Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Football

football

Áth Cliath tríd go Cluiche Ceannais Craobh Laighean

Eoghan O Gara

Eoghan O Gara

Cluiche leathcheannais Peile Chúige Laighean Áth Cliath 4-29 An Iarmhí 0-10

By Conchúr Ó Sé

D’éirigh le peileadóirí Bhaile Átha Cliath an bua a fháil thar fhoireann na hIarmhí ar scór 4-29 go 0-10 tráthnóna inniu i bPáirc an Chrócaigh.

Imríodh an cluiche os comhair slua de 33,370 duine agus ba léir do chuile dhuine dóibh faoi dheireadh gur sheol Áth Cliath teachtaireacht mhór láidir timpeall na tíre nach bhfuileadar chun scaoileadh lena chuid Craobhanna Uile-Éireann agus Laighean go h-éasca.

Is minic a labhraíonn bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, faoi na próisis éagsúla a leanann peileadóirí na príomhchathrach agus ba léir gur leanadar iad agus iad ag ullmhú don chluiche seo mar thosaigh siad le luas lasrach.

Bhreathnaigh siad i bhfad níos compordach i bPáirc an Chrócaigh ná mar a bhreathnaíodar thíos i bPortlaoise sa chluiche deireannach le Con O’Callaghan ag aimsiú an chéad scór laistigh de tríocha soicind.

D’fhreagair foireann na hIarmhí ar an toirt trí John Heslin ag léiriú a chuid scileanna uilig ag gabháil an liathróid amach ón aer agus ag casadh go cliste ar Cian O’Sullivan chun an liathróid a chur thar an trasnán.

Bhí sé soiléir ón tús go raibh béim mhór curtha ar ionsaithe ag an dá fhoireann mar tháinig go leor scóranna ón dá fhoireann sa chéad 15 nóiméad; cinn Átha Cliath ag teacht trí bhuataisí Andrews, Rock agus O’Callaghan arís agus cinn na hIarmhí ag teacht trí iarrachtaí ó Kieran Martin, a thosaigh go beomhar, agus Paul Sharry.

Nuair a lig an Iarmhí an liathróid isteach go Heslin agus Martin bhí fadhbanna á chruthú ag an mbeirt do líne lán-chúil Bhaile Átha Cliath ach b’annamh a cuireadh isteach é, i gcomparáid le peileadóirí Átha Cliath, a bhí ag scaoileadh leis agus ag baint leasa as luas O’Callaghan agus Niall Scully ag imeacht ar ruathar suas na páirce ón líne leath-chúil.

Ghearr Baile Átha Cliath trí chosaint na hIarmhí sa 27ú nóiméad nuair a d’imigh an cosantóir Eric Lowndes leis an liathróid suas na páirce chun é a chur trasna na cearnóige go Dean Rock, a sheol isteach san eangach le haghaidh chúil.

Lean na scóranna ag teacht leo le Dean Rock, Ciarán Kilkenny agus an t-imreoir beomhar, Paul Mannion á n-aimsiú. D’imigh an spiorad ó pheileadóirí na hIarmhí i ndiaidh seo mar níor éirigh leo scór a aimsiú sular shéid an réiteoir, Conor Lane a fheadóg le haghaidh leathama agus faoin am seo bhí an scór 1-15 go 0-05 i bhfábhar Bhaile Átha Cliath.

Lean an cluiche leis an bpatrún céanna ag tús an dara leath le Mannion ag scóráil dhá phointe as a chéile ar a chiteog agus Dean Rock ag aimsiú cic saor. Le 42 nóiméad ar an gclog fuair Kieran Martin scór den scoth don Iarmhí, ag casadh go slachtmhar agus ag seoladh na liathróide thar trasnán Steven Cluxton.

Tháinig fear Templeogue Synge Street, Eoghan O’Gara ar mar ionadaí do Paddy Andrews ag leath am agus d’éirigh leis cúl álainn a fhail, ag piocadh liathróide amach ón spéir, ag casadh, agus ag scóráil roicéad isteach go díon chúlbháire Darren Quinn.

Thosaigh bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin, agus a chontrapháirt ar an taobhlíne, Jim Gavin, ag baint úsáide as a gcuid binsí le Bernard Brogan, Kevin McManamon, ag teacht ar an bpáirc d’fhir na príomhchathrach agus Callum McCormack, Shane Corcoran agus Denis Glennon ag teacht ar do Chontae na Lochanna.

Nuair a tháinig Paul Sharry as sa 58ú nóiméad bhí port na hIarmhí seinnte lena himreoirí ag tabhairt i bhfad an-iomarca spáis do thosaithe Átha Cliath le scóranna éasca a aimsiú, agus léiríodh seo nuair a rith Ciarán Kilkenny thar triúr cosantóirí chun an liathróid a chiceáil go láidir isteach i gcúl na hIarmhí.

Bhí éifeacht ag binse Áth Cliath le Brogan, O’Gara agus McManamon ag imirt go maith chun tosaigh, le McManamon ag aimsiú chúl le nóiméad fágtha. Chríochnaigh an cluiche ar scór 4-29 go 0-10 do Bhaile Átha Cliath, fanann Cill Dara dóibh anois i gCraobh Laighean.

Don Iarmhí, tá go leor ceisteanna fúthú anois ach tá na himreoirí acu le feachtas laidir a bheith acu sa chúldoras. Don dá chontae is féidir a rá anois go bhfuil beocht sa dóchas, ach go bhfuil aidhmeanna difriúla acu le bheith dóchasach faoi.

Scórálaí d'Áth Cliath: Dean Rock 1-5 (0-2 45, 0-3f), Paul Mannion 0-8,  Ciaran Kilkenny 1-3, Kevin McManamon 1-1, Eoghan O'Gara 1-0, Con O'Callaghan 0-3, Paddy Andrews 0-2, Bernard Brogan 0-2 (0-1f), Bryan Fenton 0-2, Shane Carthy 0-2, Jack McCaffrey 0-1.

Scórálaí don Iarmhí**: **John Heslin 0-4 (0-2f), Kieran Martin 0-3, John Egan 0-2, Ger Egan 0-1.

Áth Cliath: Stephen Cluxton; Cian O'Sullivan, Michael Fitzsimons, Darren Daly; Eric Lowndes, Jonny Cooper, Jack McCaffrey; Brian Fenton, James McCarthy; Ciaran Kilkenny, Con O'Callaghan, Niall Scully; Dean Rock, Paddy Andrews, Paul Mannion. Subs: Eoghan O'Gara for Andrews h/t, Shane Carthy for Cooper 44, David Byrne for Fitzsimons 44, Bernard Brogan for Rock 47, Kevin McManamon for Scully 47, Brian Howard for O'Callaghan 61.

An Iarmhí: ​Darren Quinn; Jamie Gonoud, Kevin Maguire, Frank Boyle; David Lynch, Killian Daly, James Dolan; Ger Egan, Alan Gaughan; John Egan, Paul Sharry, Callum McCormack; Mark McCallon, Kieran Martin, John Heslin. Subs: Noel Mulligan for Gaughan h/t, Kelvin Reilly for McCormack 49, Cormac Boyle for Daly 50, Shane Corcoran for J Egan 53, Denis Glennon for Sharry 57, Alan Stone for Lynch 65. Mulligan black card 67.

Réiteoir: Conor Lane (Corcaigh).