Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG
Tá traidisiún, rath agus sár pheileadoirí ag an Dún.
Tá traidisiún, rath agus sár pheileadoirí ag an Dún.

An bhfuil peileadóirí an Dúin i mbun athbheochana?


Conchur Ó Sé.

Nuair a smaoinítear ar an Dún agus ar chúrsaí peile i gcontae an Dúin is iomaí rud a phreabann timpeall na hintinne; cosúil le traidisiún, rath agus sár pheileadoirí.

Seán O’Neill, Joe Lennon, James McCartan, Greg Blaney, Mickey Linden, Paddy O’Rourke, Martin Clarke agus Benny Coulter, seo iad cuid de na peileadóirí ab fhearr a d’imir peil ariamh. Cé gur imir siad ar fhoirne difriúla ag tréimhsí difriúla tá rud acu i gcoitinne; gur imríodar uilig ar son an Dúin.

Is é an Dún agus contae an Chabháin an dá chontae is rathúla i gCúige Uladh le 5 Chraobh Uile-Eireann buaite ag an dá chontae araon. Bhuadar Craobh Peile na hÉireann i ndiaidh an Chabháin sa bhliain 1960 den chéad uair agus chuir an éacht seo tús le ré órga don chontae. Bhuadar arís é an bhliain dar gcionn agus faoi dheireadh na 1960idí bhí corn Sam Maguire buaite acu don tríú huair le Joe Lennon ag tógáil an choirn ar ais i dtreo na mBeanna Boirche mar chaptaen na foirne sin.

Cuimhnítear go forleathan ar an bhfoireann sin mar cheann de na foirne ab fhearr a d’imir i ndathanna an Dúin, bhuadar sé Chraobh Ultacha agus trí Shraith NFL le linn na tréimhse sin chomh maith agus leag a leithéidí de Paddy Doherty, Kevin Mussen, James McCartan (Sinsir) agus Seán O’Neill, a bhfuil ar Fhoireann CLG na Mílaoise, síos an bhunchloch le haghaidh na foirne a bhí le teacht ina ndiaidh, foirne na 1990idí ach go háirithe.

Cé gur imigh chuile thabhairt ciúin ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus nár éirigh le foirne éagsúla an chontae aithris a dhéanamh ar éachtaí na foirne a tháinig rompu, thosaigh cúrsaí ag feabhsú arís eile le linn na 1990idí faoi mhaoirseacht Pete McGrath. Bhí McGrath mar bhainisteoir ar fhoireann na Mionúr a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 1987 agus bhí a leithéidí James McCartan (Sóisear) agus Conor Deegan ar an bhfoireann sin.

1991 agus 1994, dhá bhliain thábhachtacha don Dún, áit ar éirigh leo an soitheach naofa; corn Sam Maguire, a bhuacaint arís, ag fáil an lámh in uachtar thar chontae na Mí i 1991 agus Baile Átha Cliath i 1994. Bhí an pheil go smior i Mickey Linden sa chraobh i 1994 agus spreag a chuid taispeántais foireann Pete McGrath ar aghaidh chun an bua a fháil ar Áth Cliath ar scór 1-12 go 0-13, le Linden ag baint amach gradam Pheileadóra na Bliana an bhliain chéanna sin. Deárfainn nach ndéanfaidh muintir an Dúin dearmad ariamh ar chúl James McCartan sa chluiche ceannais  i 1994!

Ón tréimhse sin áfach tá meath tagtha ar chúrsaí peile sa chontae. Níl Craobh Uladh buaite acu ó 1994 agus cé gur éirigh leo Craobh Peile na hÉireann a bhaint amach i 2010, le James McCartan Sóisear mar bhainisteoir orthu chailleadar i gcoinne Chorcaí le pointe amháin sa difríocht eatarthu, 0-16 go 0-15. Ba é seo an chéad uair gur chaill an Dún i gcraobh peile sinsearach, rud a léiríonn an tréith atá acu éirí aníos ar an lá mór.

Ach, dá ndéanfá dearmad ar an bhfeachtas iontach sin i 2010 is fíor le rá go raibh peileadóirí an Dúin in ísle brí le tréimhse fhada anuas. Ach anois, tá cúrsaí ag tiontú arís agus tabharfaidh an Dún aghaidh ar Thír Eoghain i gCraobh Uladh i mí Iúil tar éis dóibh ionadh a chur ar gach duine ag buacaint ar fhoireann mhaith Mhuineachán an deireadh seachtaine seo caite.

Cé go raibh Muineachán ceannasach ag tús an chluiche, le Kieran Hughes ag deachtú na himeartha i lár na páirce, d’fhás an Dún isteach sa chluiche, agus nuair a bhíodar istigh, léirigh siad go bhfuil siad lán ábalta an fód a sheasamh i gcoinne foireann ar bith. Thug Connaire Harrison léargas den scoth ag uimhir 14, ag buacaint na liathróide chun tosaigh arís agus arís ar Drew Wylie, ag scóráil agus ag buacaint ciceanna saor le haghaidh Darragh O’Hanlon. Níor stop Shane Millar ag rith, thug léargas an chaptaein, Kevin McKernan inspioráid dá fhoireann agus tháinig an bheirt dheartháir ó Kilcoo, Jerome agus Ryan Johnston ar ais ón líne lán tosaigh arís agus arís eile chun aon bhearnaí spáis sa líne leathchúil a líonadh, rud a chruthaigh spás do Harrison an liathróid a ghabháil nuair a d’imigh an Dún ar an bhfrithionsaí.

Is cóir aitheantas a thabhairt de bhainisteoir na foirne, Eamon Burns, a stiúraigh a chuid fhir trí stoirmeacha luaithe na bliana: suas go dtí Márta na bliana seo chailleadar 14 cluiche as a cheile sa tsraith, i gCraobh Uladh agus i gCraobh na hÉireann ó bhuaigh siad ar chontae Laoise i Roinn 2 ar 5 Aibreán 2015. Faoi dheireadh an chluiche bhí tuirse orthu, ach níl aon ionadh faoi sin mar gheall ar an dianas a thógadar leo sna taicil. Beidh orthu é seo a thógáil leo i gcoinne fhoireann Mickey Harte an chéad lá eile.

Tá an muinín ag teach tar ais i bpeileadóirí an Dúin agus léirigh an taispeántas i gcoinne Mhuineachán é seo don tír uilig. An mbeadh an athbheochan seo rathúil go leor chun stop a chur le Tír Eoghain? Is in ithe na putóige a bhíonn a tastáil agus beidh le feiceáil i gceann coicíse.

Official Sponsors of the GAA Football All-Ireland Championship

Official Sponsors of the GAA Hurling All-Ireland Championship

Live Competitions