Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Bua maith ag Baile Átha Cliath

Dean Rock agus Paul Mannion ag céiliúradh.

Dean Rock agus Paul Mannion ag céiliúradh.

Chuir Baile Átha Cliath áit i gcluiche Leathcheannais na hÉireann in áirithe dóibh féin ag buachan ar Mhuineachán ar scór 1-19 go 0-12 os comhair 82,300 duine inniu i bPáirc an Chrócaigh. Leis seo casfaidh siad ar Thír Eoghain sa chéad bhabhta eile tar éis dóibh buachan ar a gcomharsan, Ard Mhacha sa chéad chluiche inniu.

Ba iad Baile Átha Cliath a d’imigh chun cinn ón am a chaith an réiteoir, Conor Lane, an liathróid isteach chun an cluiche a thosú, ag aimsiú an chéad scór trí chiteog Paul Mannion, le fear Cill Mochuda na Crócaigh ag scóráil ó uillinn ghéar. Chuir Paddy Andrews leis seo chun Áth Cliath a chuir dhá phointe chun tosaigh.

D’fhreagair Muineachán sa chúigiú nóiméad chun an chéad scór dóibh féin a fháil trí bhuachloch na foirne, Conor McManus.

Cé gur choimeádeadar Jack McCarron agus Conor McManus i ngiorracht don chúl shíothlaigh Muineachán go leor imreoirí ar ais chun deileáil leis na dáinseirí éagsúla a bhfuil mar chuid d’fhoireann Jim Gavin ach bhí Áth Cliath róghlic dóibh, ag bogadh na liathróide anon is anall trasna na páirce agus ag fanacht ar na bearnaí le hoscailt i gcosaint fhoireann Malachy O’Rourke.

Tar éis scór Mhuineacháin, níor aimsigh siad scór eile go dtí an tríochú nóiméad trí chaptaen na foirne, Colin Walshe ag dul ar ruathar suas na páirce ón líne leathchúil. Idir an dá linn, thosaigh Áth  Cliath ag méadú le líon na scóranna a bhí acu.

Bhí Dean Rock iontach cruinn ó chiceanna saor agus faoi leatham bhí cúig phointe uathu aimsithe aige. Ba léir go raibh an-luas ar fad ag Áth Cliath thart timpeall lár na páirce le briseadh tríd chosaint fhíochmhar Mhuineacháin le Jack McCaffrey agus James McCarthy ag scóráil pointí. Tar éis 25 nóiméad léigh an scór 0-08 go 0-01 i bhfábhar fhir na príomhchathrach.

Fuair Muineachán scóranna ó Walshe agus Karl O’Connell roimh leatham chun an bearna a laghdú beagán ach ní raibh tosaithe Mhuineacháin ag fáil mórán spáis le himirt ó Philly McMahon, Jonny Cooper agus Cian O’Sullivan, a bhí ar ais mar scuabadóir, ag athrú róil ó am go chéile le Cooper. Faoi leatham bhí Áth Cliath 0-11 go 0-03 chun tosaigh.

Cuireadh deireadh le haon seans de theacht aniar Mhuineacháin ag tús an darna leath nuair a bhailigh Paddy Andrews pas ard isteach, ag léim ag casadh agus ag seoladh na liathróide trasna na cearnóige go dtí Dean Rock, ag cur na liathróide isteach in eangach Rory Beggan le bos na láimhe’s aige.

Bhí Muineachán tar éis an chéad scór a aimsiú ach lean na scóir ag teacht d’fhoireann Gavin le hAndrews ag aimsiú dhá cheann agus Rock ag aimsiú cúl agus pointe. Tháinig an t-ionadaí iontach, Conor McCarthy, ar an bpáirc do Mhuineachán agus bhí 0-02 faighte aige laistigh de dheich nóiméad, rud a mhúsclaíonn an cheist nár thosaigh O’Rourke é.

Le 55 nóiméad ar an gclog léigh an scór 1-17 go 0-07. Bhí seansanna ag an dá thaobh ar chúil, le Steven Cluxton, a bhain an t-éacht iontach amach mar an t-imreoir leis an líon is mó cluichí i gCraobhChomórtas na hÉireann imeartha aige inniu, ag sábháil iarrachta láidir Jack McCarron agus Rory Beggan ag sábháil cheann fíochmhar ón ionadaí, Bernard Brogan.

Faoi 62 nóiméad bhí an scór 1-18 go 0-09 agus lean an cluiche leis an bpatrún céanna le Muineachán ag aimsiú scóir trí Ryan McAnespie agus dhá chiceanna saora ó fhear Chluain Tiobraid, Conor McManus. D’fholmhaigh an dá bhainisteoir a gcuid binsí le Jim Gavin ag iarraidh am imeartha a thabhairt do leitheidí Paul Flynn agus Michael Darragh MacAuley a thainig ar ais ó ghortuithe agus Malachy O’Rourke ag iarraidh cursaí a thiontú i bhfábhar a foirne ach bhí an damaiste déanta faoin tráth seo agus bhuaigh Áth Cliath go h-éasca faoi dheireadh

Buailfidh Áth Cliath le Tír Eoghain ag deireadh na míosa i gcluiche Leathcheannais peile na hÉireann.