Kieran Donaghy agus Alan O Connor san ath imirt i 2015.
Kieran Donaghy agus Alan O Connor san ath imirt i 2015.

Cluiche Ceannais Peile Chúige Mumhan


Conchúr Ó Sé

Casann an dá naimhde Muimhneach ar a chéile arís i gCill Áirne Dé Domhnach beag seo nuair a tharraingíonn Corcaigh i dtreo Chiarraí i gcluiche ceannais peile na Mumhan. Beidh Ciarraí ag iarraidh an choirn a choimeád sa chontae don chúigiú bhliain as a chéile.

Cé go mbreathnaíonn sé ar an dromchla go bhfuil an bearna idir an dá chontae ag leathnú, le Ciarraí ag teacht chun cinn ar Chorcaigh le blianta beaga anuas, go hiondúil, leis an gcluiche speisialta seo ní bhíonn tionchar ar bith ag an bhfoirm a bhí ag an dá fhoireann sna cluichí a thagann roimhe.

Ba é 2015 an uair dheireannach a ndeachaigh Corcaigh agus Ciarraí in adharca ar a chéile, agus cé gurbh iad Ciarraí a bhí mar sheaimpíní Uile-Éireann an bhliain roimhe, thóg foireann Brian Cuthbert go cluiche athimeartha iad, áit a bhuaigh Ciarraí orthu ar scór 1-11 go 1-06.

Chríochnaigh an chéad chluiche sin ar scór 2-15 do Chiarraí agus 3-12 do Chorcaigh, agus cé nár tugadh mórán dóchais do Na Reibiliúnaigh roimh thús an chluiche sin toisc gur chailleadar le dhá phointe déag i gcoinne Na Ríochta sa bhliain 2014, d’éirigh leo an dallamullóg a tharraingt ar an tír uilig agus comhscór a fháil le hAlan O’Connor mar chuid lárnach d’imirt Chorcaí ar an lá úd sin.

I mbliana, tá cuma difriúil ar an scéal. Cé nár chóir a bheith ag díriú an-iomarca ar fhoirm an dá chontae roimh an gcluiche seo, is cóir é a dhéanamh.

Níl dabht ar bith ann go bhfuil trúpaí bhainisteoir Chorcaí, Peader Healy, ag fulaingt i mbliana, agus is cosúil go bhfuil géarchéim muiníne tar éis teacht orthu. Níor bhreathnaigh siad go rómhaith i gcoinne Phort Láirge sa chluiche ceathrú ceannais, ag buacaint le pointe amháin orthu, ach ba i gcluiche leathcheannais na Mumhan, i gcoinne Thiobraid Árann bhíodar dochreidte dona.

Níor éirigh leo ach scór amháin a aimsiú sa chéad leath agus bhí an cuma orthu nach raibh cliú dá laghad acu conas cosaint fhíochmar Thiobraid Árann a bhriseadh síos. Sheas captain na foirne, Paul Kerrigan suas arís agus arís eile ag déanamh iarrachta an imirt a stiúradh agus seansanna a chruthú. Tháinig fear Ballydesmond, Donncha O’Connor, ón mbinse agus léirigh sé a chuid thaithí ag aimsiú scóranna.

Is é an dea-rud do Chorcaigh ar ndóigh ná gur éirigh leo an bua a fháil agus iad ag imirt go dona. Léirigh siad a gcuid righnis mar fhoireann nuair a chuadar taobh thiar de Thiobraid Árann sa 69ú nóiméad mar seasca soicind i ndiaidh dóibh cúl a ghéilleadh, d’aimsigh siad cúl iad féin trí Luke Connolly agus bhuadar le pointe amháin 1-10 go 1-09.

Tagann Ciarraí isteach sa chluiche seo tar éis an lámh in uachtar a fháil ar chontae an Chláir ar scór 1-18 go 1-12. Ba é sin an chéad uair a d’imir siad ó bhuaigh siad Roinn 1 de shraith Allianz i gcoinne Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh i mí Aibreán agus bhreathnaigh sé uaireanta go raibh meirg tagtha ar a gcuid peile. Bhíodar leibhéal leis an gClár ag leatham leis an leaththosaigh cumhachtach, Donnchadh Walsh, curtha ón bpáirc.

Faoi dheireadh, tháinig Ciarraí amach sa dara leath ag scóráil trí phointe dhéag agus ag géilleadh 0-04, le formhór na bpointí dóibh ag teacht trí bhuataisí James O’Donoghue agus Paul Geaney. D’oibrigh an bheirt go maith isteach sa líne lán-tosaigh agus má fhanann an bheirt seo aclaí beidh tionchar mór ag foireann Éamonn Fitzmaurice le linn an tsamhraidh.

Cuirfidh Éamonn Fitzmaurice fáilte mhór roimh David Moran, a bhfuil ag teacht ar ais ó ghortú colpa; níor imir sé an lá faoi dheireadh.

Is dócha go gcuirfidh Ciarraí Shane Enright ar Cholm O’Neill chun é a choimeád ciúin le Peter Crowley ag piocadh suas Mark Collins, a bhí inspioráideach as an mbinse do Chorcaigh an lá faoi dheireadh. Dá n-imreodh Corcaigh mar a d’imir siad sa dara leath an lá faoi dheireadh, gan imní ar bith orthu agus ag cur na liathróide isteach fada go O’Neill agus Connolly, tabharfaidh siad cluiche do Chiarraí. Sílim féin áfach go bhfuil an-iomarca airtléire agus scil ag Ciarraí chun tosaigh agus ba chóir go stiúrfadh sé seo thar an líne iad. Níl a fhios ag éinne cén saghas taispeántas a chuirfidh Corcaigh ar fáil Dé Domhnach ach ceapaim go n-imreoidh siad níos fearr ná mar a d’imir siad go dtí seo,  beidh lucht leanúna Chorcaí ag súil leis seo.

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions